DARA Ó CINNÉIDE: Seo chugainn Maigh Eo! Níl laoch dá thréine ná faightear fear a chloíte…

Nuair a tháinig uair na cinniúna coicíos ó shin, bhí Maigh Eo fós ina seasamh ainneoin an méid a bhí á rá ag déithe na caide is na cinniúna ina gcluais

DARA Ó CINNÉIDE: Seo chugainn Maigh Eo! Níl laoch dá thréine ná faightear fear a chloíte…

Cuireann sé iontas orm nach mór an lámháil atá déanta sa chaint ar fad le coicíos anuas ar chluiche mór an lae inniu d’acmhainn feabhais Mhaigh Eo. Tá an uile dhuine ag glacadh leis go dtiocfaidh feabhas thar na bearta ar Áth Cliath i gcomórtas lena dtaispeántas trí lá dhéag ó shin. Ach nach bhfuil an scóip chéanna chun feabhais i bhfir an iarthair?

Toisc nach bhfuil againn ach é mar shlat tomhais, tá cíoradh is cogaint mhaith déanta ar gach aon ghné den imirt sa chéad chluiche idir na foirne ach nach ait é nach bhfuil mórán iontais á dhéanamh in aon chor de nach raibh an sop féin i gcóir an drochlae ag foireann seo Átha Cliath a bhí á n-áireamh i measc fhathaigh ár linne go dtí san?

Nach aisteach, leis, go bhfuil trí chraobh uile Éireann –  2011, 2013 agus 2015 – buaite ag cuid mhaith de na himreoirí seo i ngeansaithe Átha Cliath agus nach bhfuil éirithe leo oiread is taispeántas spreagúil amháin a thabhairt ar lá an chluiche ceannais?

Ar eagla go gceapfá gur le barr cocaíochta nó le beag is fiú a deirim an méid seo fúthu, ní hea. Thuilleadar agus shaothraíodar a mbuanna sna blianta sin go léir agus ná bíodh aon amhras ann ná gurbh iad ab fhearr ó cheann ceann na bliana gach aon uair.

Ach chuige seo atáim. Má tá Áth Cliath leath chomh cumasach is cheapann cuid mhaith de lucht a n-adhartha, conas nach bhfuil ar a gcumas snas a chur ar obair na bliana seo agus craobh eile a chur leis an méid atá buaite roimis seo? Agus más tar éis a thuigtear gach beart, conas go bhfuil sé ag dul dian orm a dhéanamh amach cad iad na hathruithe is gá dóibh a dhéanamh le go mbeadh rith an ráis inniu leo?

Gach seans gur fearr d’fhear é Jim Gavin i mbun seifte ná mise agus scata eile. Beifear ag súil go ndéanfaidh Gavin rud éigin fónta chun go mbeadh a chuid imreoirí ina gcló féin arís inniu ach níor mhaith liom a chúram le laethanta beaga anuas.

Shamhlófá gur fusa go mór an cúram a bhí ar Stephen Rochford agus é ag iarraidh a bhuíon a ullmhú chun catha arís. Lena dteacht aniar sa chluiche comhscóir, tá díothú déanta ag imreoirí Mhaigh Eo ar pé amhras a bheadh orthu faoin ócáid, faoina gcumas féin déileáil leis an ócáid agus, go deimhin, faoi chumas a gceanna feadhna ar an dtaobhlíne. Toisc gur aithin Rochford agus a chriú na gnéithe éagsúla dá gcuid imeartha a bhí le n-athrú go pras an lá deireanach, bheadh lánmhuinín ag a gcuid imreoirí astu ag tabhairt faoin gcluiche athimeartha tráthnóna.

Dar ndóigh, bheadh an mhuinín chéanna ag buíon Átha Cliath as Jim Gavin toisc iad bheith ar an bhfód le tamall agus taithí na mblianta ag Gavin ar chinnireacht seisrí. Ach b’fhéidir go bhfuil síol an amhrais curtha don gcéad uair le tamall iontu ag eascairt as roinnt rudaí a deineadh agus nár deineadh sa chéad chluiche.

