‘Deacair a chreidiúint go bhfuil €1.1 milliún á chaitheamh ar phá 12 duine in Údarás na Gaeltachta’ – Tóibín

Tá cuireadh tugtha don Teachta Dála Peadar Tóibín teacht chun na Gaeltachta chun ‘eolas’ a fháil ar obair Údarás na Gaeltachta’ i ndiaidh dó iontas a dhéanamh de rátaí tuarastail san eagraíocht fiontraíochta

‘Deacair a chreidiúint go bhfuil €1.1 milliún á chaitheamh ar phá 12 duine in Údarás na Gaeltachta’ – Tóibín

Díol suntais é go bhfuil os cionn €85,000 sa bhliain de thuarastal á thuilleamh ag 12 fostaí de chuid Údarás na Gaeltachta agus go bhfuil ceathrar acu sin ag tuilleamh tuairim is €100,000 sa bhliain, dar le hurlabhraí Gaeltachta Shinn Féin, Peadar Tóibín.

De réir figiúirí a fuair an Teachta Dála ón Roinn Forbartha Réigiúnaí, Gnóthaí Tuaithe, Ealaíon agus Gaeltachta, tá 31duine den 79 duine atá ar fhoireann an Údaráis ag saothrú níos mó ná €65,000 sa bhliain.

“Is mór an méid é seo, go háirithe má chuireann tú na ciorruithe ar fad ar bhuiséad an Údaráis le blianta beaga anuas san áireamh. Níor thug an Rialtas ach aon mhilliún amháin san iomlán i mbliana leis an Straitéis 20 Bliain a chur i bhfeidhm. Is deacair a chreidiúint go bhfuil breis is €1,135,000 á íoc ar thuarastail 12 duine,” a dúirt Tóibín i ráiteas a d’eisigh sé inné.

Dúirt sé go raibh cúrsaí fostaíochta sa Ghaeltacht “i ndrochstaid amach is amach”.

Mar fhreagra ar an méid a bhí le rá ag Tóibín, dúirt urlabharaí ó Údarás na Gaeltachta le Tuairisc.ie go gcuireann an eagraíocht fáilte roimh an scéal go bhfuil aird á tarraingt ag an Teachta Dála “ar na ciorruithe suntasacha atá déanta ar bhuiséad caipitil an Údaráis le blianta anuas”. Tá laghdú os cionn 73% tagtha ar bhuiséad caipitil na heagraíochta ó 2008, tráth a raibh 107 duine fostaithe ag an eagraíocht le hais an 79 duine atá ag obair faoi láthair ann.

Dúirt urlabhraí an Údaráis go raibh “fócas ar leith” ag an Údarás ar chruthú fostaíochta agus go bhfuil “iarrachtaí leanúnacha” ar bun ag an eagraíocht “le tuilleadh infheistíochta a aimsiú agus a mhealladh chun na Gaeltachta”.

Thug an t-urlabhraí le fios go raibh na spriocanna fostaíochta atá leagtha síos don Údarás ag Roinn na Gaeltachta á mbaint amach agus go raibh “an fhoireann ag obair go dícheallach agus go coinsiasach chuige seo”.

“Tharla glanmhéadú suntasach de 215 post lánaimseartha i gcliantchomhlachtaí an Údaráis anuraidh, an glanmhéadú is airde ó bhí 2005 ann. Tá straitéis agus fís an Údaráis an-soiléir; forbairt eacnamaíochta, chultúrtha agus teanga na Gaeltachta a chur chun cinn ar mhaithe le muintir na Gaeltachta,” a dúirt an t-urlabhraí.

Dúirt Tóibín gur mhaith leis go gcaithfí níos mó de bhuiséad an Údaráis ar chruthú fostaíochta.

“Ba mhaith liom go gcuirfí an fócas ar chruthú postanna agus infheistíocht sna limistéir Ghaeltachta le haon airgead breise a bheidh ann. Tá sé scannalach go bhfuil go leor spásanna folmha sna heastáit tionsclaíochta éagsúla de chuid an Údaráis.

“I mbuiséad Shinn Féin anuraidh, chuireamar roinnt moltaí chun tosaigh, ar chostas €10 milliún ar an iomlán, a mbeadh tionchar dearfach acu ar an nGaeilge. I measc na mbeartas seo, bhí méadú €5 milliún do chiste caipitil Údarás na Gaeltachta. Chuirfeadh níos mó fostaíochta le caomhnú agus le forbairt na gceantar Gaeltachta,” a dúirt sé.

Ag labhairt dó ar chlár Údar Cainte ar RTÉ Raidió na Gaeltachta aréir, mhaígh Tóibín go raibh “i bhfad níos mó” fostaithe in Údarás na Gaeltachta ag fáil pá ard ná mar a bhí in aon eagraíocht eile a thagann faoi scáth na Roinne Forbartha Réigiúnaí, Gnóthaí Tuaithe, Ealaíon agus Gaeltachta.

Dúirt sé nach raibh sé ag tabhairt le fios go raibh “pá uafásach ard” á fháil ag gach duine atá fostaithe ag an Údarás agus shéan sé go raibh sé ag tabhairt le fios gur ‘gravy train’ a bhí san eagraíocht fiontraíochta.

Tá athstruchtúrú ar bun faoi láthair ar chóras bainistíochta Údarás na Gaeltachta bunaithe ar mholtaí na tuarascála a choimisiúnaigh An Roinn Ealaíon, Oidhreachta Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta. 

Dúirt urlabhraí an Údaráis le Tuairisc.ie go raibh fáilte roimh an Teachta Dála Peadar Tóibín “teacht chun na Gaeltachta ar cuairt agus eolas a fháil ar obair an Údaráis agus tionchar na hoibre sin a fheiceáil ar an talamh”.

Fág freagra ar '‘Deacair a chreidiúint go bhfuil €1.1 milliún á chaitheamh ar phá 12 duine in Údarás na Gaeltachta’ – Tóibín'