‘Ní bheadh bail chomh maith ar an tsochaí murach é’ – McGuinness molta as a shaothar ar son na síochána

D’fhógair iar-LeasChéad-Aire an Tuaiscirt Martin McGuinness tráthnóna go bhfuil sé ag éirí as an bpolaitíocht. Dea-theist ar an iarcheannaire de chuid an IRA an moladh a fuair sé ó dhaoine ón iliomad aicme

‘Ní bheadh bail chomh maith ar an tsochaí murach é’ – McGuinness molta as a shaothar ar son na síochána

“Tá an-bhrón orm faoina shláinte agus guím biseach air go luath,” arsa an tUrramach Harold Good, iar-uachtarán na heaglaise Modhaí agus an brón le haithint go soiléir ar a ghlór. Dea-theist ar Martin McGuinness, iarcheannaire agus fear crua an IRA, ab ea an moladh a fuair sé ó dhaoine ón iliomad aicme, agus go háirithe ó eaglaisigh Phrotastúnacha nuair a d’fhógair sé nach seasfadh sé i dtoghchán an Tionóil ar an 2 Márta i ngeall ar a bhreoiteacht.

’Sea, bhí an brón le clos go soiléir i nglór Harold Good, duine den chléir a bhí ina bhfinnéithe ar dhíchoimisiúnú an IRA. Dúirt sé go raibh sé ag guí gach lá ar son McGuinness ó bhuail an aicíd é a chuir deireadh obann lena pháirtíocht i Stormont. Mhol Good an cheannaireacht a léirigh McGuinness i Stormont agus ar son an athmhuintearais. “D’éist sé le daoine agus chuir sé de stró air féin a ndearcadh a thuiscint,” a dúirt an tUrramach Good. Cé go bhfuil an pholaitíocht i Stormont ina ciseach faoi láthair “ní bheadh bail chomh maith ar an tsochaí is atá murach diansaothar McGuinness,” a dúirt Good.

Thug an tUrramach David Latimer, Preispitéireach a bhfuil a eaglais cois bhallaí Dhoire, ardmholadh d’fhear Thaobh an Bhogaigh chomh maith. D’admhaigh an bheirt acu go raibh daoine áirithe ann nach maithfeadh a ról san IRA do McGuinness go deo, ach d’achainigh siad ar an bpobal breathnú ar an bhfear atá ann anois agus ar an dea-obair a rinne sé.

Bhí McGuinness tiomanta don tsíocháin le breis is scór bliain, dar leo, agus leanfadh sé leis an obair sin ar son na síochána nuair a bheadh biseach air, a dúirt siad.

Ghabh Naomí Long ceannaire Pháirtí an Alliance buíochas le McGuinness as an obair a rinne sé ar feadh na mblianta chun Stormont a choinneáil ar bhonn seasmhach. Ghuigh Colum Eastwood ceannaire an SDLP biseach ar McGuinness agus ghabh seisean buíochas leis freisin. Ní nach ionadh, níor dhúirt an DUP tada faoin gcinneadh ach díol suntais ab ea é nár eisigh an UUP teachtaireacht dea-mhéine.

Cailliúint ollmhór do Shinn Féin i Stormont é McGuinness agus bhí ionadaithe ón bpáirtí croíbhriste faoin scéal. Ghabh Gerry Adams uachtarán Shinn Féin agus leathbhádóir McGuinness le dhá scór bliain anuas, buíochas ó chroí lena chara. Cé nach mbeidh aon ról ag McGuinness mar ionadaí tofa feasta, dúirt sé go mbeadh sé fós ar ardchomhairle an pháirtí. Seans freisin go nglacfadh sé páirt in aon idirbheartaíocht a bheidh le déanamh nó go mbeidh sé ina chomhairleoir ag lucht idirbheartaíochta. Idirbheartaí don IRA sna cainteanna le Willie Whitelaw ab ea é nuair a bhí sé 21 bliain d’aois agus bhí sé páirteach sa mhargáil ar fad a rinne Sinn Féin sna hochtóidí, sna nóchaidí agus go dtí 2007.

D’éirigh sé as oifig mar LeasChéad-Aire i Stormont ar an 9 Eanáir i ngeall ar an scannal faoin scéim fuinnimh inathnuaite, sotal an DUP agus a ndoicheall roimh roinnt na cumhachta. Dúirt sé nach mbeadh Sinn Féin ag filleadh ar an status quo – foláireamh a thug le fios go mbeidh sé deacair Feidhmeannas a bhunú i ndiaidh an toghcháin.

Slat tomhais ar a thromchúisí is atá an t-easaontas idir Sinn Féin agus an DUP é gur éirigh McGuinness as Stormont. D’ainneoin go leor deacrachtaí, ó bhunaigh sé an pháirtnéireacht stairiúil le Ian Paisley sa Bhealtaine 2007, léirigh sé ar feadh na ndeich mbliana ó shin a thiomantas do na hinstitiúidí a choinneáil slán. Meastar gurb eisean go sonrach a mheall poblachtánaithe chun tacú le próiseas na síochána agus leis an bhfiontar polaitiúil. Ghlac siad leis mar eiseamláir toisc go raibh ardmheas acu air mar fhear crua san IRA.

Measann go leor i Sinn Féin gurb é McGuinness an t-aon ionadaí dá gcuid a d’fhéadfadh bualadh leis an mBanríon Eilís chomh minic is a rinne sé gan raic a tharraingt sa pháirtí. Dúshlán do chuid dá lucht leanúna ab ea é nuair a ghlaoigh McGuinness naimhde na hÉireann ar na heasaontóirí poblachtánacha a mharaigh beirt shaighdiúirí agus póilín.

Ar an láimh eile, tá pearsantacht shuairc aige agus réitigh sé go héasca le daoine, agus cé is moite den DUP agus duine nó dhó eile, ghlac polaiteoirí agus feidhmeannaigh i Stormont leis gur chrann taca don phróiseas polaitíochta é a rinne a dhícheall go macánta.

Bhíos-sa i láthair mar thuairisceoir ag an gcomhaireamh ar an Ómaigh nuair a toghadh ina fheisire do Westminster é den chead uair i 1997.

Bhí slua mór aontachtach i láthair a raibh alltacht orthu. Bhain sé an suíochán de Willie McCrea an DUP, a dhiúltaigh seasamh ar an ardán céanna leis an bhfeisire nuathofa as Doire. Ní labhraíonn ionadaithe an DUP leis fós ach amháin faoi ghnó oifigiúil, ach chloisfeá anois ‘Hello, Martin’ ó leath de na daoine a bhí ar an Ómaigh an lá sin ag cásamh a bhua.

Fág freagra ar '‘Ní bheadh bail chomh maith ar an tsochaí murach é’ – McGuinness molta as a shaothar ar son na síochána'