Dearadh eile de gheansaí Árann dírithe ar mhargadh Mheiriceá

Spré faighte ag an dearthóir ó dhathanna na farraige, na trá agus na gcnoc…i nDún na nGall!

Dearadh eile de gheansaí Árann dírithe ar mhargadh Mheiriceá

Anois agus borradh ag teacht faoi thurasóireacht an tsamhraidh, beidh táirge amháin a mbeidh éileamh mór air arís, mar a bhíonn gach bliain, ag cuairteoirí a thagann anseo – geansaithe Árann.  Samhlaítear an geansaí cáiliúil chomh mór sin leis an tír seo gur mian le turasóirí i gcónaí, go háirithe iadsan as Meiriceá Thuaidh, roinnt acu a thabhairt abhaile leo mar chuimhneachán ar a gcuid saoire anseo.

Tá cáil na ngeansaithe as Árainn scaipthe go forleathan le fada an lá, go háirithe ó lár an chéid seo caite. Go traidisiúnta, ba ar iascairí oileáin Árann a bhíodh na geansaithe seo á gcaitheamh. Chabhraigh an Banphrionsa Grace as Monacó go mór lena gcur chun cinn nuair a chaith sí ceann acu i bpictiúir di féin faoi theas na gréine ar luamh ar an Meánmhuir, pictiúr a bhí ar chlúdach na hirise Vogue i lár na gcaogaidí.  

Ach céard is geansaí Árann ann? Geansaí a cniotáladh ar cheann de thrí oileán Árann i gcuan na Gaillimhe nó geansaí de dhearadh nó de phatrún Árann is cuma cén áit a ndéantar é?

Ní bheadh sé éasca ná saor geansaí lámhchniotáilte ceart as Oileáin Árann a fháil anois agus formhór na ngeansaithe a dhíoltar le turasóirí is dearadh Árann a bhíonn orthu ach iad déanta in oirthear an domhain, sa Mhalaeisia nó sa Téalainn.

Grace Kelly

Eisceacht iad, ar ndóigh, na geansaithe cáiliúla a bhfuil stádas agus éileamh idirnáisiúnta orthu a dhéanann Cniotáil Inis Meáin Teoranta atá i mbun trádála le breis agus 50 bliain. Tá na geansaithe sin ar díol i gcuid de shiopaí móra an domhain, ina measc cinn cháiliúla i Meiriceá, sa Bhreatain, sa tSeapáin, san Astráil, sa Tuirc agus san Eilbhéis. Níl siad saor ach baineann siad leis an gcuid sin den tionscal ar a dtugtar an margadh ‘fíorghalánta’; idir €295 agus €450 atá ar na geansaithe d’fhir agus idir €200 agus €375 ar na cinn do mhná ar shiopa ar líne an chomhlachta féin.  

Tá comhlacht eile atá dírithe go hiomlán ar mhargadh na nÉireannach thar sáile, go háirithe na Gael-Mheiriceánaigh, tar éis dearadh nua de gheansaí Árann a chur ar an margadh. An dearthóir Daryl Kerrigan a oibríonn faoin mbranda Daryl K a dhear an leagan nua de na geansaithe seo – cairdeagain do mhná iad i ndáiríre – don tseirbhís ar líne theirishstore.com.

Lulu O’Sullivan a bhunaigh an siopa ar líne sin sa bhliain 1987 le táirgí Éireannacha – éadach, bia, seodra agus táirgí tí – a sholáthar dóibh siúd thar sáile a raibh blas den mbaile uathu. Bíonn éileamh mór ar bhagún agus ispíní, ar Tayto, Dairy Milk agus Barry’s Tea a dhíolann siad leo siúd as baile. Tá na cairdeagain nua-dheartha Árann ó Daryl K curtha le liosta na dtáirgí acu le gairid.

As Baile Átha Cliath ó dhúchas do Daryl Kerrigan ach tá sí i mbun oibre i Nua-Eabhrac le breis agus 30 bliain. I dtionscal na scannán a thosaigh sí mar dhearthóir éadaigh ach tá siopa agus ionad déantúsaíochta san East Village aici ón mbliain 1991.

Ní ar oileáin Árann a fuair sí an inspioráid do na geansaithe nua atá deartha aici ach ar shiúlóid ar thrá i nDún na nGall áit ar mheall dathanna na farraige, na trá, na gcnoc agus an timpeallacht thart uirthi í. “I wanted it to be light, airy and soft, and to have the colours of this dramatic Irish seascape,” a dúirt sí faoi na geansaithe atá déanta as meascán d’olann agus móihéar.

An ‘Boyfriend Cardigan’ a thugtar ar cheann de na geansaithe atá deartha ar stíl Árann aici agus tá fáil air i ndath gorm (ocean teal) agus ar dhath an ghualaigh (Atlantic slate) ar chostas $199.

An ‘Daryl K Aran Cardigan’ a thugtar ar an dearadh eile aici, atá ar fáil freisin i ngorm agus ar dhath an uachtair (Aran Island Stone) ar chostas $179.

Fág freagra ar 'Dearadh eile de gheansaí Árann dírithe ar mhargadh Mheiriceá'