Deichniúr ó threibh nach ndearnadh aon teagmháil léi roimhe seo maraithe ag mianadóirí sa Bhrasaíl

Dhúnmharaigh grúpa mianadóirí óir na daoine a bhí ag bailiú uibheacha cois abhann i gceantar iargúlta i bhforaois bháistí na hAmasóine

Tuairiscítear gur dúnmharaíodh deichniúr ó threibh dhúchais nach raibh aon teagmháil acu leis an domhan mór sa Bhrasaíl ag an deireadh seachtaine.

De réir tuairisce a foilsíodh ar The New York Times dhúnmharaigh grúpa mianadóirí óir na daoine a bhí ag bailiú uibheacha cois abhann i gceantar iargúlta i bhforaois bháistí na hAmasóine.

Tá fiosrúchán anois ar bun ag lucht dlí sa Bhrasaíl agus gearán oifigiúil déanta ag Funai, an ghníomhaireacht stáit a bhreathnaíonn i ndiaidh chúrsaí na mbundúchasach sa Bhrasaíl faoi na mianadóirí, a bhí “ag déanamh gaisce faoin dúnmharú” i dteach tábhairne in iarthuaisceart na tíre.

“Caint gháirsiúil, ghránna a bhí ann. Bhí siad ag maíomh as na coirp a ghearradh agus a chaitheamh san abhainn agus iad ag tabhairt le fios gur ceist ‘maraigh sula marófar thú’ a bhí ann,” a dúirt Leila Silvia Burger Sotto-Maoir, comhordaitheoir Funai do threibheanna atá ar bheagán teagmhála leis an saol amuigh.

Chuir Funai agallamh ar roinnt daoine sa bhaile inar chualathas na mianadóirí ag caint faoin eachtra an mhí seo caite agus tá an cás curtha ar aghaidh chuig póilíní na Brasaíle anois.

Dúirt Sotto-Maoir go bhfuil “go leor fianaise” ann ach go gcaithfear an cás a chruthú fós.

Tuairiscítear gur in Vale do Javari, an dara tearmann is mó atá ann do bhundúchasaigh na Brasaíle, a tharla an dúnmharú. Dúirt Pablo Luz de Beltrand, atá i gceann an cháis atá á thabhairt in aghaidh na mianadóirí go bhfuil fairsinge an cheantair agus deacrachtaí rochtana ag cur isteach ar an bhfiosrúchán.

“Níl aon teagmháil déanta leis na treibheanna seo — níl ach mioneolas fánach ag Funai féin fúthu. Is obair dheacair í, mar sin, agus teastaíonn comhoibriú ó go leor ranna rialtais lena cur i gcrích,” a dúirt sé.

Is í seo an dara heachtra dhúnmharaithe atá á fiosrú ag Funai i mbliana. Tá an fiosrúchán eile, faoi bhundúchasaigh a dúnmharaíodh mí Feabhra, fós ar bun. Dúirt Beltrand nár tharla a leithéid sa cheantar áirithe seo cheana.

Tá imní ar an eagraíocht idirnáisiúnta Survival International go bhfuil dochar mór déanta don treibh agus deichniúr ball maraithe. Maíonn an eagraíocht sin gur minic nach mbíonn mórán daoine sna treibheanna seo agus go bhféadfadh gur “céatadán suntasach” den phobal a maraíodh.

“Má chruthaítear na tuairiscí san fhiosrúchán seo, is deimhniú a bheidh ann gur tharla ár cinedhíothach eile mar gheall ar theip rialtas na Brasaíle treibheanna iargúlta a chosaint — cosaint a dhearbhaítear sa Bhunreacht,” a dúirt Sarah Shenker ó Survival International.

Tá coimhlintí talún ag éirí an-choitianta i gceantair iargúlta na Brasaíle le tamall anuas agus tá treibheanna dúchais, oibrithe tuaithe agus gníomhaithe talún á n-ionsaí. Maraíodh 50 duine faoi dheireadh mhí Iúil 2017, i gcomparáid le 61 duine ó thús deireadh 2016.

Cuirtear an milleán ar oifigigh rialtais nó ar na póilíní i roinnt cásanna. Tá fiosrúchán ar bun faoi ruathar a thug na póilíní ar ghrúpa gníomhaithe inar maraíodh deichniúr gníomhaithe.

Tá imní ar leithéidí Shenker gurb iad na treibheanna dúchais, go háirithe na treibheanna sin nach bhfuil aon teagmháil déanta leo go fóill, na grúpaí is leochailí i gcoimhlintí talún.

“Nuair a thugtar cosaint dá ndúiche, maireann siad faoi bhláth, ach nuair a ionsaítear an dúiche sin, déantar léirscrios orthu,” a mhaígh sí.

Fág freagra ar 'Deichniúr ó threibh nach ndearnadh aon teagmháil léi roimhe seo maraithe ag mianadóirí sa Bhrasaíl'