‘Dea-scéal dóite’ do Thomas Barr agus é sa cheathrú háit i Rio

Ba dhóbair d'fhear na nDéise bonn cré-umha a thabhairt leis agus teacht aniar iontach déanta aige i dtreo dheireadh an rása i Rio

‘Dea-scéal dóite’ do Thomas Barr agus é sa cheathrú háit i Rio

Thomas Barr i Rio tráthnóna. INPHO/Morgan Treacy

Tháinig fear na nDéise Thomas Barr sa cheathrú háit sa bhabhta ceannais den chliathrás 400 méadar ag na Cluichí Oilimpeacha i Rio de Janeiro tráthnóna, rás a bhuaigh Kerron Clement ó Stáit Aontaithe Mheiriceá.

Sháraigh Barr curiarracht na hÉireann agus thug sé taispeántas den scoth uaidh.

Ba bheag nár éirigh leis bonn cré-umha a thabhairt leis agus teacht aniar iontach déanta aige i dtreo dheireadh an rása.

I ndiaidh an rása, dúirt Barr gur “dea-scéala dóite” a bhí ann agus an sonas agus brón ina dheireadh. Dúirt sé gurb í “an ceathrú háit an áit is measa ar fad” ach go raibh sé sásta lena thaispeántas agus leis an méid a bhain sé amach ag na Cluichí Oilimpeacha.

Ba é Barr an chéad fhear as Éirinn a cháiligh do bhabhta ceannais sa lúthchleasaíocht ag na Cluichí Oilimpeacha ó bhí David Gillick sa rás 5,000m san Aithin in 2004.

Ba mhór an gaisce ag Barr fiú an babhta leathcheannais a bhaint amach agus é gortaithe den chuid is mó den bhliain.

Agus gortú bléine ag cur as dó, níor éirigh leis dul níos tapa ná 50 soicind in aon rás roimh Rio i mbliana.

Ach sa bhabhta leathcheannais sháraigh an Déiseach curiarracht na hÉireann agus rith sé an rás sin i 48.39 soicind.

Rinne sé amhlaidh tráthnóna nuair a rith sé an babhta ceannais i 47.97 soicind. Ba leor an t-am sin le bonn cré-umha a bhuachan i Londain in 2012 nó le bonn airgid a bhuachan i mBeijing in 2008 agus san Aithin in 2004.

Fág freagra ar '‘Dea-scéal dóite’ do Thomas Barr agus é sa cheathrú háit i Rio'