De Varadkar an Leath-Thaoiseach agus an córas polaitiúil

Bua stairiúil ag Leo Varadkar? I mbeagán focal, thug lucht na cumhachta tacaíocht do dhuine eile de chuid lucht na cumhachta

De Varadkar an Leath-Thaoiseach agus an córas polaitiúil

Pictiúr: Eamonn Farrell/RollingNews.ie

Fan anois go bhfeice mé an dtuigim an córas daonlathach mar is ceart. Teipeann ar Fhine Gael san olltoghchán deireanach toil an phobail a thabhairt leo. Ina ainneoin sin, ceaptar Enda Kenny ina Leath-Thaoiseach. Míníonn mórán tráchtairí dúinn nach fiú olltoghchán eile a bheith ann – bíodh is nár bhain Fine Gael é – mar go bhfuil tuirse ar vótóirí, go bhfuil an próiseas chun Leath-Thaoiseach a cheapadh iomlán dlíthiúil – agus tá na vótóirí tuirseach.

Cuireann an Leath-Thaoiseach ‘rialtas’ le chéile – meascán de ghligíní neamhspleácha agus de leantóirí leadránacha páirtí – agus carnann sé an pinsean go dtí go dtosaíonn leantóirí leadránacha páirtí eile á rá go bhfuil sé in am aige imeacht agus deir sé go n-imeoidh sé ach go mbíonn moill bheag ann agus moill eile.

Imíonn an Leath-Thaoiseach sa deireadh agus bíonn comórtas taobh istigh den pháirtí nach raibh toil an phobail leis (mar go raibh na vótóirí róthuirseach le vótáil arís) agus ceaptar Leo Varadkar ina cheannaire ar an pháirtí nach raibh toil an phobail leis (mar go raibh na vótóirí róthuirseach) agus tig leis a ainm a chur chun cinn mar Leath-Thaoiseach nua agus tig linn bheith bródúil go mbeidh fear de shliocht imiricigh agus fear aerach ina Leath-Thaoiseach ar an Stát mar gur dream liobrálach muid agus ní chaithfidh muid bheith buartha go mbeidh fear ina Thaoiseach nach raibh toil bhaill a pháirtí féin leis nó nach raibh toil an phobail lena pháirtí roimhe sin arís.

(Bhí an chosúlacht ar an scéal go raibh roinnt mhaith de bhaill Fhine Gael róthuirseach le vóta a chaitheamh sa toghchán le ceannaire páirtí a roghnú fosta. Tuigeann tú dóibh – seans go bhfuil siad tuirseach go fóill i ndiaidh an olltoghcháin a chaill siad. Mar sin féin, ní raibh toil na mball nach raibh tuirseach chun vótála i bhFine Gael leis an cheannaire nua agus níl toil an phobail leis an pháirtí a thogh an ceannaire úr atá… Ó, a Dhia, an bhfuil sé róluath ag Jamesons?)

An é sin é? An bhfuil tuigse mar is ceart agam ar an chóras dhaonlathach?

Tá mise breá sásta go bhfuil fear de shliocht na hIndia ina thaoiseach ar Fhine Gael. Tá karma – bóm! bóm! – ag baint leis nó ghríosaigh troid na saoirse in Éirinn an troid chun saoirse san India fosta. Ba í an tsaoirse – dá theoranta í – a bhain 26 contae in Éirinn an buille a rinne cinnte de go mbeadh saoirse san India ar ball. Bhí ceannairí na hIndia eolach ar ar tharla in Éirinn – bíodh is nach bhfeiceann tú mórán faoi sin sna meáin mhóra. Tá rud inteacht iontach iontach sásúil le baint as an nóisean go bhfuil fear de shliocht na hIndia ina cheannaire sa tír a chuir tús leis an fheachtas a bhronn saoirse ar thír a athar féin. Ar dhóigh an-suntasach, is oidhre de chuid Michael Collins é Varadkar.

Ar ndóigh, níl muid chomh deoranta sin nach bhfuil taithí againn ar mhac imircigh bheith ag imirt tionchair ar pholaitíocht na hÉireann. Bhí an fear seo a raibh ‘Dev’ air lá den tsaol i mbun na háite. Níl an sloinne de Valera ar dhóigh ar bith níos Gaelaí ná Varadkar ach tá ‘v’ sa dá shloinne agus ba cheart go mbeimis ar ár gcompord leis sin. (Nach míle trua nach “de Varadkar atá air?!)

Mar sin féin, ní dóigh liom go mbeidh an tionchar céanna ag Leo V orainn agus a bhí ag Dev orainn. Sea, tá Leo aerach. Agus? Is fíric spéisiúil í sin faoi pholaiteoir nach bhfuil chomh spéisiúil sin. Cad é eile atá ar eolas agat faoi Varadkar? An bhfuil éacht ar bith déanta aige in aon réimse oibre dá chuid? Níl, i ndáiríre.

Is polaiteoir óg gairmiúil é, 38 bliain d’aois. Tá sé chomh hóg sin gur ar éigean a chuirfeá i mbun do chumainn áitiúil CLG é ná i mbun meánscoile ná i mbun otharlainne ná i mbun Ach tuigeann sé córas na polaitíochta. Fuair sé tacaíocht taobh istigh den pháirtí sin ó pholaiteoirí gairmiúla eile, polaiteoirí a shantaíonn cumhacht agus pinsean mór. I mbeagán focal, thug lucht na cumhachta tacaíocht do dhuine eile de chuid lucht na cumhachta.

Fan anois go bhfeice mé an dtuigim an córas daonlathach mar is ceart. Teipeann ar Fhine Gael san olltoghchán dheireanach toil an phobail a thabhairt leo…

Fág freagra ar 'De Varadkar an Leath-Thaoiseach agus an córas polaitiúil'

  • frainc

    Ráite go paiteanta agat a Phóil. Niúidí neáideachas Fhine Gael, an bhféadfadh aon rud eile a bheith chomh marbh, chomh béatálta leis? Varadkar? Ní éireoinn amach as an leaba ag am eadra fiú chun toradh a thabhairt air dá mbeadh sé ag cngadh ar mo dhoras.!