DARA Ó CINNÉIDE: Leagan amach nua na craoibhe, cén eagla atá orainn?

Ní túisce na leasuithe a bhí molta do chraobh shinsir peile na hÉireann gafa tríd agus bhí an chnáimhseáil tosnaithe

DARA Ó CINNÉIDE: Leagan amach nua na craoibhe, cén eagla atá orainn?

Is deacair daoine áirithe a shásamh.

Ní túisce na leasuithe a bhí molta do chraobh shinsir peile na hÉireann gafa trí Chomhdháil Bhliantúil CLG Dé Sathairn seo caite agus bhí an chnáimhseáil agus an gheonaíl tosnaithe arís.

Daoibhse atá beag beann ar phríomhchúram an deireadh seachtaine i bPáirc a’ Chrócaigh, seo achoimre ar chúis na cnáimhseála agus na geonaíola:

I ndeireadh mhí Iúil seo caite, ghlac Coiste Bainistíochta CLG le moladh an Ard-Stiúrthóra, Páraic Duffy go ndéanfaí leasú ar chraobh shinsir caide na hÉireann. Mar chuid den moladh, bhí sé i gceist go gcuirfí deireadh leis na babhtaí ceathrú ceannais agus go dtiocfadh córas sraithe le dhá ghrúpa de cheithre fhoireann ina n-áit – gach foireann ag tabhairt aghaidh ar an dtrí fhoireann eile aon bhabhta amháin chun cluichí leathcheannais na hÉireann a bhaint amach.

Bheadh sé i gceist go reáchtálfaí na comórtais cúige agus na babhtaí cáilithe mar a bhíothas á reáchtáil go dtí seo, cé nach mbeadh aon athimirt i gceist feasta i gcluichí nach cluichí ceannais cúige nó cluichí ceannais uile-Éireann iad.

Bheadh an chéad chluiche sa chóras sraithe ar bun i bPáirc a’ Chrócaigh, an dara ceann ar a bpaiste féin ag curaidh an Chúige agus an tríú cluiche sa bhaile ag an bhfoireann a thiocfadh tríd na babhtaí cáilithe.

Bheadh sé de bhuntáiste ag an leagan amach nua seo go mbeadh tástáil níos déine agus níos cothroime déanta ar na foirne a bhainfeadh cluichí leathcheannais na hÉireann amach. Ní bheadh sé le rá feasta (mar a caitheadh le Ciarraí go minic) go raibh bealach neafaiseach ag aon dream acu go dtí na babhtaí leathcheannais. Ní fhéadfaí a áiteamh a thuilleadh ná beadh na ceithre fhoireann is cumasaí sa tír sa chluiche leathcheannais agus, gan dabht, bheadh an dá fhoireann is fearr sa tír in adharca a chéile lá an chluiche ceannais. Nach hin é atá uainn go léir ó aon chomórtas in aon spórt in aon áit ar domhan?

Ba dhóigh leat é, ach fan ort.

Tá an dioscúrsa agus an cur is cúiteamh a lean Comhdháil an deireadh seachtaine á múchadh ag lucht an díomais agus ag guthanna an díomhaointis ná raibh faic le rá acu le leathbhliain anuas ach a bhfuil gleo anois acu agus an beart curtha i gcrích.

Níl aoinne, piardaí Pháirc a’Chrócaigh agus na toscairí a vótáil ar son an leasaithe ina measc, ag maíomh go mbeidh an córas nua foirfe. Ach ar a laghad, is iarracht fhónta é dul i ngleic le córas craoibhe a bhí éirithe bréan agus stálaithe le blianta beaga anuas.

Ba léiriú paiteanta ar mhíshástacht chosmhuintir CLG le leagan amach na craoibhe mar a bhí, na hocht gcinn déag de mholtaí a tháinig fé bhráid na hArd-Chomhairle anuraidh tar éis don Uachtarán, Aogán Ó Fearghail, cuireadh a thabhairt do dhaoine agus do ghrúpaí a gcuid leasuithe féin a chur chun cinn.

