DARA Ó CINNÉIDE: Nach í príomhaidhm CLG cluichí na nGael a chur chun cinn?

Ní hí bunaidhm CLG daoine a fhágaint ar an bhfán ach daoine a mhealladh chun rannpháirtíochta. Nó an bhfuil dul amú orm?

DARA Ó CINNÉIDE: Nach í príomhaidhm CLG cluichí na nGael a chur chun cinn?

Má tá aon ní amháin foghlamtha againn le roinnt laethanta anuas ón raic i gcontae Thiobraid Árann, mar a caitheadh roinnt cumann amach as an gcraobh áitiúil iomána, sé sin go bhfuil an chuma ar an scéal go bhfuil sé mar pholasaí oifigiúil faoin dtráth seo sa chontae sin deireadh a chur leis an imreoir atá ag iarraidh an dá thrá, idir pheil agus iománaíocht, a thabhairt leis.

Níl ach beagán le cois bliana ó dúirt, Peter Creedon, an té a bhí ina bhainisteoir ar pheileadóirí an chontae roimh Liam Kearns, go gcaithfeadh imreoirí rogha a dhéanamh idir peil agus iománaíocht dá mb’áil le Tiobraid Árann aon ghaisce a dhéanamh i gcúrsaí peile.

Go deimhin, níl ach sé seachtaine ó dúirt Tommy Toomey, a bhí ina bhainisteoir leis an bhfoireann fé 21 peile a shroich cluiche ceannais peile na hÉireann anuraidh agus atá ina roghnóir le Liam Kearns i mbliana, go raibh an bonn á bhaint de chúrsaí peile sa chontae le blianta ag beartais agus gníomhartha lucht iomána agus ag oifigigh de chuid Bhord an Chontae.

Nuair a bheidh pobal CLG Thiobraid Árann ag féachaint siar ar bhliain thar bhlianta i gcúrsaí peile sa chontae is mór an trua go mbeidh na ceisteanna céanna ag dó na geirbe acu ainneoin gaisce na bliana 2016. D’imir Josh Keane le hiománaithe faoi bhliain is fiche an chontae i gcluiche ceannais iomána na Mumhan i gcoinne Phort Láirge i lár na seachtaine sarar imir sé 66 nóimeat leis na peileadóirí sinsir ina mbua stairiúil ar Ghaillimh ar an Domhnach deireanach de mhí Iúil.

Dhein Colin O’Riordan, laoch na bliana seo caite, amhlaidh roimh chluiche craoibhe na bpeileadóirí in aghaidh Thír Eoghain anuraidh. Ní haon scéal nua é seo i gcás Thiobraid Árann ach tá an iomaíocht agus an stracadh idir peil agus iománaíocht ag dul i dtreise i mbliana agus cosa á gcur i dtaca ag an dá champa toisc go bhfeictear do dhaoine anois go bhfuil athbheochan na peile chun leanúint ar aghaidh.

Thosnaigh sé leis an gcosc a chuir bainistíocht iomána mionúir an chontae fé stiúir Liam Cahill ar a chuid imreoirí bheith ag iarraidh an dá thrá a fhreastal.

Thug Bord an Chontae séala agus beannacht don gcosc a raibh de thoradh air ná féadfadh beirt nó triúr imreoirí óga peil agus iománaíocht a imirt i ngeansaí Thiobraid Árann i mbliana, mar a dhein scata anuraidh nuair a bhain an dá fhoireann mionúr cluichí ceannais na hÉireann amach.

Tháinig cinneadh Steven O’ Brien agus Séamus Kennedy a ndúthracht a thabhairt do na hiománaithe ag leibhéal na sinsear as. Is é achrann na seachtaine seo ná scéal na sé cinn de chumainn atá dulta i bpíobán na mbord dúiche de bharr cluichí iomána idirchlubanna a bheith socraithe beag beann ar rannpháirtíocht na bpeileadóirí contae leis na clubanna iomána céanna. An chaibidil is déanaí sa liodán.

