DARA Ó CINNÉIDE: Tá na Dubs dásachtacha, dochloíte ag teacht…

Tá Baile Átha Cliath chomh gar don fhoirfeacht is a d’fhéadfadh aon fhoireann caide a bheith i dtús an Mhárta

DARA Ó CINNÉIDE: Tá na Dubs dásachtacha, dochloíte ag teacht…

Dean Rock le Keith Higgins. Pictiúr: INPHO/Tommy Dickson

Bhraitheas ag pointe áirithe i rith an chluiche idir Maigh Eo agus Áth Cliath Dé Sathairn seo caite go rabhas ag féachaint ar fhoireann a bhí chomh gar don bhfoirfeacht is a d’fhéadfadh aon fhoireann caide a bheith i dtús an Mhárta.

Sara gcaitheadh an chaid in airde chun tús a chur leis an imirt, bhíos ag tabhairt na haon tseans do Mhaigh Eo. Taibhsíodh dom go raibh a mbuille aimsithe acu an tseachtain roimis sin i gcoinne Ros Comáin, go raibh beirt nó triúr des na himreoirí óga neadaithe isteach go deas i measc na seanfhondúirí agus anuas air sin go léir, bhraitheas go raibh leochaileacht áirithe le braistint in imirt Átha Cliath in aghaidh Dhún na nGall i mBealach Féich.

Mo ghraidhin mo cheann!

Seacht nóimeataí a thóg sé orm nó gur aithníos cé leis a bheadh an lá.

Bhí deis ar scór ag triúr de thosaithe Mhaigh Eo, ach trí bhabhta i ndiaidh a chéile, d’éirigh le  Michael Fitzsimons, Darren Daly agus David Byrne a n-iarrachtaí a bhlocáil go dlisteanach agus go healaíonta.

N’fheadar an bhfuil aon fhoireann eile sa tír go n-éiríonn leo cic a bhlocáil chomh minic agus chomh paiteanta?  Fiú as san go deireadh na himeartha, d’éirigh le cosantóirí Átha Cliath ar a laghad cúig cinn eile d’iarrachtaí ó Mhaigh Eo a bhlocáil.

Deirtear nach ealaíon aon cheird gan í a fhoghlaim agus caithfidh go bhfuil mórán dua agus ualach uaireanta an chloig á gcaitheamh ag cosantóirí Átha Cliath le bunriachtanais na himeartha.

Ar an dtaobh eile den bpáirc, tá sé le tabhairt fé ndeara le tamall go bhfuil Áth Cliath meáite ar fhuascailt iomlán a dhéanamh ar an spás timpeall ar an bpaiste talún sin ar a dtugtar an ‘D’ d’fhonn deis scórála a thabhairt dá gcuid imreoirí a bhíonn ag teacht ar cosa in airde ó lár an ghoirt isteach.

Ní thar oíche atá an ealaíon seo forbartha ach an oiread acu.

Tamall de bhlianta siar, nuair ab fhéidir Áth Cliath a chloí go fánach ar a laghad, bhí sé de nós ag leithéidí Bernard nó Alan Brogan, cor a thabhairt don gcosantóir chun a chinntiú gurb iad siúd a chríochnódh sa réimse sin ar aghaidh an bháide amach chun an scór d’fháil. Ceann de na tréithe is mó a luafá le tosaithe Átha Cliath na linne seo, ná nach bhfeadair aoinne anois, cé a dhéanfaidh an scóráil.

Léiriú é seo ar a sprid foirne.

Téarma an-scaoilte é sin i mbéarlagair caide an lae inniu. Ní hamhlaidh atá i gcás Átha Cliath. Go deimhin féin, tá an téarma ésprit de corps úsáidte ag Jim Gavin níos mó ná babhta amháin in agallaimh atá tugtha aige le blianta beaga anuas. Ní foláir nó go bhfuil foclóir na bhfórsaí cosanta dulta go mór i bhfeidhm ar Gavin tar éis a shaol a bheith caite aige ina measc. Ach cad atá i gceist leis go praiticiúil?

Conas a aithnítear sprid foirne amuigh ar an bpáirc nuair is mó atá an choimhlint ina teas?

An chéad uair eile a chífidh tú Áth Cliath ag imirt, bíodh do shúile ar bior agus tabhair fé ndeara cad atá ar siúl acu timpeall an ‘D’ agus iad ag tabhairt ruathair fén mbáide.

Folmhaítear an spás seo ar ais nó ar éigean agus cruthaítear an deis scórála arís is arís eile.

Is fusa agus is túisce briathra ná beart, áfach.

Tá íobairt mhór i gceist ós na himreoirí a chruthaíonn an spás don té a thugann fén ndeis scórála.

Tá níos mó ná íobairt i gceist chomh maith. Tá gá le féinsmacht, le foighne agus le hábhar beag ganfhiosaíochta chun go bhfuasclófaí na pócaí beaga spáis atá ag teastáil chun iarracht a thabhairt fén mbáide.

Feictear an féinsmacht na laethanta seo in imirt leithéidí Conor McHugh, Niall Scully agus Eoghan O’Gara. Ainneoin an fonn nádúrtha a bheadh in aon tosaí tabhairt fén scór, tuigeann an triúr seo gurb é a ról sa ghluaiseacht ná cruth na gluaiseachta a choimeád agus fanann siad amuigh ar na cliatháin dá réir.

Tagann an fhoighne ó Chiarán Kilkenny de ghnáth. Is é siúd máistir na gceard agus príomhstiúrthóir na gluaiseachta – é de shíor ag pasáil sall is anall agus ag brath roimis nó go bhfaigheann sé boladh na fola agus rian an chosáin roimis amach.

Ansan bíonn an ghanfhiosaíocht ann – imreoirí (tosaithe de ghnáth) ag bogadh deas is clé ag mealladh cosantóirí ina dtreo ar chuma an chuil i dtreo an tsolais. De ghnáth, is é an treo a bhíonn i gceist le tosaithe Átha Cliath ná fiarsceoch i dtreo na gcúinní agus ós na cuaillí amach.

Fágann san an bealach réitithe do chúite ar nós Brian Fenton nó Diarmuid Connolly (nó fiú Eric Lowndes agus Philly McMahon oíche Dé Sathairn seo caite) agus aimsítear an scór go neafaiseach.

Bhí neafaiseacht ag baint leis an uile ghné den imirt i gcoinne Mhaigh Eo toisc go raibh fir an iarthair chomh leachta sin, ach ní fhéadfá gan a bheith tógtha le hÁth Cliath.

Trí chluiche is tríocha anois gan iad a bheith cloíte agus iad ag tabhairt fé Thrá Lí deireadh seachtaine na féile Pádraig ag iarraidh curiarracht na Ríochta, a sheasann ó thríochaidí an chéid seo caite, a shlánú agus a shárú.

Déarfaidh imreoirí leat go mbíonn siad beag beann ar a leithéid agus gur beag acu caint éaganta na meán agus lucht na staire.

Ná creid a gcloisfir as seo go ceann coicíse.

Tá na Dubs dásachtach, dochloíte ag teacht go hiothlainn Aibhistín de Staic féin.

Má thuilleann siad an churiarracht, is é an tuilleamh daor a bheidh acu é.

Nach fada uainn an t-ochtú lá déag?  

Fág freagra ar 'DARA Ó CINNÉIDE: Tá na Dubs dásachtacha, dochloíte ag teacht…'