DARA Ó CINNÉIDE: Mura mbíonn Ciarraí codaltach sotalach, beidh an lá leo

Is í an fhírinne shearbh do mhuintir Chorcaí an deireadh seachtaine seo ná gur fearr d’fhoireann iad Ciarraí

DARA Ó CINNÉIDE: Mura mbíonn Ciarraí codaltach sotalach, beidh an lá leo

Tá a bhfuil le rá na laethanta seo ag iarimreoirí caide Chiarraí ina gcuid colún agus ina rólanna ar ardáin éagsúla ag déanamh ana-thinneas go deo do dhaoine áirithe.

Níor taibhsíodh riamh do chuid againn go raibh aon ról beag ná mór againn ins an imirt ná ins an tslí a chuireann foirne chun páirce – ach is cosúil go raibh dul amú orainn.

Pé acu is áin linn é nó nach áin, tá dualgas orainn bheith cothrom, cóir agus tuisceanach inár mbreith ar chluichí caide agus ar imeachtaí le linn na gcluichí sin.

Tá an méid sin ar a laghad tuillte ag an lucht éisteachta, an lucht féachana agus an lucht léitheoireachta.

Os cionn deich mbliana ó shin, nuair a stadas ag imirt le Ciarraí agus aithne fós agam ar fhormhór na n-imreoirí i ngeansaithe uaine is ór, chaithfinn géilleadh gur chuaigh sé dian go leor orm bheith go hiomlán neamhchlaonta, ach dheineas mo chroí díchill i gcónaí. D’éirigh liom i gcásanna áirithe agus b’fhéidir nár éirigh anois is arís chomh maith.

Anois agus mé scoite amach go maith ó champa Chiarraí ach préamhaithe níos doimhne ná riamh i gCumann Lúthchleas Gael, tá sé i bhfad níos fusa bheith fuarchúiseach agus fuarintinneach.

Thuas ag Comórtas Peile na Gaeltachta a bhíos an chéad oíche Domhnaigh de Mheitheamh nuair a chonac Pat Spillane ag tabhairt a bhreith ar eachtra Dhiarmuid Connolly ar an Sunday Game agus cheapas ag an am go raibh sé ag dul thar fóir lena chuid cainte. Ba leor na pictiúirí, dar liom, chun peaca Uí Chonghaile a léiriú agus níor ghá an bhróg a chur isteach. Bhí dualgas ar Spillane agus ar a leathbhádóir Colm O’Rourke, áfach, a mbreith a thabhairt agus anailís a dhéanamh ar cheann de mhórghnéithe na himeartha ón oíche roimhe agus sin é a deineadh gan fuacht ná faitíos.

Chaitheas gáire a dhéanamh, dá réir sin, nuair a thit an spéir anuas ar Spillane Dé Domhnaigh seo caite.

Deich mbliana ó shin, bhí Spillane ag cur an Sunday Game i láthair agus mise i mbun anailíse nuair a bhí eachtra dá leithéid idir Noel O’Leary Chorcaí agus Graham Geraghty na Mí. Ní mór a bhí san eachtra, dar liom, agus ní raibh na meáin shóisialta ar thóir na fola mar atá inniu. Ach mar sin féin, ba léir ón gcomhfhreagras a bhí fachta ar ríomhphost ag RTÉ go raibh fonn ar scata an scéal a chíoradh.

Dá mbeadh O’Leary cúisithe, ciontaithe as flíp a bhualadh ar Geraghty, bheadh sé i ndán dó cluiche ceannais na hÉireann in aghaidh Chiarraí a chailliúint – rud nár theastaigh ó éinne i gCorcaigh ná i gCiarraí. Ba chuma liom an scéal a phlé go hoscailte agus go tomhaiste ach ba é an dearmad a dheineas ná gur chuireas in iúl do Spillane go raibh aithne agam ar chuid de mhuintir Laoire agus go ndúirt, dar liom, go raibh rudaí níos tábhachtaí le plé. Níor spáráil Spillane mé agus b’fhéidir go raibh an ceart aige. Deineadh mionscagadh ar eachtra Uí Laoire ach, buíochas le Dia, thug fear Chill na Martra na cosa leis agus d’imir ina chéad chluiche ceannais sinsir le Corcaigh.

