D’athraigh an toghchán na gnáthrialacha. Ní foláir imirt dá réir anois…

Tá sé thar am deireadh a chur leis an bprapáil agus tús a chur leis an bpríomhchluiche

Toghchán Strap

Pictiúr: Sasko Lazarov/RollingNews.ie
Pictiúr: Sasko Lazarov/RollingNews.ie

 

Teastaíonn seal aclaíochta agus cleachtaidh ó gach foireann ag tús an tséasúir nua. Go háirithe tar éis do chomhdháil bhliantúil CLG na rialacha a athrú arís. Ach tar éis na prapála, mar is eol do gach imreoir, caithfear tús a chur leis an imirt dháiríre, cibé dearcadh atá ag duine ar an athrú is déanaí sa chóras.

Tá clár oibre an rialtais nua ag dul i bhfad in aghaidh an lae. Déardaoin mar shampla, bhí na meáin breac le tuairiscí ar an aighneas gan réiteach i Luas agus an t-aighneas a chuir bac ar fhorbairt seirbhísí an DART. Bhí tuairiscí an lá sin freisin faoin méadú is déanaí  ar líon na ndaoine gan ghnáthdhídean, faoin ngéarchéim airgeadais atá romhainn sa tseirbhís sláinte agus faoin stailc sna meánscoileanna mar gheall ar phá múinteoirí óga agus, arís eile, an Teastas Sóisearach. Sin gan trácht ar scéalta an Déardaoin faoin tionchar a bheadh abhus ag aistarraingt na Ríochta Aontaithe ón AE.

Agus cuimhnigh nach bhfuil thuas ach cuntas lae.

Tá sé soiléir faoin am seo, nó ba chóir go mbeadh, go bhfuil bunú rialtais ag teastáil gan mhoill. Tá an riachtanas chomh soiléir leis an obair chrua a bheidh le déanamh ag an rialtas nua, agus leis an míshásamh a spreagfaidh cibé dream a bheas páirteach ann.

Rinne Michael Noonan cur síos lom ar a chúinge is atá na roghanna airgeadais nuair a labhair sé ag cruinniú Dé hAoine idir ionadaithe Fhine Gael agus na Neamhspleáigh atá ag plé socruithe rialtais leo. Ní hacmhainn don rialtas nua gach duine, ná fiú móramh, a shásamh. Go háirithe mar gheall ar an tslí inar sheachain an rialtas atá ar tí dul as oifig den chuid is mó an t-easnamh airgeadais (suas le 1 billiún i mbliana) atá ag bagairt sa tseirbhís sláinte.

Níl hé mallaistear Fhine Gael agus Fhianna Fáil i dtreo chomhráite is mó a thuilleann an cáineadh a chloistear sna meáin. Ní gan dua (nó olltoghchán eile, b’fhéidir) a thiocfaidh siad ar an margadh a theastaíonn ar mhaithe le leas na tíre.

Ní dhearna an scríbhneoir seo, ná formhór na n-iriseoirí atá ag lochtú an dá phríomhpháirtí, stocaireacht ar son iarrthóra riamh. Níl aon chleachtadh againn ach an oiread ar an obair fhada a ghabhann leis an saol polaitiúil. Agus ní bheidh orainn glacadh le margadh atá glan in aghaidh ár dtola. 

Mar sin féin, caithfear an margadh a dhéanamh. Caithfear aghaidh a thabhairt ar an riachtanas, agus ar neamhthoil an phobail géilleadh do phrionsabal a rialaíonn gach margadh polaitiúil: ní féidir gach duine a shásamh.

É sin, nó olltoghchán.

Cén cineál comhrialtais a theastaíonn uainn?

Tá dhá fhreagra ar an gceist, mar a léirigh suirbhé díreach tar éis vótála a rinne RTÉ ar lá an olltoghcháin, inar ceistíodh 4,283 vótóir ar fud an stáit.

Freagra 1. Ní theastaíonn comhrialtas de chineál ar bith ónár bhformhór. Comhrialtas eile idir Fine Gael agus an Lucht Oibre a fuair an tacaíocht is mó sa suirbhé. Ach níor theastaigh teacht le chéile dá leithéid ach ó 21% de na vótóirí a ceistíodh.

Dála an scéil, níor mhol ach 11% comhrialtas idir Fine Gael agus Fianna Fáil.

Freagra 2. Bhí Fine Gael chun cinn ar gach páirtí eile mar rogha rialtais de chineál éigin, má chíortar torthaí an tsuirbhé ar bhonn páirtí. Dúirt 48% de na vótóirí a ceistíodh gur theastaigh rialtas ina mbeadh Fine Gael páirteach uathu.

Is de réir na gcéatadán seo a leanas a moladh roghanna éagsúla rialtais ina mbeadh Fine Gael san áireamh:

21% Fine Gael agus an Lucht Oibre

13% Fine Gael agus Fianna Fáil

9% Fine Gael, an Lucht Oibre, agus páirtithe eile nó Neamhspleáigh

5% FG i mbun rialtais ina n-aonar

Iarfhocal: níor roghnaigh ach 32% rialtas ina mbeadh Fianna Fáil páirteach ar bhealaí éagsúla.

An cheist sa suirbhé: ‘Is féidir Rialtas a bhunú ar bhealaí éagsúla tar éis an toghcháin seo. Cé acu ab fhearr leat?’

– Cuireann Cathal Mac Coille ‘Morning Ireland’ i láthair ar RTE Raidió a hAon.

Fág freagra ar 'D’athraigh an toghchán na gnáthrialacha. Ní foláir imirt dá réir anois…'