‘Dea-thoil a chothú’ seachas reachtaíocht teanga an bealach is fearr le seirbhísí i mBreatnais a fháil

Agus athruithe móra beartaithe ar reachtaíocht teanga na Breataine Bige deir stiúrthóir CBI gur dea-thoil agus éileamh is fearr don Bhreatnais

‘Dea-thoil a chothú’ seachas reachtaíocht teanga an bealach is fearr le seirbhísí i mBreatnais a fháil

“Cothú na dea-thola” an bealach is fearr le seirbhísí i mBreatnais a fháil ón earnáil phríobháideach, seachas tríd an reachtaíocht teanga, dar leis an eagraíocht gnó CBI Wales.

Tá athruithe móra beartaithe ar reachtaíocht teanga na Breataine Bige i láthair na huaire agus próiseas comhairliúcháin tosaithe ag an rialtas sa tír sin.

Chuir stiúrthóir na heagraíochta CBI Wales, Ian Price síos ar na “deiseanna agus na dúshláin” a bhaineann le cur chun cinn na Breatnaise san earnáil phríobháideach in alt a foilsíodh ar shuíomh na heagraíochta sin an tseachtain seo.

“Tá a fhios againn nach bhfuil bealach na reachtaíochta gan locht. Tá sé soiléir go gcaithfear ceachtanna a fhoghlaim ón gcur chuige a úsáideadh go dtí seo i bhforbairt na reachtaíochta Breatnaise.

“Tá go leor leor dea-thola san earnáil phríobháideach do sholáthar réasúnta réimse seirbhísí dátheangacha. An dúshlán atá romhainn ná an dea-thoil sin a ghlacadh, a chothú, agus a dhíriú  ar sholáthar seirbhísí luachmhara, dátheangacha, a mbeidh tóir orthu,” a dúirt Price.

Dúirt sé freisin go gcaithfidh níos mó daoine sa Bhreatain Bheag na seirbhísí Breatnaise a éileamh amach anseo.

“Bíonn go leor cainteoirí Breatnaise ag cuardach seirbhísí i mBreatnais agus lorgaíonn siad na roghanna Breatnaise agus seirbhísí á n-úsáid acu, ach caithfidh níos mó den 562,016 cainteoir Breatnaise na seirbhísí céanna a lorg.

“Dá ndéanfaí é seo, agus dá leanfaí leis agus muid ag teacht i dtreo na sprice 1,000,000 cainteoir Breatnaise a bhaint amach, spreagfadh an t-éileamh mór tuilleadh infheistíochta agus d’fhéadfaí réimse nua seirbhísí Breatnaise a chur ar fáil — is sprioc í sin ar cheart díriú uirthi,” a dúirt sé.

Tá seirbhísí Breatnaise á soláthar ag roinnt comhlachtaí príobháideacha sa Bhreatain Bheag cheana féin. Mar sin féin, bíonn scéalta ann anois agus arís faoi chomhlachtaí príobháideacha nach bhfáiltíonn roimh an teanga — leithéidí Banc Lloyds an tseachtain seo agus Sports Direct níos luaithe an mhí seo.

Dúirt Price gur cheart “aitheantas” a thabhairt freisin do chomhlachtaí idirnáisiúnta, Windows, Apple, Google agus Facebook, a chuir seirbhísí ar fáil do “mhionlach dá gcuid custaiméirí” ina rogha teanga.

Chuir sé fáilte san alt roimh an bplean ‘Cymraeg 2050’ ina leagtar amach straitéis an rialtais 1,000,000 cainteoir Breatnaise a bheith ann faoin mbliain 2050. De réir an daonáirimh is deireanaí, a rinneadh in 2011, tá 562,016 cainteoir Breatnaise ar fud na tíre. Dúirt sé go bhfuil “ról mór” ag an earnáil phríobháideach i bhfíorú na sprice atá ag rialtas na Breataine Bige.

Dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, le Tuairisc.ie go bhfuil an scéal “difriúil in Éirinn” ó tharla nach dtagann aon chomhlacht príobháideach faoi scáth Acht na dTeangacha Oifigiúla ó dheas agus nach bhfuil aon reachtaíocht teanga i bhfeidhm ó thuaidh.

“Níl an taithí chéanna againn, agus bheadh spéis agam cloisteáil ó ghníomhairí teanga sa Bhreatain Bheag cén chaoi a n-éiríonn leis an reachtaíocht don earnáil phríobháideach thall ansin.

“Tá obair mhaith déanta ag Gaillimh le Gaeilge agus Gael-Taca i gCorcaigh le seirbhísí a chur ar fáil san earnáil phríobháideach, agus tá rudaí ar nós an chórais ATM atá ag Banc na hÉireann ann freisin, ach dá mbeadh an reachtaíocht ann bheadh níos mó seirbhísí ar fáil,” a dúirt sé.

Luaigh de Spáinn freisin na nithe atá luaite sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge a thagraíonn don earnáil phríobháideach, ar nós an lipéadú ar tháirgí a dhíoltar in Éirinn. Dúirt go bhfuil rialacháin lipéadaithe i bhfeidhm cheana féin do chomhlachtaí toitíní agus “nár fhág aon chomhlacht toitíní an tír”.

Dúirt sé gur chóir reachtaíocht teanga agus feachtas feasachta a fhorbairt in éineacht.

Fág freagra ar '‘Dea-thoil a chothú’ seachas reachtaíocht teanga an bealach is fearr le seirbhísí i mBreatnais a fháil'

  • Con

    An da cheann i dteannta a cheile ab fhearr dar ndoigh.