DARA Ó CINNÉIDE: Ní hamhlaidh go bhfuil BÁC dochloíte ach n’fheadar siad cén rud é bheith cloíte…

Tá beagán le foghlaim ag an dá fhoireann is fearr sa tír, ach tá i bhfad níos mó le foghlaim uathu

DARA Ó CINNÉIDE: Ní hamhlaidh go bhfuil BÁC dochloíte ach n’fheadar siad cén rud é bheith cloíte…

Paul Mannion agus a chairde ag tabhairt Sam go Cnoc 16. Pic: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

Nuair a bhímis óg deirtí linn agus sinn ag prapáil chun cluichí caide go mbíodh rith an ráis i gcónaí leis an bhfoireann ba mó go mbeadh an scamhadh chun na bua orthu, ar an bhfoireann ba mhó a mbeadh sé ag teastáil uathu – ’sé sin ar an té ba mhó a raibh ocras nó goile chun catha orthu.

Tar éis chluiche ceannais an Domhnaigh, is deacair dúinne atá aineolach ar na cúramaí seo a shamhlú go bhféadfadh gurb iad Áth Cliath an fhoireann sin. Cé go bhfuilid ag imirt leis an gcíocras is dual dóibh, ní fhéadfaidís bheith níos ocraí ná Maigh Eo, an bhféadfadh?

Cé gur leasc le cuid againn géilleadh don bhfianaise lom atá os ár gcomhair amach ón nDomhnach, caithfear an t-aitheantas atá tuillte acu a thabhairt  don bhfuarchúis agus don dteacht aniar atá i bhfoireann seo Átha Cliath. Ní hamhlaidh go bhfuilid dochloíte ach n’fheadar siad cén rud é bheith cloíte. Tá difríocht an-ghrinn ach an-suntasach idir an dá rud.

Tá ceithre cinn as na cúig cinn de chluichí ceannais uile-Éireann atá buaite ag an mbuíon seo, buaite le haon phointe suarach amháin. Trí bhabhta as na ceithre bhua sin, in 2013, 2016 agus 2017, ba iad Maigh Eo a bhí thíos leis agus tuigeann muintir Chiarraí féin an difríocht idir ionga is orlach tar éis d’Áth Cliath slat den dtomhas céanna a thabhairt dóibh i dtús aistir siar amach sa bhliain 2011.

Is mó athrú atá tagtha ar mhúnla agus ar dhéanamh na foirne sa tréimhse sé bliana sin ó 2011 i leith, ach tá an fhuarchúis agus an teacht aniar ina mbuantréithe acu. Dá mbeimis géarchúiseach ár ndóthain bheadh na tréithe go léir a bhuaigh cluiche an Domhnaigh d’Áth Cliath tugtha fé ndeara againn i bhformhór na gcluichí sraithe a d’imríodar san earrach.

Bhíodar sé phointe chun deiridh agus fiche neomataí fágtha san imirt in aghaidh Thír Eoghain i bPáirc an Chrócaigh i mí Feabhra ach d’éirigh leo teacht ar comhtharrac le cic saor ó Dean Rock sa 76ú neomat.

Chuadar domhain go maith coicís ina dhiaidh sin agus iad ag críochnú ar comhscór le Dún na nGall i mBealach Féich.

Deireadh seachtaine na Féile Pádraig, bhíodar gafa chomh fada le Trá Lí agus iad sa tóir ar an 34ú cluiche as a chéile gan iad bheith cloíte agus, arís, bhí scáthán anseo ar chuid de thréithe an Domhnaigh. Ciarán Kilkenny díbeartha déanach sa chluiche, cic saor cinniúnach ó Dean Rock agus Paul Mannion ag fágaint a rian féin ar an imirt sa dara leath.