Cé nár tháinig aon athrú mór leis na moltaí seo go léir anuraidh, léirigh sé, mar sin féin, go raibh an goile ann chun tabhairt fé athrú de shórt éigin.

Mar thoradh ar an vóta a caitheadh ag Comhdháil CLG, beidh an t-athrú san ag teacht i bhfeidhm ar bhonn trí bliana ón mbliain seo chugainn amach agus ní mó ná sásta atá buíonta áirithe le laethanta beaga anuas gur mar sin a bheidh.

Thosnaigh an raic tráthnóna Dé Sathairn, mar a thosnaíonn mórán raice na laethanta seo, ar na meáin shóisialta agus tá sé ina chlampar ó shin i leith. Tá macalla na fírinne i ngach aon argóint a chuirtear chun cinn in aghaidh na n-athruithe ach ní chloisim ná ní fheicim aon mholadh fiúntach le cur in áit an chórais nua ar glacadh leis Dé Sathairn.

Tá Cumann na nImreoirí Idirchontae, an GPA, míshásta toisc go mbraitheann siad nach raibh aon lámh acu sa mholadh ar glacadh Dé Sathairn leis. Cé nach bhfuil aon ní ráite acu féin, glactar leis go bhfuil Cumann na nImreoirí Club, an CPA, míshásta toisc go rabhadar glan i gcoinne an mholta roimis na Comhdhála. Tá cuid mhaith daoine míshásta i gcontaetha a meastar nach mbeidh ag baint aon tairbhe as na leasuithe agus tá roinnt mhaith iriseoirí ag suaitheadh agus ag gríosú… agus a gcúiseanna féin acu siúd, leis, is dócha.

I ndeireadh ná dála, pé acu is áin linn é nó nach áin, léiríonn beartas an tSathairn agus a bhfuil á leanúint go bhfuil deighilt an-mhór sa chluiche idir lucht a imeartha agus lucht a riartha. Nach mar sin a bhí i gcónaí, áfach? Imríonn imreoirí agus riarann riarthóirí.

Má bhíonn imreoirí macánta, géillfidh siad gur beag a spéis i bpolasaithe agus i mbeartais CLG agus ainneoin é bheith curtha ina leith go minic gur beag a spéis in imreoirí, bhí scata riarthóirí tráth ina n-imreoirí.

B’fhéidir gur oscailt súl dúinn go léir i gCumann Lúthchleas Gael an tslí inar deineadh ionramháil ar an gceann seo.

B’fhéidir nár mhiste d’imreoirí agus do chumainn na n-imreoirí a labhraíonn thar a gceann, breis staidéir a dhéanamh ar a bhfuil de cháipéisí á bhfoilsiú ag CLG.

B’fhéidir nár mhiste do CLG féin a chinntiú go ndeintear bolscaireacht chuí ar gach a bhfuil á eisiúint acu. B’fhéidir go bhfuil dualgas ar iriseoirí súil níos grinne a chaitheamh ar an bholscaireacht chéanna. B’fhéidir go bhfuil an iontaoibh sin a bhíodh idir oifigigh Chumann Lúthchleas Gael agus a mbaill níos leochailí anois ná mar a bhí riamh. B’fhéidir, mar a dúirt anseo trí bliana ó shin gur thosnaigh an creimeadh le beartas SKY agus go bhfuil an t-amhras sin riamh ó shin ar an gnáthbhall.

B’fhéidir go bhfuil mo dhóthain ráite agam.

Ach b’fhéidir, mar thús, go léifeadh daoine na cáipéisí seo ina n-iomláine agus go dtabharfaí cead cainte an uair seo d’fhear buaite na himeartha.

Tá a fhios agam gur deacair daoine a shásamh i gcónaí, ach níl ann ach trí bliana.

Cén eagla atá orainn?

Fág freagra ar 'DARA Ó CINNÉIDE: Leagan amach nua na craoibhe, cén eagla atá orainn?'