Dath donn ag teacht ar Mheiriceá agus gan an cárta glas chomh láidir is a bhí

Cé nach bhfuil ceist na n-imirceoirí mídhleathacha chomh mór i mbéal an phobail anois maireann na deacrachtaí móra do chuimse daoine

Enda Kenny agus Barack Obama. RollingNews.ie/Merrion Street
Enda Kenny agus Barack Obama. RollingNews.ie/Merrion Street

Don uair dheiridh aigesean, ghlac an tUachtarán, Barack Obama, leis an tseamróg sa Teach Bán le linn imeachtaí na Féile Pádraig an tseachain seo.   Mar atá déanta ag chuile Thaoiseach sa Teach Bán le deich mbliana fichead anuas, thagair Enda Kenny do na hÉireannaigh atá sna Stáit Aontaithe gan cárta glas (cárta cead oibre) ná cead cónaithe ansin – na himirceoirí mídhleathacha, mar a thugtar orthu.  Cé nach bhfuil an cheist chomh mór i mbéal an phobail anois, maireann na deacrachtaí móra do chuimse daoine. 

Tarlaíonn sé go mion minic nach féidir le hÉireannaigh filleadh abhaile chuig ócáidí teaghlaigh, sochraidí ina measc. 

Ní tharraingíonn teaghlaigh anuas na hócáidí seo go poiblí de bharr imní go n-aithneofaí iad siúd atá i gceist agus go ndíbreofaí as Meiriceá iad.

Díreach glan deich mbliana fichead go ham seo a rinne an Feisire Comhdhála as Massachusetts, Brian Donnelly,  beart a chuidigh go mór le hÉireannaigh mídhleathacha i Meiriceá. Chuir Donnelly mír le hAcht Imirce a thug deis do chuid mhór de mhuintir na tíre seo an cárta glas a fháil sna Státaí. 

Na ‘Donnelly Visas’ a tugadh ar an mbeart sin agus tá an téarma sa gcaint fós i measc phobal na hÉireann i Meiriceá.  Ba é an chéad fhaoiseamh é a fuair na scórtha míle Éireannach a bhí gaibhte go Meiriceá mar go raibh Éire buailte ag géarchéim eacnamaíochta a bhí ní ba mheasa – más tada é – ná an ghéarchéim a thosaigh in 2008.   

Is beag de na himirceoirí a thréig Éire sna hochtóidí  a bhí in ann an Cárta Glas a fháil sna Stáit Aontaithe san am sin.  Bhí an doras a bhí oscailte d’Éireannaigh agus do dhaoine as tíortha eile i dtuaisceart na hEorpa dúnta. 

Bhí fabhar ag tíortha áirithe ar an taobh seo den Atlantach i gcóras inimirce na Stát ar feadh cuid mhór den fhichiú haois – ‘favoured countries’ a thugtaí orthu. 

I socrú a rinneadh i 1921, tugadh 70% de na víosaí go Meiriceá do thrí thír, Éire, an Bhreatain agus an Ghearmáin.   Athraíodh an córas sna 1960dí agus murach sin ní dóigh go mbeadh ocht gcinn de bhabhailíní seamróige faighte go brách ag Barack Obama sa Teach Bán. 

Ach is iad sliocht na hÉireann i bpolaitíocht na Stát ba chionsiocair leis an athrú cinniúnach.   Tharla sé i dtús na seascaidí agus an tUachtarán John F. Kennedy a bhí ina chion.

Is minic a shíl mé go raibh sé buille beag íorónach go raibh an Seanadóir Ted Kennedy, deartháir an Uachtaráin, ina urlabhraí chomh láidir sin ar mhaithe le cearta cónaithe na nÉireannach sna Státaí le deich mbliana fichead.  Ba é Ted Kennedy a rinne stiúrú ar Acht Inimirce 1965 sa Seanad agus i dTithe na Comhdhála i Washington. 

Leag an tUachtarán Lyndon Johnson an dualgas sin air.   Láimhsigh Ted Kennedy an reachtaíocht agus glacadh leis i Washington i 1965 – an Immigration and Nationality Act. 

Baineadh an tosaíocht láidir a bhí acu de na tíortha traidisiúnta agus tugadh deis i bhfad ní b’fhearr do mhuintir na hÁise agus don pobal Laidineach sna tíortha ó dheas. 

Ceapadh nach dtiocfadh sruth nua suntasach ar bith isteach as na tíortha sin ach ní mar sin a tharla.  An lá ar glacadh leis an Acht sin, leagadh an bhunchloch leis an gcéad Uachtarán den chine dubh a thoghadh i Meiriceá. 

I 1958 scríobh an Seanadóir John F. Kennedy as Massachusetts leabhar dar teideal A Nation of Immigrants.  Déanann an Cinnéideach trácht sa leabhar sin ar an 42 milliún duine a tháinig go Stáit Aontaithe Mheiriceá ó fuair an tír neamhspleáchas go dtí an lá sin i 1958.   Ach abraíonn sé nach raibh an córas cothrom ná daonna.  Tugann sé figiúirí: bhí cuóta víosaí go Meiriceá ag 65,361 as an mBreatain an bhliain sin; bhí 25,814 ag an nGearmáin agus bhí 17,756 ag Poblacht na hÉireann (6,054 as an tír seo a bhain leas an na víosaí).   

Ar an taobh eile den scéal, bhí tíortha in oirthear agus i ndeisceart na hEorpa an-íseal – an Iodáil, mar shampla ag 5,666. 

Nuair a toghadh John F. Kennedy ina Uachtarán leag sé béim ar athruithe ar an gcóras inimirce agus sin a d’oscail an doras don lear mór daoine as an Áise agus as tíortha Mhuir Chairib agus Mheiriceá Theas a tháinig isteach. 

Tháinig 30 milliún inimirceoir isteach go Stáit Aontaithe Mheiriceá sna tríocha bliain idir 1965 agus 1995 – sin a thrí oiread agus a tháinig isteach sna tríocha bliain roimh 1965. 

Ba as na tíortha nua a tháinig a dtromlach.

Áirítear 11 milliún a bheith i Stáit Aontaithe Mheiriceá go mídhleathach anois.  Cé nach laghadaíonn sé an brú agus an imní, níl sna hÉireannaigh ach céatadán bídeach díobh seo. 

Bíonn sárú ann faoin líon Éireannach atá i gceist; d’fhéadfadh sé go bhfuil na scórtha míle ann.  Bhí an-dóchas ag imirceoirí mídhleathacha as Barack Obama ach níl aon athrú mór tagtha ar an scéal le linn a réimis i Washington. 

Beidh neart ama ag an gcéad duine eile a bheidh ag fáil an bhabhailín seamróige sa Teach Bán le cead a gcos a thabhairt go héasca d’imirceoiri mídhleathacha.   

Tá traidisiún Lá Fhéile Pádraig agus an babhla seamróige láidir sa Teach Bán i gcónaí ach tá dath donn ag teacht ar Mheiriceá agus níl an cárta glas chomh láidir agus a bhí sé.