DARA Ó CINNÉIDE: Is fearr aon fhéachaint amháin romhat ná dhá fhéachaint i do dhiaidh…

Ní bheifear ag feitheamh inniu le port na feadóige deiridh ón réiteoir chun clabhsúr a chur ar an slad mar a bhíothas le blianta beaga anuas i gcluichí ceannais Laighean

DARA Ó CINNÉIDE: Is fearr aon fhéachaint amháin romhat ná dhá fhéachaint i do dhiaidh…

Ag féachaint roimhe...bainisteoir Chill Dara, Cian O'Neill. ©INPHO/Morgan Treacy

Níl oiread is dalta bunscoile ná meánscoile sa tír seo gur cuimhin leo na laethanta a mbíodh Cill Dara ag buachtaint ar Áth Cliath i gCraobh Laighean.

Go deimhin féin, seachas ‘bua’ chontae na Mí i gCraobh Laighean seacht mbliana ó shin, ní dócha go bhfuil oiread is dalta scoile amháin gur cuimhin leo éinne eile ag buachtaint na craoibhe ach Áth Cliath.

Ní dócha go dtiocfaidh aon athrú ar sin inniu nuair a chasfaidh curadh Uile Éireann ar Chill Dara. Tá ábhar beag breise spéise i gcluiche an lae inniu, áfach, toisc go dtaibhsítear do scata go bhféadfadh lucht na ngeansaithe glébhána ramsach beag éigin a bhaint as máistrí an chúige le sé bliana anuas.

Nuair a bhuaigh Cill Dara ar chontae na Mí sa chluiche leathcheannais an mhí seo caite, dheineadar amhlaidh le gothaí agus le healaíon a thabharfadh le tuiscint duit go raibh ana-dhul chun cinn déanta le tamaillín acu. B’fhéidir go nochtann taispeántais na Mí ó shin i leith nach aon slat tomhais iontach ar dhul chun cinn é buachtaint ar fhoireann na Mí i mbliana, ach, mar sin féin, nuair nach bhfuil againn ach an fhianaise ar láthair an chatha, caithfear géilleadh don bhfianaise sin.

Tá feabhas as cuimse ar Chill Dara i mbliana. Tá éirithe leo a slí a dhéanamh ar ais go Roinn 1 na sraithe don mbliain seo chugainn. Is í seo an chéad bhliain le hocht mbliana dóibh bheith i gcluiche ceannais Laighean. Níl ach trí chluiche, idir shraith agus chraobh, caillte acu (i gcoinne Dhoire agus in aghaidh na Gaillimhe fé dhó) agus níor buadh le breis is dhá phointe in aon chluiche orthu.

Tá na comharthaí sóirt ann go bhfuilid ag dul sa treo ceart agus táid ag imirt go seiftiúil, tomhaiste le múnla atá leagtha amach ana-shoiléir dóibh ag Cian O’Neill agus a leathbhádóirí ar an dtaobhlíne – Enda Murphy agus Ronan Sweeney.

B’fhéidir go mbeadh níos mó ná dhá phointe idir iad féin agus Áth Cliath ag deireadh na himeartha inniu ach ar a laghad, ní dócha go mbeifear ag feitheamh le port na feadóige deiridh ón réiteoir chun clabhsúr a chur ar an slad mar a bhíothas le blianta beaga anuas i gcluichí ceannais Laighean.

Tuigfidh Cill Dara, agus iad ag filleadh ar Pháirc a’ Chrócaigh, go gcaithfidh siad taispeántas a thabhairt uatha ar an bpáirc úd seachas aon pháirc eile sa tír. Ba i bPáirc a’ Chrócaigh a bhuaigh an Ghaillimh orthu i gcluiche ceannais na sraithe san Aibreán. B’ann, chomh maith, a bhuaigh an Iarmhí anuraidh orthu agus tá buaite ag Áth Cliath go neafaiseach i gcaitheamh na mblianta ar chuid d’imreoirí Chill Dara an lae inniu. Ní áit í Páirc a’ Chrócaigh atá tomhaiste ina h-orlaí fós ag Cill Dara agus ní spreagann sí cuimhní geala ina n-aigne go nuige seo.

Caithfidh siad tabhairt fé chluiche an lae inniu, áfach, gan scáth, gan faitíos agus caithfidh an modh imeartha a bheidh acu an meon aigne sin a léiriú. Is beag foireann gurb acmhainn dóibh dul ar an síor-ionsaí le dánaíocht is teanntás in aghaidh Átha Cliath. Dhein Maigh Eo a ndíchill anuraidh, dhein Ciarraí amhlaidh i gcluiche ceannais na sraithe san earrach agus is cinnte go dtabharfaidh Tír Eoghain fé imirt den ndéanamh céanna más leo a bheidh na Dubs sa bhfómhar.

Deineadh cad é leagadh agus cáineadh ar an Iarmhí le déanaí nuair a bhí sé de thiarnúlacht iontu an geata cúil a fhágaint ar leathadh, ach nach minic a deirtí gur fearr aon fhéachaint amháin romhat ná dhá fhéachaint i do dhiaidh? An raibh, mar shampla, an iarracht a dhein Ciarraí i gcluiche ceannais na hÉireann dhá bhliain ó shin níos misniúla nó níos éifeachtaí ná iarracht na hIarmhí trí seachtaine ó shin?

Neosfaidh dánaíocht Chill Dara sa chur chuige nó a mhalairt inniu mórán fúthu. Ní dóigh liom go bhfuil aon tseans fén spéir acu buachtaint ar Áth Cliath ach ní chuirfinn as an áireamh iad isteach sa tsamhradh dá gcífinn go raibh spreang éigin iontu inniu agus iad ag tabhairt fén madra mór mallaithe i ndoras a thí féin.

Ní lú ná ní chuirfinn as an áireamh buíon seo Chill Dara an bhliain seo chugainn chun forlámhas na gcuradh i gCúige Laighean a bhriseadh. Sara mbuafaidh aon fhoireann ar shárfhoireann Átha Cliath na linne seo sa chraobh, áfach, caithfidh siad foghlaim ar dtús conas gan cluiche ina gcoinne a chailliúint. Sin é an taobh go raibh Ciarraí chomh dainséarach in aghaidh Átha Cliath sa tsraith i mbliana – bhí ceachtanna a gcloíte tógtha ar bord acu agus bhí na Dubs leochaileach.

Ní bheidh siad chomh leochaileach in aghaidh Chill Dara ná ní bheidh siad chomh leochaileach arís más Ciarraí nó Maigh Eo a bheidh rompu sa ród níos déanaí i mbliana.

Ar an gcúis chéanna (toisc go bhfuilid tar éis éachtaint d’fháil ar conas gan cluiche in aghaidh na Dubs a chailliúint) measaim gurbh fhiú do Jim Gavin agus a chriú súil a choimeád ar Thír Eoghain tar éis an lae inniu.

Sea, is fíor don té a dúirt gur fearr aon fhéachaint amháin romhat ná dhá fhéachaint i do dhiaidh!

 

Fág freagra ar 'DARA Ó CINNÉIDE: Is fearr aon fhéachaint amháin romhat ná dhá fhéachaint i do dhiaidh…'