Jimmy Barry Murphy (1983). Pictiúr: INPHO/Billy Stickland
Jimmy Barry Murphy (1983). Pictiúr: INPHO/Billy Stickland

An dtaca seo anuraidh, thóg mórán daoine ceann do Jimmy Barry Murphy – an té ba mhó i stair Chumann Lúthchleas Gael a bheadh luaite leis an dá spórt a imirt ag ardchaighdeán – nuair a dúirt sé ná féadfaí leanúint ar aghaidh leis an dá spórt tar éis ghrád na mionúr.

Is é an baol atá anseo ná go n-éiríonn leis an mbrobh beart a bhailiú an-thapaidh go deo agus is deacair cúlú ina dhiaidh sin. Bheifí ag gáirí fút dá ndéarfá le daoine roinnt blianta ó shin go n-éireodh le roinnt bainisteoirí idirchontae craobhacha contae a stad go hiomlán le linn an tsamhraidh agus iad sa tóir ar chraobh na hÉireann.

Nó dá ndéarfá go raibh an priocadh is an bearradh agus an íde a bhí á thabhairt ag imreoirí dá chéile ar pháirc na himeartha an deireadh seachtaine seo caite mar chuid nádúrtha den gcluiche, b’fhéidir ná beifí ag gáirí fút ach is cinnte go mbeifí dá ndéanfá tuar maidir le cé chomh tapa is atá an tuiscint sin dulta i bhfeidhm ar chosmhuintir CLG.

Is dlúthchuid den gceist í seo, dar liom. An deabhadh a bhíonn ar dhaoine laistigh de Chumann Lúthchleas Gael glacadh le claonadh reatha amhail is gur rud fónta nádúrtha é. Is dócha go dtabharfadh piardaí na corparáide ‘normálú’ air seo ach níl sé ag déanamh aon mhaitheas dár gcluichí ná d’íomhá na gcluichí céanna.

Taibhsíodh domsa i gcónaí gurb í an phríomhaidhm a bhí ó thús ag Cumann Lúthchleas Gael ná cluichí na nGael a chur chun cinn, le béim ar an iolra. Ní chun peil Ghaelach ná iománaíocht ná liathróid láimhe ná cluichí corr astu féin a fhorbairt ach chun na cluichí go léir a fhorbairt trí rannpháirtíocht a mhéadú. Ní hí bunaidhm CLG daoine a fhágaint ar an bhfán ach daoine a mhealladh chun rannpháirtíochta. Nó an bhfuil dul amú orm? 

Chinn bainisteoir na foirne peile i dTiobraid Árann, Liam Kearns, gur binn béal ina thost an tseachtain seo agus b’fhéidir go bhfuil an ceart aige agus é ag iarraidh painéal imreoirí a ullmhú don gcluiche is mó ina saol seachtain ón Domhnach.

Is furaist tuiscint do na himreoirí ná rachadh ag imirt iomána lena gclubanna an tseachtain seo ach ar an dtaobh eile, bhí na boird dúiche i dteideal, de réir riail an trí lá dhéag, na cluichí a shocrú de réir mar a dheineadar.

Ní bheidh aon bhuaiteoir anseo toisc nach bhfuil ann ach an cath is déanaí sa síorchogadh idir club is contae.

Ráiníonn go bhfuil ceist níos leithne anseo i gcás Thiobraid Árann, áfach. Ní hamháin go bhfuil an bord contae ag léiriú beagán spéise i gcás na bpeileadóirí ach táid go gníomhach ag iarraidh rannpháirtíocht na n-imreoirí a chosc agus iad ag baint leasa as boird dúiche chun san a dhéanamh.      

Fág freagra ar 'DARA Ó CINNÉIDE: Nach í príomhaidhm CLG cluichí na nGael a chur chun cinn?'

  • Cluain Sceach

    Fair play, a Dhara!

  • Sliabh na mBan

    Ní tharlódh a leithéid i gCiarraí, a Dhara ???