DARA Ó CINNÉIDE: Trí cinn de mhóriontais a bheidh ag feitheamh linn sa bhliain nua

Agus an geimhreadh ag teannadh linn leanfaidh an chaint ar chártaí dubha agus ciceanna amach

DARA Ó CINNÉIDE: Trí cinn de mhóriontais a bheidh ag feitheamh linn sa bhliain nua

Sea, tá na gearrliostaí foilsithe agus is gearr uainn fios maidir le cé leis a thitfidh na gradaim aonair tar éis imirt na bliana.

Tá a fhios againn le seachtain anuas gur cois Life a bheidh corn Sam Mhig Uidhir neadaithe as seo go ceann bliana ach bí siúráilte go bhfuil seifteanna á mbeartú i gcontaetha eile cheana féin chun a chinntiú nach mbeidh Sam i mBaile Átha Cliath don tríú bliain as a chéile.

B’fhéidir gur beag caint a dhéanfar faoi agus tá gach seans go raghaidh sé i ngan fhios do scata ach tá tarrac na craoibhe 2017 le déanamh beo ar an dteilifís Déardaoin seo chugainn.

B’fhéidir, leis, gurbh é bainisteoir chontae an Chláir, Colm Collins ba dheisbhéalaí agus ba ghonta a bhí nuair a d’fhógair sé níos luaithe sa tsamhradh gur geall le bheith ag faire ar phéint ag triomú an clár teilifíse céanna ach beidh go leor bainisteoirí eile ag faire go géar ag iarraidh a fháil amach cén cúrsa atá le beartú acu do shamhradh na bliana seo chugainn.

Dar ndóigh, tá a fhios againn le mí anois go dtosnóidh sraith náisiúnta caide na bliana seo chugainn ar an Satharn an 4 Feabhra 2017 agus gurb iad Maigh Eo agus Muineachán is túisce a thabharfaidh éachtaint dúinn ar a bhfuil de ghoile fágtha sna foirne móra i dtús an earraigh.

Tá a rithim féin ag baint leis an dtráth seo den mbliain chomh maith agus na laochra a bhí ar fán i gcaitheamh an tsamhraidh óna gcumainn ag filleadh de réir mar a ghéilleann an fód fúthu. Faoin dtráth go mbeidh clabhsúr curtha ar na craobhacha éagsúla contae, chífir gur furaist don leathfhonn leithscéal d’fháil. Éinne nach bhfuil fonn caide an t-am seo den mbliain air, beidh sé le feiscint go pras is go paiteanta.

Sin é an taobh go mbíodh agus go bhfuil oiread measa anseo i gCiarraí ar Shéamus Moynihan, mar shampla. Ba chuma bog nó cruaidh, soineann nó doineann, bhíodh saighdiúir Ghleann Fleisce ullamh chun catha i gcónaí. Ní gach aon imreoir contae atá amhlaidh sa lá atá inniu ann agus chífir cuid mhaith acu á spáráil féin as seo go lár an earraigh.

Seo a leanas, mar sin, trí cinn de na hiontaisí móra atá ag feitheamh linn nuair a fhillfidh plúr na bhfoirne sa bhliain nua.

1. An Cárta Dubh

INPHO/James Crombie
INPHO/James Crombie

Tá oiread cainte déanta faoin gcárta dubh le roinnt seachtainí anuas gur leasc liom féin cur leis an ngleo. Toisc nach bliain í 2017 inar féidir rialacha imeartha CLG a athrú, ná bí ag súil le mórán athruithe i gcás an chárta dhuibh. Tá slite eile ann, áfach, chun athruithe a chur i bhfeidhm ach má leanann an chaint san aer atá le tamall anuas faoin gcárta dubh, is baolach nach mbeidh fé thús na bliana seo chugainn againn ach tórmach mór is marbhghamhain. Ba mhaith ann na spriocanna a bhí leis an gcárta dubh nuair a cuireadh i bhfeidhm ar dtús é ach an bhfuil slite eile ann chun na spriocanna sin a aimsiú? Má tá an fonn agus an toil do bhosca na bpeacaí chomh láidir is a taibhsítear dom, aimseofar seift éigin chun é a thabhairt isteach.

2. An Marc

INPHO/Morgan Treacy
INPHO/Morgan Treacy

An tseachtain seo chugainn ag na cluichí idir na coláistí ardoideachais cuirfear tús leis an marc a ceadaíodh ag Comhdháil Bhliantúil CLG i mí Feabhra. Beidh rogha faoin riail nua ag aon imreoir a bheireann ar an gcaid ó chic amach a thuirlingíonn lasmuigh den líne 45 méadar, marc a ghlaoch agus cic saor a ghnóthú dó féin nó leanúint ar aghaidh leis an imirt. Deir lucht a cháinte gur beag an feabhas a bheidh ar an gcluiche dá bharr. Deirid siúd, ar mo chuma féin, gur beag rian a fhágann sé ar an imirt ach déarfadh an coiste, faoi chathaoirleacht Jarlath Burns, a mhol an t-athrú an chéad lá go dtabharfaidh sé cosaint do cheann de mhór-ealaíona na caide, greamú na liathróide san aer. D’áitigh Burns um an dtaca seo anuraidh gur ciceanna amach gearra ab ea 32% des na ciceanna amach a tógadh sa chluiche ag an am. Níl aon áireamh déanta agamsa ar líon na gciceanna amach gearra i gcraobh na bliana seo ach taibhsítear dom go mbeadh méadú tagtha arís ar an bhfigiúr sin. D’fhéadfaí a rá, go deimhin, gurb í ceist na gciceanna amach is mó a bheidh á cíoradh nuair a labhartar ar chraobh 2016 feasta de bharr cinneadh na bainistíochta i Maigh Eo maidir lena gcúl báire le déanaí. Is beag tionchar a bhí ag athruithe i rialacha imeartha na gcluichí ó ceadaíodh an cic saor agus an cic sleasa ón láimh i 1990 agus beidh fiosracht ar leith ar dhaoine maidir lena bhfuil i ndán leis an marc. 

3. Páirc Uí Chaoimh

INPHO/James Crombie
INPHO/James Crombie

Cé go bhfuilid ann a déarfadh go bhfuil srathar na hainnise agus cuing an anró curtha ag Bord CLG Chorcaí orthu féin le forbairt Pháirc Uí Chaoimh, beifear ag súil go mór le páirc imeartha agus láthair chaitheamh aimsire den scoth nuair a osclófar na geataí i lár an tsamhraidh. N’fhéadfadh fiú na daoine ba thréine a bhí ag áiteamh ina coinne, a rá nach raibh gá le hathchóiriú agus nach gcuirfí feabhas ar a raibh san áit roimhe seo. Beidh breis spáis, breis leithreas agus breis compoird inti agus fiú más €78 milliún an costas measta anois seachas an €70 milliún a bhí i gceist ar dtús, nach fiú aon ní é go mbeadh láthair nua-aimseartha cois Laoi a raghadh san iomaíocht le Páirc a’ Chrócaigh mar lárionad CLG? Is í forbairt Pháirc Uí Chaoimh an togra innealtóireachta is mó i gCúige Mumhan faoi láthair agus níl ó Ghaeil na tíre anois ach go mbeadh fuascailt i ndán do Pháirc Mhic Easmainn agus go mbeadh a macasamhail á forbairt ó thuaidh i mBéal Feirste chomh maith. Ansan, d’fhéadfaí tús a chur i gceart le caint faoi iarracht 2023 do Chorn Rugbaí an Domhain! Sin port do lá éigin eile níos faide anonn. Dia linn!