I mbabhta deireanach na sraithe i gCluain Eois, ba é Dean Rock a thug na foirne ar comhtharrac, 1-14 an taobh, sa 67ú neomat, fuair Diarmuid Connolly cárta dubh agus dob é Jack McCaffrey laoch an lae agus é ag aimsiú báide an bhua sa 72ú nóimeat agus á ghortú féin san iarracht.

Dóibh siúd a deir nach bhfuil aon luach ná leide sa tsraith náisiúnta, ní gá ach féachaint ar a bhfuil de mhianach nochta agus ceachtanna foghlamtha arís i sraith na bliana seo ag Áth Cliath.

Is sa tsraith náisiúnta a deineadh imreoir cruthanta craoibhe de Dean Rock, mar shampla. Ba aige a bhí an deis dheireanach in aghaidh Chiarraí i gcluiche ceannais na sraithe – cic saor breis is 50 slat amach i dtreo Chnoc 16 sa 75ú neomat. Bhuail an iarracht áirithe sin an cuaille ar dheis agus ceansaíodh na Dubs, an t-aon bhabhta amháin i mbliana. Tuigeann siad siúd agus Dean Rock go háirithe, áfach, na horlaí a scarann bris is bua. Tá a rian air, nuair a bhí Rock ag déanamh isteach ar an mbáide sa 67ú nóimeat Dé Domhnaigh seo caite, thug sé féna phointe leis an ndorn ainneoin leathsheans ar bháide. Thuig sé go maith go raibh sé i ndán dó a fhoireann a chur 1-16 le 1-15 chun cinn agus iad ag teannadh le deireadh.

I bhfad na haimsire, fé cheann fiche bliain eile má mhairimid chuige, b’fhéidir go mbeimis go léir ag féachaint siar ar ré seo Átha Cliath ag cáiseamh agus ag déanamh iontais den mhaidhm ghorm a leag gach a dtáinig roimis. Ach tuigimis chomh maith go mbíonn na cinniúintí ann agus go raibh neomataí agus léaspairtí beaga i ngach cluiche ceannais go raibh leochaileacht ag baint leo.

B’fhéidir gurb shin é a bhí i gceist ag Jim Gavin nuair a dúirt sé tar éis chluiche an Domhnaigh gur beag dream daoine atá inchurtha lena bhuíon imreoirí féin de bharr a gcumais bheith ‘i láthair’ ag uair na cinniúna i ngach cluiche. Agus b’fhéidir, leis, gurb shin an bua is mó atá ag gaiscígh an Domhnaigh- iad bheith i láthair, bíodh sé ina chluiche sraithe, cluiche dúshláin nó ina chluiche ceannais craoibhe.

Féach ar Dhiarmuid Connolly, mar shampla. D’aimsigh sé pointe sa 57ú nóimeat tar éis ceathrar cosantóirí a chur de dhroim seoil, thug sé an pas deireanach chun dhá phointe eile a chruthú, chuir drochiarracht amú ansan ach bhí an teacht aniar agus an teacht i láthair ann chun an cic saor deireanach sin a ghnóthú do Rock.

Tá sé ráite ná fuil laoch dá thréine ná faightear fear a chloíte agus tiocfaidh an lá ar Connolly agus ar a chomhghleacaithe fós. Bímis buíoch inniu, áfach, do shárfhoireann na linne as a bhfuil de thaispeántais tugtha uathu i mbliana acu agus ná bímis ag caint níos mó ar dhá leath a dhéanamh den gcontae ná dá bhfoirne. 

Níl aon ní a déarfar inniu ná amárach a thabharfaidh sólás do Mhaigh Eo ach tuigfidh siad siúd, leis, go mbíonn cead cainte ag fear caillte na himeartha agus éistfear lena bport nuair a bheidh fonn cainte orthu.

Go dtí sin, ná bímis luath chun labhartha ná leasc chun éisteachta. Tá beagán le foghlaim ag an dá fhoireann is fearr sa tír, ach tá i bhfad níos mó le foghlaim uathu.