DARA Ó CINNÉIDE: Is fearr an té a éiríonn ná an té a thiteann ina phlap…

Níl aon easpa ceachtanna craoibhe ag ár gcolúnaí dúinn an tseachtain seo agus mórán eachtraí aite agus iontacha ann ag an deireadh seachtaine

Dermot Malone and Dermot Brady/ Pictiúr: INPHO/Presseye/Andrew Paton
Pictiúr: INPHO/Presseye/Andrew Paton

An té nach bhfuil láidir ní foláir dó bheith glic

Is furast bheith ag caint ar an easpa ama a bhí ag Muineachán chun teacht chucu féin tar éis a gcluiche i gcraobh Uladh i gcoinne Dhún na nGall ach ní thugann san an t-aitheantas atá ag dul d’iarrachtaí Longfoirt Dé Sathairn. Tá Muineachán ar cheann de na foirne is láidre agus is fearr sa tír. Ba iad a chloígh Dún na nGall nuair a bhíodar siúd ina gcuraidh Uile Éireann in 2013 agus ba iad ab fhearr a chuaigh i ngleic le hÁth Cliath sa tsraith i mbliana. Ní bheadh Longfort láidir ach bheadh a mbainisteoir, Denis Connerton, glic agus géimiúil. Ag tús an fheachtais craoibhe i mbliana bhí Connerton, dála Kevin Walsh sa Ghaillimh, ag cásamh líon na n-imreoirí nach raibh á gcur féin ar fáil chun imirt leis an bhfoireann chontae.

Bhí a fhios ag Connerton ina chroí istigh, áfach, nuair a bhuaigh Uíbh Fhailí ar Longfort sa chraobh sa Bhealtaine gurbh fhoireann mhaith cúl-dorais iad Longfort agus nach dtiocfadh aon lagú ar an bpainéal nó go leagfaí amach iad. Bhuadar tar éis am breise as baile i gcoinne an Dúin coicís ó shin. Thit Muineachán i gCluain Eois Dé Sathairn. Beidh an tríú foireann a thug tús na bliana ag imirt i Roinn 1 na sraithe, Corcaigh, leo ar a bpaiste féin Dé Sathairn. Bhíos féin ag imirt le Ciarraí nuair a thug foireann Longfoirt, fé bhainistíocht Connerton ceacht sraithe, in 2004 dúinn. Bíodh a súile oscailte go maith ag Corcaigh ag triall ar Pháirc an Phiarsaigh.

Peadar Healy. Pictiúr: INPHO/Cathal Noonan
Pictiúr: INPHO/Cathal Noonan

Bíonn buille ag gach éinne ar mhadra an duine bhoicht

B’ait le scata go mbeadh bainisteoir Chorcaí, Peadar Healy, ag admháil i rith na seachtaine seo caite go raibh imní agus buairt ar lucht leanúna Chorcaí agus iad ag tabhairt faoina gcluiche cáilithe i gcoinne Luimnigh Dé Sathairn. Is léiriú é caint Healy, b’fhéidir, ar an lagmhisneach atá ar Chorcaigh idir lucht peile agus lucht iománaíochta i láthair na huaire. Bhí tamall ann, agus ní rófhada ó shin é, ná ligfeadh an dánaíocht duit labhairt faoi Chorcaigh sa tslí seo. Ach is cosúil, faoi mar a dúirt bainisteoir na Mí, Mick O’Dowd agus é ag éirí as Dé Sathairn go mbraitheann an uile dhuine anois gur féidir leo cos a bhualadh ar an té atá thíos.

Tá Corcaigh in ísle brí le tamall maith anois.

An fada go dtiocfaidh speach uathu?

