Deimhnithe ag Seo Linn nach bhfuil ainm an bhanna athraithe go ‘Here Us’!

Luadh an banna ceoil, faoin ainm ‘Here Us’ in alt a foilsíodh ar The Irish Times inniu faoi Ghradaim Cheoil Nós

Deimhnithe ag Seo Linn nach bhfuil ainm an bhanna athraithe go ‘Here Us’!

Dheimhnigh príomhamhránaí an bhanna ceoil Seo Linn, Stiofán Ó Fearail, do Tuairisc.ie tráthnóna nach bhfuil an banna tar éis a n-ainm a athrú go Béarla agus gur “faoin ainm Gaeilge a bhíonn agus a bheidh” siad ag obair.

Luadh an banna ceoil in alt a foilsíodh ar The Irish Times inniu faoi Ghradaim Cheoil Nós, a bheidh ar siúl sa Sugar Club i mBaile Átha Cliath an mhí seo chugainn.

Tagraíodh do bhuaiteoirí na bliana seo caite san alt, ina measc Eve Belle, Coláiste Lurgan agus “Here Us” — leagan aistrithe d’ainm an bhanna. Luaitear freisin an ceoltóir “Doimnic McBride” — nó Doimnic Mac Giolla Bhríde, iar-bhuaiteoir Chorn Uí Riada agus ceoltóir aitheanta as Gaoth Dobhair.

Times Seo Linn
Sliocht as alt ar ‘The Irish Times’ ina dtagraítear do ‘Here Us’ agus ‘Doimnic McBride’

Dúirt Ó Fearail le Tuairisc.ie gur baineadh gáire as nuair a chonaic sé go raibh Béarla curtha ag an nuachtán ar ainm an bhanna.

“Bhí sé greannmhar! Ní fhaca mé ná níor chuala mé ár n-ainm mar sin riamh. Níl mé maslaithe aige, i ndáiríre, ach tá ionadh orm. Doimnic McBride a thug siad ar Dhoimnic Mac Giolla Bhríde freisin — shíl mé go bhfágfadh an t-iriseoir na hainmneacha mar a bhí siad,” a dúirt sé.

Thóg Seo Linn a n-ainm ó líne atá i gceann de na hamhráin is mó a thaifead siad le Coláiste Lurgan ‘BEO Lurgan’ a eisíodh in 2012:

“Seo linn le chéile, can amach os ard é,

Seo linn d’aon ghuth amháin”

Dúirt Doimnic Mac Giolla Bhríde le Tuairisc.ie gur chuir sé “iontas” air gur bhac The Irish Times leagan Béarla dá shloinne a aimsiú.

“Cuireann sé iontas orm gur chuir siad Béarla ar Mhac Giolla Bhríde. Tá sé traidhfil aisteach, fosta, mar ní úsáidim McBride riamh, níl a fhios agam cá háit a bhfuair siad é. Ní thugtar McBride orm riamh, litrítear m’ainm ar dhóigheanna éagsúla ach ní chuirtear Béarla air.” a dúirt sé.

Dúirt sé, freisin, áfach, go raibh sé “breá cleachta” le deacrachtaí a bheith ag daoine lena ainm agus, lena theanga ina leathbhéal aige, go dtuigfeadh sé d’iriseoir a bhí ag iarraidh spáis ar an leathanach a shábháil trína shloinne “iontach fada” a sheachaint.

Tá an t-alt athraithe anois ag The Irish Times agus na hainmneacha cearta anois ann. Cuireadh agallamh ar Thomaí Ó Conghaile, eagarthóir Nós agus eagraí na nGradam, don alt, a chaith solas ar staid an cheoil nua-aimseartha Gaeilge. Mhínigh Ó Conghaile doTuairisc.ie gur “botún teicneolaíochta” ba chúis leis an mBéarlú.

“Rinne mé an t-agallamh le The Irish Times ar ríomhphost agus nuair a bhí an t-iriseoir ag iarraidh eolais faoi ghradaim na bliana seo caite, chuir mé cúpla alt a bhí ar Nós i mí Eanáir ar aghaidh chuige.

“Léigh sé na hailt sin le cúnamh Google Translate agus ba é Google a chuir Béarla ar chuid de na hainmneacha a luadh iontu. Ní raibh aon chalaois ná mailís ann agus ceartaíodh na meancóga a luaithe agus a cuireadh in iúl dóibh iad,” a dúirt sé.

Beidh Gradaim Cheoil Nós 2017 ar siúl ar an 20 Eanáir sa Sugar Club i mBaile Átha Cliath. Eagraíodh na gradaim den chéad uair sa láthair chéanna anuraidh agus bronnadh gradaim don amhrán, albam, banna, agus amhránaí Gaeilge is fearr, i measc duaiseanna eile.

“Cuireadh beagnach 30 amhrán nua-chumtha isteach i mbliana, i bhfad níos mó ná mar a cuireadh anuraidh. Léiríonn sé go bhfuil daoine amuigh ag cumadh i nGaeilge agus is dea-scéal go bhfuil ardú chomh suntasach sin tagtha ar líon na n-iarratas,” a dúirt Ó Conghaile.

Fág freagra ar 'Deimhnithe ag Seo Linn nach bhfuil ainm an bhanna athraithe go ‘Here Us’!'