Ar aon chuma, táthar ag tosnú ó bhonn arís tráthnóna agus más aon tslat tomhais cluichí athimeartha, idir pheil agus iománaíocht, le blianta beaga anuas, is beag gaol a bhíonn ag an dá cheann lena chéile. An rud ba nimh do dhuine amháin coicíos ó shoin, is mín do dhuine eile inniu.

Tá tamall, mar shampla, ó lascáil báideoir Átha Cliath, Stephen Cluxton, an chaid 70-80 méadar aníos faoi lár an ghoirt mar a dhein sé i gcluiche leath cheannais na bliana 2013. B’fhéidir gur tráthnóna inniu a thosnódh sé á dhéanamh arís.

Cathain go deireanach a bhí Ciarán Kilkenny le feiscint ar cosa in airde ag dul i dtreo an chúil mar a bhíodh nuair a tháinig sé ar an bhfód ar dtús? D’aimsigh sé bearna aon bhabhta amháin an lá deireanach agus gan ach trí nóimeataí go leith fágtha san imirt, ach ba dhóigh leat gur tháinig anbhá air agus é ag déanamh isteach ar an gcúl. D’iompaigh sé cliathánach agus bhí an deis leighte uaidh. Níor chóir do Mhaigh Eo bheith ag súil go mbeidh sé chomh coimeádach inniu.

DubMayo18916-1014

Ós ag tagairt don mheon coimeádach mé, nach bhfuil sé in am, leis, ag Lee Keegan seáp a thabhairt faoi chúl Átha Cliath? Nuair ba mhó an cath ina theas sa chluiche ceathrú ceannais in aghaidh Thír Eoghain, thréig Keegan a dhualgais chosanta ar Sheán Cavanagh dhá bhabhta agus d’éirigh leis dhá chúilín iontacha a fháil. Ní bheadh Maigh Eo i bPáirc an Chrócaigh inniu murach a chuid dánaíochta agus cé go dtuigim go gcaithfear súil a choimeád ar Dhiarmuid Connolly, ba mhaith a theastódh a leithéid de spreang ó Keegan arís inniu.

Ceist eile. Arbh fhiú do Mhaigh Eo faoin dtráth seo duine ar leith a chur ceangailte isteach in Brian Fenton? Tá fear Ráth Eanaigh ag fágaint a rian ar gach aon nóimeat den imirt ó tháinig sé in inmhe an dtaca seo anuraidh agus b’fhiú aon rud do Mhaigh Eo bheith ag smaoineamh ar conas a thionchar a mhaolú faoin dtráth seo.

Agus an cheist scoir. Cad ab fhiú cúl don té a aimseodh ceann tráthnóna? Ba dheacair do Mhaigh Eo cluichí móra a bhuachtaint le blianta beaga anuas toisc iad bheith de shíor ag tógaint uisce ar bord. Bhí an dá chúl a scaoileadh isteach an lá deireanach chomh mí-ámharach gur dhóigh leat ná féadfaí teacht astu.

Ach do thángthas astu agus nuair a bhí an cluiche ag teannadh le deireadh agus é ag siosmairt go gleoite i dtreo a chlabhsúir, ba ag éirí ar Mhaigh Eo a bhí.

Ní hiad seo an fhoireann is fearr riamh a bhí ag Maigh Eo ná baol air. Go deimhin, is dóigh liom go raibh foirne níos fearr curtha chun páirce ag Maigh Eo anuraidh agus arú anuraidh ach an rud atá i ndán, bíonn sé i ndán uaireanta.

Bhí sé i ndán d’Áth Cliath gach a dtáinig rompu a leagadh anuraidh agus go dtí seo i mbliana. Ach nuair a tháinig uair na cinniúna coicíos ó shin, bhí Maigh Eo fós ina seasamh ainneoin an méid a bhí á rá ag déithe na caide is na cinniúna ina gcluais.

Ní gá a rá le muintir Chiarraí gur curaidh iontach, agus céile comhraic tréan iad na Dubs ach níl laoch dá thréine ná faightear fear a chloíte.

Seo chugainn Maigh Eo!