Déanfaidh ‘The Martian’ an gaisce céanna don luibheolaíocht is a dhein Indiana Jones don tseandálaíocht

Carachtracht iontach, scéal mealltach agus é measctha leis an gcantam ceart d’aicsean – is fiú go mór turas a thabhairt ar ‘The Martian’

The Martian

The Martian

Stiúrthóir: Ridley Scott, Jeff Daniels, 

Cliar: Matt Damon, Jessica Chastain, Chiwetel Ejiofor , Kristen Wiig, Michael Peña, Sean Bean, Kate Mara. 

Meascán de Cast Away (2000) agus Apollo 13 (1995) atá againn anseo le macallaí de tháirge mearbhlach Christopher Nolan, Interstellar (2014) le sonrú chomh maith. Go deimhin, bhí an oiread sin cosúlachtaí idir carachtar Damon in Interstellar agus The Martian (spásaire fágtha ar phlainéad leis féin) go raibh drogall air tabhairt faoin ról. Tá an lucht féachana buíoch gur chuir Scott ina luí air tabhairt faoi.

Ag tús an scannáin, címid an luibheolaí Mark Watney (Damon) agus an chuid eile den mheitheal atá ar mhisean go Mars i mbun oibre agus ag caitheamh tharstu. Gan aon réamhrá ná tráchtaireacht, déantar an t-aicsean a raideadh chugainn ar an bpointe. Buaileann drochstoirm campa na meithle, teitheann siad lena n-anamacha ach fan na slí cuirtear Watney ar bóiléagar. Ceapann an chuid eile go bhfuil sé básaithe agus imíonn siad leo. Sa chéad radharc eile, címid ár laoch ag teacht chuige féin agus is éard atá sa chuid eile den scannán ná a iarrachtaí fanacht beo ar an bplainéad díbheo seo ar feadh ceithre bliana go dtiocfar lena tharrtháil.

Déanann Damon cuid mhaith den scannán a iompar é féin agus é ag comhrá lena fhísdialann. Tá dris chosáin go leor roimhe is é ag iarraidh “to science the shit out of it” le maireachtaint. Déanfaidh Watney an gaisce céanna don luibheolaíocht is a dhein Indiana Jones agus Robert Langdon don tseandálaíocht agus don stair faoi seach.

Is é Damon an ceann feadhna fireann is stuama agus is caithisí i láthair na huaire, gradam a bhíodh ag Tom Hanks (atá in dhá scannán luaite thuas) tamall. Tá sé thar bearta sa phríomhról le daonnacht agus nádúrthacht ina charachtar. Is deas mar a dhéantar an greann a shníomh isteach chomh maith, rud a bhí in easnamh sna táirgí thuas.

Déantar tírdhreach Mars a chruthú le cabhair na hIordáine agus na maisiúchán. Tá toradh na hoibre cuidsúlach ach ní dhéantar an scéal ná an carachtar a shlogadh. Is ceardaí faoi leith é Ridley Scott a bhfuil seoda ag teacht óna cheárta ós na seachtóidí: Alien (1979), Blade Runner (1982)

Thelma and Louise (1991), agus Gladiator (2000), gan ach cúpla ceann a lua.  Tá trí ainmniúchán Oscar faighte aige i gcaitheamh na mblianta agus is cúis iontais nach bhfuil oiread agus ceann tugtha leis aige. B’fhéidir go ndéanfadh an saothar seo sin a chúiteamh. Déanann sé suan na muice bradaí a shníomh leis an ngreann anseo, ach cinntítear go bhfuil an scéal agus carachtar i lár an aonaigh. Léirítear an imeacht ama go paiteanta agus géaraítear ar an teannas nuair is gá.

Tá téagar eolaíochta ag éirí thiar as an saothar, rud a chuirfidh múinteoirí eolaíochta ag rith chuige ar a ndícheall. Bhí NASA iad féin i mbun comghuaillíochta leo agus de réir scéil sholáthraigh siad 50 leathanach den scríbhinn. Ní haon iontas mar sin go bhfuil, i ngan fhios b’fhéidir, blas na margaíochta le fáil ar uairibh. Trathúil go maith do NASA bhí scéalta faoi uisce ar Mars ag teacht os comhair an phobail le déanaí. Ina dhiaidh sin féin ní fírinne ar fad atá anseo; ní fhéadfadh gurb ea, is méar á shíneadh ar an bpointe i dtreo na stoirme fíochmhaire ag an tús agus na saoithíní ag maíomh nach bhféadadh a leithéid do stoirm a bheith ar an bplainéad.

Tá cliar cumasach eacracaithe mar chomhghuallaithe do Damon cé nach bhfuil ag go leor acu ach rólanna ana tháinisteacha. Bhíos an-thógtha le deisbhéalaíocht Jeff Daniels in The Newsroom agus tugann sé an tréith sin chuig an ról seo chomh maith.

Carachtracht iontach, scéal mealltach agus é measctha leis an gcantam ceart d’aicsean.

Fág freagra ar 'Déanfaidh ‘The Martian’ an gaisce céanna don luibheolaíocht is a dhein Indiana Jones don tseandálaíocht'