Dá mbeadh na meáin shóisialta chomh mór sa treis an uair úd níor mhaith liom a mbeadh le rá ag pobal CLG Chorcaí a fheiscint ná a chlos, áfach. Ní raibh ach bliain féin ó bhí orm mo bhreith a thabhairt ar eachtra eile idir Antaine Ó Loingsigh agus Kieran Donaghy agus ní mó ná sásta a bhí cuid de mhuintir Mhúscraí ná Chorcaí liom ag an am. Ba shearbh leo blas na fírinne agus fuaireas cuid den searbhas sin thar n-ais uathu ina ualaí troma.

Is í an fhírinne shearbh do mhuintir Chorcaí an deireadh seachtaine seo ná gur fearr d’fhoireann iad Ciarraí ná Corcaigh agus cluiche ceannais na Mumhan i gCill Airne ar lic a’ dorais againn.

Glacann muintir Chorcaí féin leis gurb amhlaidh atá, ach ní stadfaidh san iad ag priocadh ar mhuintir Chiarraí tar éis an chluiche má bhuann Corcaigh. Tá an teallaireacht agus an phastaireacht sin ar cheann de bhuanna buana na coimhlinte idir Ciarraí agus Corcaigh agus inniu is amárach, beidh an dá dhream ag faire ar a chéile le hamhras is le seanbhlas.

D’fhéadfadh Corcaigh an cluiche a bhuachtaint dá ráineodh go mbeadh Ciarraí codlatach, mar a bhíonn ar uairibh, nó sotalach, mar a bhíonn go minic, nó díreach mí-ámharach, mar a bhíonn anois is arís chomh maith. 

Níl aon fhianaise go dtí seo i mbliana ann, áfach, go bhféadfadh an bhuíon imreoirí seo ag Corcaigh an fear maith d’fháil ar bhuíon Chiarraí agus caithfear bheith dílis don bhfianaise nuair atáthar ag tabhairt breith roimh ré ar chluiche.

D’fhéadfadh Corcaigh bheith ar comhchéim le Ciarraí nó chun cinn orthu ó thaobh aclaíochta, ó thaobh ocrais, ó thaobh cíocrais agus b’fhéidir ó thaobh díchill fiú, ach braitheann san ar mheon Chiarraí, ní ar cheann de thréithe Chorcaí.

Má bhíonn Ciarraí ullamh chun catha, má bhíonn an cur chuige fuinniúil ins na tosaithe, má táid toilteanach na lámha a shalú, is fearr de phainéal atá acu agus is daingne an bhunchloch atá leagtha acu i mbliana ná Corcaigh.

Sea, níl ansan ach mo thuairim!

 

 

Fág freagra ar 'DARA Ó CINNÉIDE: Mura mbíonn Ciarraí codaltach sotalach, beidh an lá leo'

  • donie

    T’réis an chluiche sin atá an smuitín seo á bhreacadh agam. Bhuaigh Ciarraí peic ar Chorcaigh fé mar a bhíothas a thuar. Búrdáil agus léasadh ó thalamh. D’imigh an liarthóid amach thairis an dtaobhlíne babhta amháin agus bhí radharc againn ar ionadaithe Chorcaí. Bhí geansaí dearg tarraigthe anuas ar a chloigeann ag fear ionaid amháin, a chlab ar leathadh aige, agus é ina chnap codlata! Ní thógfainn air é, mar is cluiche fíorleamh aontaobhach amach is amach a bhí ann. Ach más léiriú é sin ar an ‘sprid’ atá sna na ‘faux-reibiliúnaithe’ seo b’fhearra dhóibh éirí as an ngalamaisíocht anois.