Deacrachtaí móra ag stáisiúin mionteangacha agus ciorruithe agus athchraoltaí ag cur bac le forbairt

Tá sceideal S4C ag brath rómhór ar athchraoltaí a deir Príomhfheidhmeannach S4C agus tá ráite ag BBC Alba go mbeidh ‘300 post i mbaol’ ceal maoiniú breise

Deacrachtaí móra ag stáisiúin mionteangacha agus ciorruithe agus athchraoltaí ag cur bac le forbairt

Tá deacrachtaí móra faoi láthair ag S4C agus BBC Alba i bhfianaise ciorruithe agus a róspleáchas ar athchraoltaí.

Dar le Príomhfheidhmeannach S4C Ian Jones go mbíonn an iomarca athchraoltaí ar an stáisiún agus gur athchraoltaí iad 57% de na cláracha a chuirtear amach.

Thug Jones le fios ag cruinniú den Choiste Breatnaise agus Cultúir i dTionól na Breataine Bige, gur taispeánadh 57% de na cláracha a bhíonn ar an stáisiún níos mó ná uair amháin – i bhfad níos mó ná an sprioc 20% a leagadh amach nuair a bunaíodh S4C 34 bliain ó shin.

“Nuair a seoladh S4C i 1982 bhí sé mar sprioc againn go mbeadh athchraoladh i gceist le 20% den ábhar a chraolfaí. Táimid anois ag 57% agus is í mo thuairim féin go bhfuil sé sin i bhfad ró-ard.

“Níl a fhios agam cén chaoi a n-éireoidh linn amach anseo má dhéanann an Roinn Cultúir, Meán agus Spórt aon chiorrú eile ar an mbuiséad,” a dúirt sé.

Fógraíodh an mhí seo caite go bhfanfadh an maoiniú a fhaigheann S4C ó tháille ceadúnais an BBC mar atá, ag £74.5 milliún sa bhliain, go dtí 2022. Tugann rialtas na Ríochta Aontaithe £7 milliún sa bhreis ar an méid sin do S4C freisin.

Idir an dá linn, tá ráite ag MG Alba, an comhlacht ar leis an stáisiún Gáidhlig BBC Alba, go bhfuil an baol ann go gcuirfí deireadh leis an stáisiún mura n-éiríonn leo maoiniú níos fearr a fháil agus go mbítear ag brath an iomarca ar chláracha athchraolta. Is cláracha athchraolta iad 74% d’ábhar an stáisiúin faoi láthair.

Dúirt MG Alba go bhfuil amhras caite ar thodhchaí an stáisiúin mar gheall ar chairt nua ríoga an BBC, nach bhfuil aon ghealltanas maidir le maoiniú do BBC Alba inti. Léirigh lucht an stáisiúin a gcuid feirge toisc nár éirigh leo gealltanas a fháil ón BBC go gcuirfí ar comhchéim iad le S4C. Cuireann an BBC deich n-uaire a chloig d’ábhar nua ar fáil do stáisiún na Breataine Bige in aghaidh na seachtaine agus tá BBC Alba ag iarraidh go ndéanfadh sé amhlaidh do stáisiún na Gáidhlig.

Mhaígh lucht an stáisiúin go mbeidh 300 post i mbaol mura n-éiríonn leo “méadú suntasach” a fháil ar an £5.5 milliún sa bhliain a fhaigheann sé ón BBC.

Is fada lucht TG4 ag éileamh buiséid níos mó chun go bhféadfaí cur le líon na gclár nua a chraoltar ar an stáisiún Gaeilge agus líon na n-athchraoltaí a laghdú.  €32.54m an buiséad a deonaíodh do TG4 in 2016 agus cuireann RTÉ 365 uair a chloig de chlár ar fáil don stáisiúin Gaeilge in aghaidh na bliana, ag áireamh a seirbhís nuachta.

Fág freagra ar 'Deacrachtaí móra ag stáisiúin mionteangacha agus ciorruithe agus athchraoltaí ag cur bac le forbairt'