Imíonn an tuirse ach fanann an tairbhe

Ar cheann de na cúiseanna is mó a deirtear linn nach bhfuil ag éirí le Corcaigh tá go bhfuil an iomarca imreoirí sa chontae fós ag iarraidh an dá thrá, peil agus iománaíocht, a thabhairt leo. ‘Ní féidir é a dhéanamh,’ a deir na húdair linn agus b’fhéidir gur fíor dóibh. Bhí sé ina chnámh spairne i gcontae an Chláir le blianta beaga anuas agus an t-imreoir is ildánaí dá bhfuil acu, Podge Collins, ag iarraidh beirt mháistrí, Davy agus Daid, a shásamh.

Dhein an Coileánach gaisce i gcaitheamh an deireadh seachtaine le foirne an Chláir. D’fhág sé rian láidir ar an imirt i Staid Semple i gcoinne iománaithe Luimnigh Dé Sathairn agus bhí sé lán de cheol nuair a tháinig sé chun páirce do na peileadóirí i bPáirc Uí Chíosóig in Inis ar an nDomhnach. Pé tuirse a bhí le laethanta beaga anuas ar an bhfear, tá an-thairbhe ann do chontae an Chláir.

Pictiúr: INPHO/Donall Farmer
Pictiúr: INPHO/Donall Farmer

Caithfidh duine géilleadh dá bhacaí féin

Chuireas aithne ar Kevin McStay nuair a chaitheas seal ag plé leis an Sunday Game ar RTÉ. Duine deisbhéalach, múinte, béasach ab ea é arbh fhuath leis an chalaois agus an easpa ealaíne a bhí ag brúchtaíl i bpeil an lae inniu. Cé gur chispheileadóir aitheanta é, bhíodh an ghráin dhearg aige ar an bpasáil láimhe. Dúirt sé féin, ach a dtóg sé post an bhainisteora i Ros Comáin, go mbraith sé go raibh sé thar am aige éirí amach as cathaoir an chompoird agus dul sa ghleo ar an dtaobhlíne.

Bunaithe ar fhianaise chluiche ceannais Chonnacht Dé Domhnaigh, caithfidh go gceapann sé féin agus a chomhbhainisteoir, Fergal O’Donnell, gur tríd an bpasáil láimhe a bhuafar ar an nGaillimh. B’fhéidir go léireoidh an athimirt go bhfuil an ceart aige. B’fhéidir nach féidir bearnaí a aimsiú i gcóras cosanta na Gaillimhe mar atá. B’fhéidir go bhfuil a chuid prionsabal caite i dtraipisí ag McStay. Nó b’fhéidir nach bhfuil sé ach ag géilleadh dá bhacaí féin.

Pictiúr: INPHO/James Crombie
Pictiúr: INPHO/James Crombie

Is fearr an té a éiríonn ná an té a thiteann

Dúirt an tráchtaire agus an saoi Mícheál Ó Muircheartaigh ar an Saol ó Dheas ar Raidió na Gaeltachta inné, gur “thit Aidan O’Shea ina phlap ar an dtalamh” agus é ag tagairt don gcur i gcéill i bPáirc Mhic Éil Dé Sathairn. Tá dóthain ráite ag an bpointe seo faoin eachtra inar chuir O’Shea dallamullóg ar an réiteoir, Joe McQuillan, agus ní gá cur leis. Ní hé O’Shea an chéad duine a dhein a leithéid ach tá súil agam gurb é an duine deireanach a dhéanfaidh amhlaidh i mbliana. B’fhéidir, leis, gurb í an eachtra seo a chuirfidh tine fé shamhradh Uí Shé.

Is léir ón ngeáitsíocht atá le tamall aige nach bhfuil O’Shea istigh leis féin. Le beagán umhlaíochta feasta, tuigfidh sé gur fearr an té a éiríonn ná an té a thiteann ina phlap.       

Fág freagra ar 'DARA Ó CINNÉIDE: Is fearr an té a éiríonn ná an té a thiteann ina phlap…'

  • padraig

    Éacht scríbhneoireachta , géarchúis agus eagnaíocht thar meán inti, ár seasamh ort a Dhara.