DARA Ó CINNÉIDE: Guth beag bídeach in íochtar intinne ag rá nach bhfuil a mbuille tugtha fós ag Maigh Eo

Is beag atá feicthe againn ó Mhaigh Eo a thabharfadh aon léas dóchais dá lucht leanúna i measc lán a’ tí inniu ach caithfidh go bhfuil speach éigin fágtha iontu

DARA Ó CINNÉIDE: Guth beag bídeach in íochtar intinne ag rá nach bhfuil a mbuille tugtha fós ag Maigh Eo

Ag pointe áirithe sa dara leath den gcluiche idir Maigh Eo agus na Iarmhí i bPáirc an Chrócaigh seachtain is an lá inniu, bhí an chuma ar an scéal go bhféadfadh rith an ráis bheith leis an Iarmhí.

Bhí Maigh Eo fós trí chúilín chun tosaigh 2-13 le 1-13. Bhí ocht nóimeat fágtha ar an gclog gan na nóimeataí a bhí le cur ag an réiteoir leis an imirt san áireamh agus bhí an fhoireann lár-tíre luite amach orthu féin ag iarraidh teacht ar chomhtharrac le fir an Iarthair.

Bhí cic saor curtha amú díreach roimhe sin ag Paul Sharry na hIarmhí agus nuair a chaill Jamie Gonoud deis neafaiseach eile tamaillín ina dhiaidh sin, bhí a fhios agat go raibh a gcosa tugtha leo ag Maigh Eo.

Bhí sé i ndán dóibh seacht gcúilín de bhearna a bheith idir iad agus an Iarmhí ag deireadh na himeartha ach ní raibh ansan ach snas gan é bheith saothraithe acu ar dhrochlá oibre.

N’fheadar cá dtosnófá ag cíoradh na mbotún is an easpa slachta a bhí ar Mhaigh Eo seachtain ó shin. Pé laigí atá iontu agus pé easnaimh atá á nochtadh féin ina gcuid imeartha ó thús an tsamhraidh, bainfidh Tír Eoghain a gceart astu más ann dóibh tráthnóna.

Taibhsítear domsa agus do scata eile ón dtaobh amuigh nach foireann iad Miagh Eo atá ar fónamh. Tá scata de na himreoirí nach bhfuil istigh leo féin ón lá a lascáil Corcaigh i bPáirc Uí Rinn iad i dtús na sraithe. Níor tháinig aon fheabhas ar a gcás nuair a rug an Ghaillimh amuigh orthu i gCaisleán an Bharraigh ag tús na craoibhe chun iad a fhágaint ar an bhfán i gCraobh Chonnacht.

Nuair a bhí Maigh Eo ina máistrí ar Chraobh Chonnacht ar feadh cúig bliana idir 2011-2015, agus nuair nach raibh ag éirí leo i bPáirc an Chrócaigh, bhí scata den dtuairim go mb’fhéidir gur fearr a d’oirfeadh paiste fánaíochta trí na babhtaí cáilithe dóibh. Bheadh cruachtaint agus cothú spride, a dúradh, ag baint le bealach an chúldorais – rud a chinnteodh go mbeadh Maigh Eo ullamh nuair a thiocfadh cathanna an fhómhair. Beidh triail inniu againn ar an dtuairimíocht sin.

Is beag atá feicthe againn ó Mhaigh Eo a thabharfadh aon léas dóchais dá lucht leanúna i measc lán a’ tí inniu ach caithfidh go bhfuil speach éigin fágtha iontu. Ní ghéillim go bhféadfadh imreoirí ar nós Keith Higgins, Lee Keegan, Colm Boyle, Aidan O’Shea, Diarmuid agus Cillian O’Connor slán a fhágaint le craobh na bliana 2016 le taispeántas leachta, léirithe eile.

