‘Dearbhú claonta’ Joe Brolly agus culaith snúcair Thomáis Uí Shé

Idir chulaith snúcair Thomáis Uí Shé agus chabaireacht Joe Brolly tá borradh faoi bhiaiste CLG an tsamhraidh

Joe Brolly

Táthar i gcorplár na gcraobhchomórtas caide agus iománaíochta gan aon agó agus meitheal an dá Sunday Game (RTÉ 2, inné) i lár an aonaigh. Cé gurb iad na cluichí ceannais buaicphointí na bliana, gan amhras, seo hí an tréimhse is ansa liom féin: cluichí ceannais na gcúigí, raidhse cluichí cáilithe agus deireadh seachtaine na gcluichí ceathrú ceannais sa chaid ag teannadh linn.

Bhí dornán cluichí cáilithe sa chaid agus sna camáin an deireadh seachtaine seo ach ba iad Cluiche Ceannais na Mumhan sa chaid agus Cluiche Ceannais Laighean sna camáin na buaicphointí ag an deireadh seachtaine agus an pobal ag súil go gcuirfí an lasair sa bharrach. Tháinig an tuar faoin tairngreacht mar go raibh cluichí den scoth againn.

Tá a’ fhios ag RTÉ anois nach bhfuil an pháirc chucu féin acu a thuilleadh agus leithéidí Sky ag baint na sála díobh. Táid tar éis luí amach orthu le tamall agus is maith liom na míreanna beaga snasta a chuirtear le chéile roimh na cluichí.

Sunday Game

Ba iad Joe Brolly na cabaireachta agus Colm O’Rourke a bhí sna cathaoireacha anailíse roimh an gcluiche caide. Thugadar íde na muc agus na madraí do Chorcaigh, á rá nach raibh iontu ach meatachán nuair a thagann an crú ar an tairne.

Dar liom go rabhadar ródhian ar fad orthu, go mórmhór ós rud é gur imreoirí amaitéaracha iad. Is léir faoin dtráth seo go mbíonn an dearbhú claonta (confirmation bias) le feiscint in anailís Brolly, go dtosaíonn sé lena thátal agus oibríonn sé siar uaidh sin. Nó, i bhfocail eile, cíonn sé an rud go dteastaíonn uaidh a fheiscint. Chaith Tomás Ó Sé luach a leathphingine isteach i rith na seachtaine, á rá go raibh Corcaigh gan stiúir gan cheannaireacht. Ba mhisniúil an sleais é, go mórmhór do Chiarraíoch atá buailte fé i gCorcaigh agus ag imirt chaide le Nemo. Bhí sé nach mór chomh misniúil leis an gcinneadh a dhein sé culaith snúcair a chaitheamh ar an Sunday Game an tseachtain seo caite. Má leanann sé air mar seo beidh sé ar Barr Smaise againn. Is diabhal an claochlú é do dhuine a bhí chomh seachantach agus beagfhoclach nuair a bhí iall á cur i mbróg caide aige.

In ainneoin gheocaíola na meán, thuig madraí an bhaile go mbeadh piobar faoi dtóineanna na gCorcaíoch agus luífidís isteach sna Ciarraígh, rud a tharla. Bhí cad é bús faoi fhir ionaid na gCiarraíoch agus ní raibh an oiread sin de thionchar acu nuair a thángadar chun páirce agus an cluiche idir dhá cheann na meá. Bhí sé go hiontach draoi Chill Áirne, Colm Cooper, a fheiscint ag filleadh agus thug sé ardú meanman don slua. I ndeireadh na dála bhí an t-ádh le Ciarraí na cosa a thabhairt leo, a bhuíochas sin do chic pionóis a raibh cuma amhrasach go maith air. Agus an dá nóiméad den am cúitimh caite, thug Fionn Fitzgerald faoi phointe an chomhscóir. ‘That’s balls,’ a deir Martin Carney a bhíonn chomh ceartaiseach ina chuid cainte de ghnáth.

Bhí lucht na gcamán (Tomás Mulcahy, Michael Duignan agus Liam Sheedy) i bhfad níos tomhaiste agus meáite ina gcuid cainte faoin gcluiche idir Gaillimh agus Cill Chainnigh. Ní raibh an chuma riamh ar an gcluiche seo go gcaillfeadh Cill Chainnigh é ach chúitigh báide Canning ann féin praghas an ticéid. Mar Chiarraíoch tá súil ghéar á coimeád agam ar na camáin i mbliana, agus ar Chúige Laighean ach go háirithe, mar go mbeidh fir na Ríochta san iomaíocht ann an bhliain seo chugainn. Ba dhóbair gur thacht comhfhreagraí spóirt an tí seo ar a mhaide pint nuair a mhaíos le déanaí go bhfuil Ciarraí ar cheann de na contaetha iománaíochta is fearr sa tír (an 15 is fearr ar aon nós). B’fhéidir nach é Brolly amháin atá ag fulaingt leis an ndearbhú claonta.

Fág freagra ar '‘Dearbhú claonta’ Joe Brolly agus culaith snúcair Thomáis Uí Shé'

  • Concubhar

    “nuair a bhí iall á cur i mbróg caide é.” An leagan eile Duibhneach é seo? Dar liomsa bheadh ‘aige’ in áít ‘é’…..

  • alan

    Alt an-mhaith ó Bhreandán. Is léir go bhfuil T. Ó Sé tagtha chun coinnlíochta mar fhear agus mar shíofróir ó bhog sé amach i measc na gCorcaíoch! An sáiteán sin a thug sé faoi na Corcaígh is léir gur chuir sé tine ar a gcraiceann agus fíoch san imirt acu. Ba mhór an chabhair é dá bhféadfadh sé priocadh eile den sórt céanna ach níos gangaidí a thabhairt orthu don athimirt. Sky ag baint na speireacha de RTE ach sinne atá ar uireasa Sky agus/nó nach mian linn tigh a’ tábhairne a thabhairt orainn féin, t’réis casadh thar n-ais ar an raidio anois arís. Ach an bhfágfar againn an t-earra sin féin gan díolaíocht a lorg air amach anseo?