Dealbh de Phádraic Ó Conaire le nochtadh ag an Uachtarán i nGaillimh amárach

Nochtfar an dealbh nua den scríbhneoir mór Gaeilge Pádraic Ó Conaire ag meán lae inniu ar an bhFaiche Mhór i gcathair na Gaillimhe

Dealbh de Phádraic Ó Conaire le nochtadh ag an Uachtarán i nGaillimh amárach

Nochtfaidh an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn an dealbh nua den scríbhneoir mór Gaeilge Pádraic Ó Conaire ag meán lae amárach ar an bhFaiche Mhór i gcathair na Gaillimhe.

Tá bosca mór adhmaid ar an bhFaiche Mhór le cúpla seachtain anuas san áit a mbeidh an dealbh nua ach bainfear anuas an bosca amárach agus nochtfaidh an tUachtarán, a chaith seal ina mhéara ar chathair na Gaillimhe ag tús na 1980idí agus arís ag tús na 1990idí, an dealbh nua chré-umha.

Is dealbh chloiche de Ó Conaire a bhíodh ar an bhFaiche Mhór ach bogadh ón láthair í roinnt blianta ó shin mar gheall ar an dochar a bhí á dhéanamh di ag an aimsir agus ag daoine. Ní féidir an dealbh nua a chur san áit a mbíodh an seancheann mar bheadh an baol ann nach mbeadh an talamh fúithi in ann an meáchan a iompar.

An bosca adhmaid ar an bhFaiche Mhór

Tógadh dealbh Uí Chonaire ón bhFaiche Mhór ar an 11 Márta 2004, i ndiaidh di 70 bliain a chaitheamh i lár na cathrach, agus cuireadh os comhair Halla na Cathrach í ar feadh tamaill sular aistríodh go Músaem Chathair na Gaillimhe í in 2006.

Cuireadh go teilgcheárta i mBaile Átha Cliath an dealbh in 2015 i ndiaidh don Chomhairle Contae a fhógairt go raibh sé i gceist acu macasamhail na deilbhe a chur sa chathair arís. Chaith an dealbh tamall ansin fad a bhí na saoir chré-umha ag déanamh múnla di le go mbeadh an leagan nua chomh cosúil le bunsaothar Albert Power agus ab fhéidir.

“Is iomaí rud a rinne damáiste do Phádraic i gcaitheamh na mblianta,  ina measc aois, aimsir agus mailís. Tá mantanna ina shrón agus ina chaipín agus ar ndóigh, baineadh an cloigeann ar fad de ag deireadh na nóchaidí.

“Ach tá cion ag pobal na cathrach air agus níl rud ar bith sa chathair ar tógadh níos mó grianghraf de,” a dúirt urlabhraí ón gComhairle Cathrach.

Bhí an dealbh le nochtadh an samhradh seo caite mar chuid de Chlár Comórtha 1916 na cathrach ach níor tharla sé. Ní raibh baint dhíreach ag Ó Conaire leis an Éirí Amach ach ba mhinic é i gcomhluadar na ndaoine a raibh baint acu leis trína chuid oibre le Conradh na Gaeilge. Ba é Ó Conaire a scríobh Seacht mBua an Éirí Amach.

Bhí Ó Conaire i láthair ag Oireachtas na Samhna 1913 a reáchtáladh sa chathair agus tá sé le feiceáil sa ghrianghraf cáiliúil a tógadh ag an ócáid sin, cé go bhfuil a éadan i bhfolach faoina hata sa chaoi is nach n-aithneodh a fhostóirí i Sasana é.