Ní ghéillim ach an oiread go bhfuil curaidh Uladh a bheidh ina gcoinne inniu, Tír Eoghain, leath chomh cruaite ag na cathanna ó thuaidh is a thaibhsítear do dhaoine. Níl aon amhras ar éinne ach gurb í Craobh Uladh an chraobh is déine ó thaobh iomaíochta ach déanaimis idirdhealú idir dianiomaíocht agus sárchaighdeán. Tá tamall ó bhí sárchaighdeán i gcraobh Uladh a bheadh inchurtha leis an gcaighdeán a shroich Áth Cliath, Ciarraí agus Maigh Eo le cúig bliana anuas ina gcúigí féin.

Nuair a bhíodh dianiomaíocht agus sárchaighdeán go deireanach i réim in Ulaidh, bhí Ard Mhacha agus Tír Eoghain ag baint na gcosa dá chéile laistigh agus lasmuigh den gcúige. Ní fheicim é sin idir aon dá chontae Ultach nuair a thagaid go ceannáras CLG na laethanta seo.

Is cinnte go bhfuil na coimhlintí idir Dún na nGall agus Muineachán le ceithre bliana anuas ag cruthú a ndráma féin i gCluain Eois ach ní fhágann san go mbíonn aon rath ar cheachtar den dá fhoireann nuair a thógann siad an bóthar aduaidh orthu féin.

Ná deinimis dearmad gurb iad Dún na nGall féin in 2012, an t-aon churadh Uladh a thug Sam Maguire leo ó dhein Tír Eoghain amhlaidh in 2003. D’éirigh le Tír Eoghain greim a fháil ar Sam in 2005 agus in 2008 ach ní mar churaidh chúige a dheineadar é. Sin é an dúshlán atá rompu siúd tráthnóna; an misneach agus an t-ardú meanman a thug a mbua ar Dhún na nGall dóibh trí seachtaine ó shin a chur trasna ar Mhaigh Eo. Is rud teibí, tanaí é an misneach má pholltar luath i bPáirc an Chrócaigh é.

Ainneoin a ndeir na geallghlacadóirí agus ainneoin a ndeirid siúd go bhfuil meas agam ar a dtuairim i dtaobh na caide, tá guth beag bídeach i bpóirse éigin in íochtar intinne ag rá liom nach bhfuil a mbuille tugtha fós ag Maigh Eo.

Sa dara cluiche tráthnóna idir Áth Cliath agus Dún na nGall, tá an-seans go gcífear go bhfuil a mbuille tugtha ag na Conallaigh.

Táthar á gcoimeád san áireamh ó thús na bliana le teann measa ar an méid atá déanta le sé bliana ag cuid des na himreoirí seo. Ach an fada eile is féidir le leithéidí Karl Lacey, Rory Kavanagh, Anthony Thompson, Christy Toye agus Éamonn Magee an fód a sheasamh in aghaidh an chloig is na haimsire?

Tá ardmholadh tuillte ag Rory Gallagher agus a bhuíon bainistíochta as athnuachan a dhéanamh ar phainéal a bhí ag trá breis is bliain ó shin ach ní féidir leo bheith ag brath ar thriúr Chill Charthaigh, Ryan agus Eoin McHugh agus Patrick McBrearty, chun a ngaisce an lá deireanach a chur i gcrích athuair.

Léirigh Dún na nGall agus iad ag treascairt Átha Cliath dhá bhliain ó shin go bhfuilid beag beann ar ghnásanna agus ar thuartha na n-údar ach ní hionann inné is inniu. Tá Áth Cliath ar thóir na staire i mbliana agus na Conallaigh de shíor ag iarraidh buachtaint uirthi.

Gheobhaidh siad amach tráthnóna, mar a fuair scata rompu, nach ionann dul go tigh an rí is teacht as.

Deinim amach gurb iad na Dubs a bheidh le Ciarraí ag deireadh na míosa.

 

 

Fág freagra ar 'DARA Ó CINNÉIDE: Guth beag bídeach in íochtar intinne ag rá nach bhfuil a mbuille tugtha fós ag Maigh Eo'