Déanaimis margadh – cuirimis uainn an Béarla i siopaí Gaeltachta

Sábhálaimis an Ghaeltacht ó na siopaí amach, a deir ár gcolúnaí faoi phleanáil teanga, scoithphointí cinniúnacha agus gnéithe uathúla díolacháin

Exif_JPEG_PICTURE

Is beatha teanga í a dhíol le do chuid custaiméirí. Tá go leor leor cainte le cúpla seachtain anuas ar an ‘teanga phobail’ agus ar an ‘scoithphointe cinniúnach’ a theastaíonn ó phobal Gaeltachta go mbeidh sé ina phobal Gaeltachta sa mbliain 2025.

Léiríodh i bpobalbhreith a rinne Millward Brown thar ceann Chonradh na Gaeilge go mbreathnaítear ar an nGaeilge mar ‘gné uathúil dhíolacháin’ a chuirfeadh le geilleagar na hÉireann. Feictear domsa go bhfuil nasc mór idir an dá scéal mór agus gur chun tairbhe na Gaeltachta agus cás na Gaeltachta an t-eolas a nochtadh i bpobalbhreith an Chonartha.

Luafar sa cholún seo samplaí ó Ghaeltacht Chois Fharraige mar is ar an gceantar sin atá an t-eolas is fearr agam. Mar sin, ná ceaptar gur ag piocadh ar cheantar faoi leith atá mé. Tá mé cinnte gurab amhlaidh an scéal i ngach ceantar eile Gaeltachta.

Is croíchuid den phobal tuaithe (agus mar sin den phobal Gaeltachta) an siopa áitiúil. Is lárnaí an siopa ná an teach ósta fiú, atá ag fáil bháis ar fud na tíre. Is mó cúlchaint a chloistear sa lá atá inniu ann ón ‘gcaint cois cuntair’ seachas ón gcaint cois claí. Is é an siopa áitiúil an t-aon áit ar an mbaile a mbíonn chuile dhuine ann am eicínt i rith na seachtaine – fear an tí ag ceannacht bainne ar maidin, daltaí scoile am lóin, daoine óga ag fáil braoinín le n-ól sula dtéann siad amach, agus chuile dhuine eatarthu. Mar sin, luíonn sé le ciall go mbeadh an-tionchar ag an siopa nó an teach ósta ar an teanga phobail.

Tá an Ghaeilge ag formhór na ndaoine anseo ó dhúchas agus mar sin is beag an baol nach labhrófar i gceann deich mbliana anseo í. An baol atá ann, áfach, ná go laghdófar stádas na teanga agus stór focal na ndaoine mura gcuirtear i gcló í. Tá níos mó Gaeilge scríofa le feiceáil i gCathair na Gaillimhe (a bhuíochas le Gaillimh le Gaeilge) ná mar atá sna ceantair laga Ghaeltachta ar nós Bhearna agus na bhForbacha. Dá fhaide siar a théann tú is ea is minice a fheictear an Ghaeilge i gcló, cinnte, ach ní leor an méid atá ann i láthair na huaire.

Is minic a deirtear faoi Ghaeilge Chonamara go gcaitear an iomarca focal Béarla sna habairtí Gaeilge agus gurb in a mharóidh an teanga. Cé nach dtagaim leis sin go hiomlán, tá cuid den fhírinne ann, go háirithe i réimse ar leith ar nós an bhia.

Dá bhfeicfí ‘Meacna Dearga – €0.25/kg scríofa os cionn na ‘carrots’ is fearr i bhfad an seans go ndéarfadh tuismitheoir lena ghasúr ‘faigh cupla meacan dearg, a leana’ in áit ‘faigh cúpla carrot, a leana’. Dá scríobhfaí ‘cadóg agus sceallóga €6’ ar bhiachlár i mbialann, is mó seans go ndéarfaí ‘ba mhaith liom cadóg agus pláta sceallóg, le do thoil’ in áit ‘beidh an haddock and chips agam, le do thoil’ – cé go mbeadh sé deacair ‘bleaist chips’ a dhíbirt ó chaint na ndaoine faoin am seo.

