Déanta na fírinne ní chliseann an Cruiser orainn in American Made

Bíonn sé deacair aon scannán atá ‘bunaithe ar scéal fíor’ a shlogadh gan é a chogaint, ach tá scéal ‘American Made’ chomh heachtrúil sin go bhfuil sé dochreidte nach mór

Déanta na fírinne ní chliseann an Cruiser orainn in American Made

American Made
Stiúrthóir: Doug Liman
Cliar: Tom Cruise, Domhnall Gleeson, Sarah Wright, Jesse Plemon, Caleb Landry Jones.

I dtosach an scannáin seo fógraíonn Barry Seal lena cheamara taifeadta VHS nár bhreathnaigh sé an abhainn riamh sula gcuaigh sé ina cuilithe. 

D’fhéadfá a rá!

Tá a fhios ag madraí na pictiúrlainne nach féidir aon scannán atá ‘bunaithe ar scéal fíor’ a shlogadh gan é a chogaint, ach ina dhiaidh sin féin tá an méid a bhain den fhear seo sna seachtóidí/ochtóidí chomh heachtrúil sin go bhfuil sé dochreidte nach mór.

Bhí a shaol mar phíolóta tráchtála ag imeacht chun leadráin ar Seal nuair a thosaigh an CIA ag tathant air luí leo. Thoiligh sé óir go raibh sé bailithe d’eitiltí chuig Vancouver, Denver agus ar ais arís go dtí an fód dúchais in Baton Rouge. Fonn eachtraíochta air; agus fuair sé é sin go rábach ag obair don ghníomhaireacht faisnéise mhícháiliúil úd.

I dtosach bhí pictiúir á dtógaint aige de bhunáiteanna míleata a bhí ag ceannaircigh chumannacha i Meiriceá Láir. Go deimhin, is go seoigh agus deisbhéalach, agus le cabhair na beochana, a thugtar cuntas ar pholaitíocht na tréimhse.  Filltear ar chiúta na beochana go cliste, taitneamhach cúpla babhta i rith an scannáin. Ní fada nó go raibh an leábharaic sleamhain seo ag smuigléireacht gunnaí agus drugaí.

I rith an ama bhí sé ag comhghuaillíocht is ag comhrac le cairtéal Medellin, na Sandinista, na Contras, Manuel Noriega, an CIA, FBI agus DEA. Deineadh cuid den chlais seo a rómhar cheana sa tsraith Narcos ach tugtar faoin ábhar go héadromchroíoch anseo agus ní shamhlaímid Seal riamh mar fhrithlaoch.

Tugann a chuntas VHS struchtúr don saothar agus i bhfoirm iardhearcthaí a chítear an scéal.

Is léir go bhfuil súp á bhaint ag Doug Liman (duine a bhí sa mheitheal a thug na scannáin Bourne dúinn) agus a chomhghuaillithe as léiriú a dhéanamh ar na hochtóidí agus gníomhartha gaisce Seal.

Baineann an lucht féachana sásamh as an eachtraíocht – an t-eitleán ag éirí in airde ar éigean ó rúidbhealach gan dealramh, mar shampla. Baintear súp leis as an gcur i gcéill – gunnaí a bhí in ainm is a bheith á dtabhairt do na Contras á dtabhairt do chairtéal Medellin agus drugaí á dtabhairt thar n-ais.

Ní fhéadfá a leithéid a chumadh.

É sin ar fad gan trácht ar an tslí a bhí na drugaí á dtabhairt i dtír i  Meiriceá agus an chúbláil a bhí ar siúl ag an CIA ar chúla téarmaí. Ní nach ionadh tá carúil agus slaiseanna á gcaitheamh agus mar is dual don táirge atá múnlaithe timpeall ar an Cruiser, soláthraítear neart seatanna dá gháire fiaclach. Lena chois sin baintear neart úsáid as a spéaclaí gréine ‘Aviator.’

Lena cheart a thabhairt don Cruiser is aisteoir ábalta, caithiseach é nuair a bhíonn sé os cionn a bhuille agus ní haon dóithín anseo é. D’fhéadfaí a áiteamh go bhfuil cur chuige, agus taispeántas aisteoireachta, níos sollúnta dlite don ábhar ach ní shin é an sórt scannáin atá anseo. Scannán eachtraíochta atá againn agus ní chliseann an Cruiser orainn.

Fág freagra ar 'Déanta na fírinne ní chliseann an Cruiser orainn in American Made'