Dáta seolta deimhnithe don Chaighdeán Oifigiúil nua

Seolfar an t-eagrán is deireanaí den Chaighdeán Oifigiúil an tseachtain seo chugainn i mBaile Átha Cliath

ancaighdea

Tá deimhnithe ag Rannóg an Aistriúcháin do Tuairisc.ie go seolfar an t-eagrán is deireanaí den Chaighdeán Oifigiúil Dé Céadaoin, an 13 Iúil, i mBaile Átha Cliath.

Ba í Rannóg an Aistriúcháin i dTithe an Oireachtais a cheap an Caighdeán Oifigiúil an chéad lá riamh agus a d’fhoilsigh sa bhliain 1958 é. Sa bhliain 2012, d’fhoilsigh an Rannóg leagan athbhreithnithe den Chaighdeán agus gealladh sa réamhrá leis an eagrán sin go ndéanfaí athbhreithniú air i gceann trí bliana.

Bhí an leagan nua le foilsiú mí Márta 2015 ach fógraíodh anuraidh go raibh moill ar chúrsaí agus go mbeadh sé réitithe roimh dheireadh na bliana. I mí na Samhna, cuireadh an spriocdháta siar go dtí an Márta, ach cuireadh siar arís é ina dhiaidh sin.

Ceann de na gnéithe is mó a mbeidh spéis ag lucht teanga ann ná cé chomh dílis dá chéile is a bheidh an Caighdeán nua agus an Foclóir Nua Béarla-Gaeilge agus cén réiteach a bheidh ar aon neamhréir.

Dúradh sa leagan den Chaighdeán a foilsíodh in 2012, nó an Caighdeán ‘Corcra’ mar a thugtar mar ainm ceana air, go ndearnadh iarracht ‘na claochluithe atá ag titim amach ó thaobh struchtúir ghramadaí na teanga a aithint’ ach srian a choinneáil leis an ró-Bhéarlachas agus gan struchtúir dhúchasacha na Gaeilge ‘a chur as a riocht’.

Chuige sin d’fhéach údair Chaighdeán 2012 le foirmeacha agus leaganacha canúnacha atá sa chaint a chur san áireamh ar mhaithe le haitheantas a thabhairt do ghnáthchaint na ndaoine.

Fág freagra ar 'Dáta seolta deimhnithe don Chaighdeán Oifigiúil nua'

  • padraig

    Más maith is rímhithid, beidh le feiscint/le feiceáil an ngéilltear don ngnáthchaint/don ghnáthchaint…..

  • Seán Mór

    Iomrá ar bith air seo inniu?