DARA Ó CINNÉIDE: Ní haon ghnáthchumann é Naomh Abán…

Bíodh cluas le héisteacht ort ag Comórtas Peile na Gaeltachta i mBaile Bhuirne an deireadh seachtaine seo mar is beag ceantar Gaeltachta atá inchurtha le Gaeltacht Chorcaí ó thaobh cabantachta, grinn, spóirt is ceoil

Na Dúnaibh agus Clann na nGael san iomaíocht ag Comórtas Peile na Gaeltachta 2015. Pictiúr: Seán Ó Mainnín
Na Dúnaibh agus Clann na nGael san iomaíocht ag Comórtas Peile na Gaeltachta 2015. Pictiúr: Seán Ó Mainnín

Ba i ndeireadh mhí Feabhra a fuaireas mo chéad éachtaint ar Áras Íosagáin, an clubtheach nua a bhí á thógaint ag an am ag Cumann Naomh Abán i mBaile Bhuirne.

Cé go raibh an foirgneamh ag dul in airde bloc ar bhloc le leathbhliain roimis sin, ba leasc liom agus mé ag gabháil go réidh trí Bhaile Bhuirne aon stad a dhéanamh agus an obair a scrúdú d’fhonn is mo chuid fiosrachta a shásamh.

Bhí oiread cloiste agam faoi na hiarrachtaí a bhí á ndéanamh ag an gcumann an t-airgead a bhailiú isteach chun an fhorbairt a thabhairt chun críche go gcaitheas géilleadh sa deireadh don bhfiosracht, coinne a dhéanamh agus agallamh Raidió na Gaeltachta a shocrú le Cathal Ó Riada, cathaoirleach Chumann Naomh Abán.

Dhein an Riadach cur síos san agallamh ar chostas an togra, ar an scéim ‘Clann Abán’ a bunaíodh chun na costais a mhaolú, ar a mbeadh sa bhfoirgneamh féin agus ar na daoine a mheas sé a bhainfeadh tairbhe as an bhforbairt nuair a bheadh sí tugtha chun críche.

Mheasfá, agus an sprioc ag teannadh leis, an aimsir dulta ina choinne agus míle cúram eile air, go mb’fhéidir go mbeadh an t-ualach ag luí go trom ar an gcathaoirleach ach ní raibh aon rian de sin le braistint uaidh an tráthnóna úd.

Is é an rud is mó a bhí ag déanamh tinnis dó ná go raibh foirne ón dá thaobh den teorainn, foirne contae san áireamh, ag gabháil chuige ag lorg na páirce le haghaidh traenála. Toisc go bhfuil Baile Bhuirne san áit ina bhfuil sé agus toisc go bhfuil ithir mhaith i bPáirc Choláiste Íosagáin, bhí éileamh thar na bearta ar an áit mar láthair thraenála nuair a ghabh síon an earraigh chugainn níos luaithe i mbliana.

Beidh triail mhaith ar Pháirc an Choláiste an deireadh seachtaine seo agus má leanann an aimsir, is ag cur uisce leis an bhfód a bheidh baill CLG Naomh Abán sna laethanta amach romhainn.

Meastar go bhféadfadh isteach is amach le deich míle duine bheith ag triall ar Bhaile Bhuirne do Chomórtas Peile na Gaeltachta na bliana seo. Beidh idir uachtaráin (Uachtarán na hÉireann, Michael D Higgins agus Uachtarán CLG, Aogán Ó Fearghaíl ina measc) agus íochtaráin ag baint lán na súl as an gComórtas i mbliana. Faoin tráth go mbeidh an chaid dheireanach lascálta ag na himreoirí agus an braon deireanach sniogtha ón mbairille ag an lucht leanúna, beidh a fhios ag an uile dhuine nach aon ghnáthchumann é Naomh Abán agus gur dúthaigh ar leith í dúthaigh Bhaile Bhuirne is Chúil Aodha. Gaeltacht ar bhruacha an tSuláin, i bhfad ón bhfarraige – an rud is annamh is iontach –  is ea an áit agus má bhíonn cluas le héisteacht ort, is beag ceantar Gaeltachta atá inchurtha leis ó thaobh cabantachta, grinn, spóirt is ceoil.

Tá tréithe ar leith ag baint lena bhfoirne peile chomh maith. Is eatarthu féin agus Gaoth Dobhair atá sé le bheith áirithe ar mháistrí an Chomórtais ó céadbhunaíodh i Machaire Gathlán é, Nollaig na mBan na bliana 1969. Níor mhaith liom teacht idir Conallaigh is Múscraígh agus san á phlé an deireadh seachtaine seo!

Ba le Naomh Abán a bhíodh na coimhlintí ba ghéire agus ba mhó a d’fhan i mo chuimhne ó Chomórtais éagsúla go rabhas féin rannpháirteach iontu chomh maith. Cuimhním go háirithe ar an gcrústáil a bhí eadrainn fiche bliain ó shin ar an bPortach Rua i gcluiche ceannais na bliana 1996. Trí bliana ina dhiaidh sin i Rinn ua gCuanach, bhí réalta móra an chumainn Antaine Ó Loingsigh agus Micheál Ó Cróinín tagtha chun coinlíochta i gceart agus fonn díoltais ar Naomh Abán as a dtit amach ar a bpaiste féin i ’96. Bhí Cumann Caide na Gaeltachta ar a n-aistear féin an uair úd, áfach, agus ba bheag an stró a bhí orainn á gcur de dhroim seoil.

Port eile ar fad a bhí ina dhiaidh sin áfach le Naomh Abán in uachtar ag cluiche na gcorrmhíola eadrainn sa Chillín Liath in 2001 agus iad caithréimeach arís i gceann de na cluichí is mó iomrá in annála an Chomórtais – cluiche leathcheannais na bliana 2005 i bPáirc Uí Chuana, Cill na Martra, a chríochnaigh ar chomhscór tar éis dhá thréimhse d’am breise, ach an fear maith i ndeireadh ag Naomh Abán.

Bhí sárfhoireann ag Naomh Abán an uair úd agus a rian air, bhíodar páirteach i sé cinn amach as seacht gcluiche ceannais a imríodh idir na blianta 1999 agus 2005. Is deacair a shamhlú go bhféadfadh laoch na gcéadta cath ón tréimhse sin, Micheál Ó Cróinín, bheith fós ag imirt ach is amhlaidh atá. Tabhair faoi ndeara, leis, ná chífir tosaí níos cruthanta ná fear níos ealaíonta i mbun ciceanna saora ná an Cróiníneach an deireadh seachtaine seo.

Ba iad foireann Naomh Abán na bliana 2005 an fhoireann dheireanach ó Chúige Mumhan a dhein gaisce ag leibhéal na sinsear ag an gComórtas Peile. Ó shin i leith, tá sé buaite faoi dhó ag Béal an Mhuirthead agus tá na hocht gcraobh eile roinnte idir na foirne Conallacha – Gaoth Dobhair (2007, 2012, 2013), Cill Charthaigh (200, 2014), Ard an Rátha (2009), Cloich Chionnaola (2011). Dar ndóigh, ba iad Naomh Conaill na nGleannta a bhuaigh anuraidh é.

Nach bhfuil sé thar am ag foirne Gaeltachta na Mumhan iad féin a mhúscailt?

Mo sheasamh orthu!