Ar ndóigh, níl i scríobh poiblí na Gaeilge ach ‘tús maith’. Bheadh an leath eile den obair fós le déanamh – is é sin, foireann le Gaeilge a fhostú sna siopaí agus bialanna áitiúla. Tá trí bhuntáiste ann do shiopadóirí ansin; bíonn bá ag an bpobal le háit a chruthaíonn postanna do mhuintir na háite féin agus coinneoidh sé daoine sa mbaile; is maith le turasóirí rudaí difriúla a fheiceáil agus iad ar cuairt, fíric atá cruthaithe cúpla uair faoin am seo, go háirithe sa staidéar a dúirt nach maith le Sasanaigh agus Meiriceánaigh áirithe Éire mar gheall ar a chosúlaí is atá muid leo; agus ar deireadh is maith le muintir na háite nuair a bhíonn seirbhísí á gcur ar fáil ina dteanga féin, rud nach bhfuil cruthaithe ag aon staidéar go bhfios domsa ach atá fíor de réir mo thaithí féin.

Ná bímis ag caint ar phleanáil teanga agus tacaíocht ón Údarás leis an nGaeltacht a shábháil. Ceannaímis ár mbeatha in Ollmhargadh na Seoighe agus ná glacaimís le ‘Inverin Motors’ nuair a chliseann an carr. Tá sí sa mbaile, tá sí ar an bpáirc peile agus sa gclub óige ach tugaimis céim níos faide ar aghaidh í a fhad leis an mbúistéara, leis an siopadóir, leis an meicneoir agus leis an mbean mhallaithe sin nach bhfoghlaimeoidh go brách nach bhfuil ‘any petrol or diesel’ ceannaithe agam.

Fág freagra ar 'Déanaimis margadh – cuirimis uainn an Béarla i siopaí Gaeltachta'

  • padraig

    Fiafraím i gcónaí go deas sibhialta ar dhul isteach i siopa, óstán, teach tábhairne nó áit ghnó ar bith atá in ainm is a bheith sa Ghaeltacht ‘An bhfuil Gaeilge agaibh/agat?’ De ghnáth freagraítear i nGaeilge mé agus uaireanta deirtear liom ‘Tá neart Gaeilge agam/againn’. Leanaim ar aghaidh ansin agus cuirim díom a mbíonn le déanamh agam.
    Tarlaíonn sé go bhfreagraítear i mBéarla grod mé freisin uaireanta agus casaim ar mo shála ansin, ach amhain i gcás éigeandála.
    Admhaím nach bhfuil sé éasca a leithéid a dhéanamh agus ná bítear buíoch díom uaireanta as a bheith chomh ‘díograiseach’ ach labhartar i mo theanga féin liom ina dhia’ sin a mhéid is féidir t’réis an méid sin a bheith déanta. Sin é an cur chuige atá agam féin agus tuigtear dom go bhfuil sé éifeachtach toisc nach maith le lucht gnó in aon áit cantal a chur ar chustaiméirí ná go rachadh a gcuid airigid isteach i bpócaí ‘an fhreasúra’. Bímís níos dána, níos teanntásáí mar mhionlach teanga. tugaimís ár gcuid airgid do lucht labhartha na Gaeilge sna siopaí agus sna tithe tábhairne etc. Músclaímís ár misneach agus ár mórtas cine!

  • Séamus mac Seáin Béal Feirste

    Sin athbheochan na Teanga tugtha dúinn i mbeagán focal. Maith thú a Mhaitiú. Sach ráite agus gan Teangeolaí ná Anthrapeolaí ar na gaobhair!!

    • Seán Mistéil

      Aontaím leat, a Shéamuis, agus le gach a bhfuil ráite ag MAITIÚ!
      Ar aghaidh linn, mar sin!!