DARA Ó CINNÉIDE: Uaireanta, siad do dhaoine féin is túisce a ligfidh síos tú…

Beidh Tiobraid Árann, an fear beag a bhfuil éagóir déanta air, ag iarraidh an ceann is fearr a fháil ar an bhfathach amárach

Steven O’Brien faoi bhrú ag Stephen Cunningham agus Conor Mulally (Baile Átha Cliath) i gcluiche leathcheannais Faoi-21 ar an Satharn. Pictiúr: INPHO/Cathal Noonan
Steven O’Brien Pictiúr: INPHO/Cathal Noonan

Ní dócha go mbeidh mórán le cois fiche míle duine i láthair i Staid an Ghearaltaigh do chluiche ceannais na Mumhan amárach ach níor cheart go gciallódh san go ndéanfadh na húdaráis athbhreithniú ar aon chuid den dtarrac a bheadh le déanamh do chraobh peile na Mumhan feasta.

Tá an tuairim ann go dtugann Cumann Lúthchleas Gael faoi chuid mhaith dá mbeartaíocht agus an t-airgead ina thús agus deireadh soiscéil acu ach bréagnaíonn mórán dá raibh i moltaí an Ard-Stiúrthóra Paraic Duffy i ndeireadh na bliana seo caite argóintí an airgid.

Ní raibh oiread is moladh amháin déanta ag Duffy a chuirfeadh leis an gciste airgid i bPáirc an Chrócaigh agus i gcás cuid de na moltaí céanna – deireadh a chur le babhtaí leathcheannais sraithe peile agus am breise a imirt i gcás gach cluiche craoibhe ón mbliain 2017 a chríochnaíonn ar chomhscór – is amhlaidh go mbeadh poll maith, isteach is amach le dhá mhilliún go leith Euro, curtha sa sparán dá nglacfaí leo.

Beidh poll maith sa sparán ag Comhairle na Mumhan tar éis an lae amáirigh (’sé sin muna mbíonn athimirt i gceist) ach níor cheart dóibh filleadh ar na laethanta a thug buntáiste éagórach do Chorcaigh agus do Chiarraí ar mhaithe le slua mór a bheith i gCill Airne nó i bPáirc Uí Chaoimh lá an chluiche ceannais.

Tá na comharthaí ann i ngrád na mionúr agus faoi bhliain is fiche le cúig bliana anois go bhfuil Tiobraid Árann ullamh le dul i ngleic le piardaí móra an chúige, Ciarraí agus Corcaigh, agus ní raibh in a mbua trí seachtaine ó shin ag leibhéal na sinsear ach an dearbhú is déanaí ar threo na taoide.

Cé gur nocht bainisteoir na dTiobradach, Liam Kearns, a ghoilliúnacht agus a íogaireacht le déanaí i leith na tuairimíochta a bhí ag iarimreoirí maidir lena fhoireann féin, beidh a fhios aige go maith gur laistigh de Thiobraid Árann féin is mó atá na bacanna ó thaobh fhorbairt na peile sa chontae.

Beidh cuid de phobal na hiomána, a fhanfaidh ag baile amárach d’fhonn is na pinginí a spáráil dá gcluiche ceannais féin in aghaidh Phort Láirge i bPáirc an nGael an Domhnach dar gcionn. Thuigfeá san dóibh. Is í an iománaíocht a gcluiche agus b’fhéidir, leis, go bhfuil na pinginí teann.

Ach tá buíon an-bheag eile i measc phobal na hiomána a bheidh ag súil nach n-éireoidh le peileadóirí Thiobraid Árann amárach. Feictear dóibh, b’fhéidir, nach achmhainn do chontae ar nós Tiobraid Árann dhá chluiche a chothú agus a fhorbairt le líon na n-imreoirí atá sa chontae. Thug roghnóir na foirne peile, Tommy Toomey éachtaint dúinn ar an meon aigne seo in agallamh a dhein sé an tseachtain seo leis an Irish Examiner. Dúirt Toomey, a bhí ina bhainisteoir leis an bhfoireann faoi 21 peile a shroich cluiche ceannais peile na hÉireann anuraidh, go raibh an bonn á bhaint de chúrsaí peile sa chontae le blianta ag beartais agus gníomhartha lucht iomána agus ag oifigigh de chuid Bhord an Chontae.

Níor ghá, a dúirt Toomey, ach féachaint ar an méid a deineadh i dTiobraid Árann i mbliana féin agus cosc á chur ag bainistíocht iomána ar imreoirí mionúr a bheith ag iarraidh an dá thrá, peil agus iománaíocht, a fhreastal. Ba mheasa ná san an séala a thug Bord an Chontae don gcosc a raibh de thoradh air ná féadfadh beirt nó triúr imreoirí óga peil agus iománaíocht a imirt i ngeansaí Thiobraid Árann i mbliana, mar a dhein scata anuraidh nuair a bhain an dá fhoireann mionúr cluichí ceannais na hÉireann amach.

Deineadh go leor cainte faoi líon na n-imreoirí a bhí in easnamh ar an bhfoireann shinsir i dTiobraid Árann i mbliana chomh maith. Bhí cúiseanna éagsúla i ngach cás idir pheil Astrálach, imreoirí éirithe as, imreoirí ar imirce agus imreoirí dulta leis an bhfoireann iomána.

Is é an cás is mó a bheadh á cháiseamh ag lucht leanúna na peile sa chontae ná ceann Stephen O’Brien atá ar phainéal na n-iománaithe. Is léir go bhfuair O’Brien droch-chomhairle in áit éigin. Cé nach raibh aon amhras go mbainfeadh a chomhghleacaí, Séamus Kennedy, áit ar an bhfoireann iomána, ní raibh O’Brien chomh cumasach sin go bhféadfadh sé talamh slán a dhéanamh dá áit ar an bhfoireann. Níl ach roinnt nóimeataí fánacha ar pháirc na himeartha fachta ó bhainistíocht na n-iománaithe ag O’Brien i mbliana ach ní bréag a rá go mbeadh sé ar an imreoir ba thábhachtaí ar an bhfoireann peile, dá mba ann dó amárach.

Dúirt an t-imreoir peile ab fhearr a bhí riamh ag Tiobraid Árann, Declan Browne, liom le déanaí go raibh sé féin sa bhád céanna nuair a tháinig an bainisteoir iomána, Nicky English, ag cnagadh ar a dhoras féin ag casadh na mílaoise. Is deacair d’aon Tiobradach, a dúirt Browne, an glaoch a dh’eiteach nuair a thagann sé.

Bíonn aislingí d’óige fite fuaite leis agus bíonn tú beag beann ar an nguth beag bídeach san a deireann leat nach iománaí idirchontae tú. Ghéill Browne don gcathú ar feadh seal; níor éirigh leis ar an bpainéal iomána agus d’fhill sé arís ar na peileadóirí. Beatha dhuine a thoil.

Sin é an taobh go mbeidh scata den lucht leanúna neodrach i Staid an Ghearaltaigh amárach ag liúrthaigh do na Tiobradaigh. An fear beag, a bhfuil éagóir déanta air, ag iarraidh an fear maith a fháil ar an bhfathach.

Ach bímis deimhnitheach d’fhoinse na héagóra.

Uaireanta, siad do dhaoine féin is túisce a ligfidh síos tú.