Déantar ‘gach iarracht’ lena chinntiú go gcuirtear eolas i nGaeilge ar shuíomh Éire 2016 – Roinn na Gaeltachta

Freagra tugtha ag Roinn na Gaeltachta ar cheist faoin scéal gur i mBéarla amháin a foilsíodh ar dtús mír nuachta faoi fhéile Ghaeilge tá beartaithe mar chuid d’Éire 2016

Déantar ‘gach iarracht’ lena chinntiú go gcuirtear eolas i nGaeilge ar shuíomh Éire 2016 –  Roinn na Gaeltachta

Déantar aistriúchán Gaeilge ar ábhar de chuid Éire 2016 a chur ar  Ireland.ie “laistigh de 24 uair an chloig de ghnáth” agus déantar “gach iarracht lena chinntiú go gcuirtear eolas nua ar an suíomh gréasáin i mBéarla agus i nGaeilge araon”.

B’in an méid a bhí le rá ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Forbartha Réigiúnaí, Tuaithe agus Gaeltachta mar fhreagra ar cheist faoin scéal gur i mBéarla amháin a foilsíodh mír nuachta faoi fhéile Ghaeilge atá beartaithe mar chuid d’Éire 2016, agus gur tugadh geallúint go raibh “an téacs i nGaeilge le teacht”.

Foilsíodh an mhír Bhéarla ar an suíomh ag a cúig an chloig Dé Luain agus ní raibh leagan Gaeilge di ar fáil go dtí tráthnóna Dé Máirt.

Is ar shuíomh Ireland.ie, an suíomh oifigiúil ag Éire 2016, an clár comórtha náisiúnta atá á reáchtáil ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Forbartha Réigiúnaí, Tuaithe agus Gaeltachta, a foilsíodh an mhír nuachta i mBéarla amháin.

Screen Shot 2016-10-24 at 19.30.43.png

Dúradh faoi cheannlíne na míre ar Ireland.ie – ‘Irish language in the spotlight for National Conference Fringe Programme’ – go raibh an t-aistriúchán Gaeilge “le teacht”.

Tugadh an teachtaireacht chéanna faoin leagan Gaeilge tar éis an réamhrá inar tugadh cuireadh do dhaoine “[to] Dive into an impressive array of fun and fascinating Irish language fringe events this November in Galway”.

Dúradh don tríú huair go raibh an t-aistriúchán Gaeilge le teacht i dtús na míre, mar a raibh ráiteas cáiliúil de chuid an Phiarsaigh i mBéarla – “A country without a language is a country without a soul”.

Dúirt an tiarAire Gaeltachta Éamon Ó Cuív le Tuairisc.ie Dé Máirt  gur “náireach an rud é” gur i mBéarla amháin a foilsíodh an mhír ar dtús.