DARA Ó CINNÉIDE: Dá olcas iad Corcaigh is measa bheith ina n-éagmais…

Tá cúig cinn de cheachtanna foghlamtha ag ár gcolúnaí i ndiaidh an deireadh seachtaine…

Imreoir an Chabháin, Conor Moynach. INPHO/Presseye/Andrew Paton
Imreoir an Chabháin, Conor Moynach. INPHO/Presseye/Andrew Paton

Madra rua fé dhó, ní mealltar é

Bhí tuairim coicíos ó shin againn go raibh a ndeis caillte ag contae an Chabháin agus iad ag fágaint Chluain Eois ar comhtharrac le Tír Eoghain. Trí cinn de chúil a ghéill contae Uí Néill an lá úd agus le cúl báire nua, Niall Morgan, roghnaithe don athimirt, bhí teachtaireacht á cur amach ag Mickey Harte gur mhalairt poirt a bheadh i ndán. Bhí na tréithe go léir a bhí luaite ó thús na bliana le Tír Eoghain le feiscint go rábach san athimirt inné – iad ar chuma cúite sa tseilg agus iad ar an bhfrithionsaí, gan trua ná taise don íochtarán agus an fhéinmhuinín atá iontu de dhroim oidhreachta ag sileadh leo ar dalladh. B’fhéidir go bhfuil léas dóchais do Dhún na nGall sa 2-17 a d’aimsigh an Cabhán agus sna trí chúl a fuaireadar coicíos ó shin ach ná bíodh aon dearmad ort; tá Tír Eoghain ar ais agus beidh siad dainséarach.

Foireann Thiobraid Árann roimh an chluiche. INPHO/Cathal Noonan
Foireann Thiobraid Árann roimh an chluiche. INPHO/Cathal Noonan

Dá olcas iad Corcaigh is measa bheith ina n-éagmais

Cé go raibh a bhfoireann mionúir ag imirt i gCill Airne inné ní mór na geansaithe dearga a bhí le feiscint ar an ardán ná go deimhin níor chualathas rosc catha na reibiliúnaithe ó thús deireadh. Ní hiad tábhairneoirí agus lucht ósta Chill Airne amháin a bhraith muintir Chorcaí uatha an deireadh seachtaine seo d’imigh tharainn. Bhí lucht leanúna Chiarraí féin an-chiúin, an-thámáilte i gcaitheamh an chluiche sinsir. Canathaobh ná beadh? Bhí an cluiche aontaobhach; ní raibh an sean-namhad ann chun iad a ghríosadh; ba dheacair, ceal cúise, dos na Tiobradaigh conach a chur ar na Ciarraígh agus bhí an iomarca bearnaí le líonadh sna hardáin taobh thiar den dá bháide. Níl aon chluiche craoibhe caillte ag Ciarraí i gCill Airne ó 1995 agus le Corcaigh in ísle brí agus Tiobraid Árann agus contae an Chláir fós ag déanamh dul chun cinn, d’fhéadfadh tamall eile bheith ann sara dtarlaíonn sé. Mar a dúirt Corcaíoch amháin a bhí i láthair inné liom, “is geall le freastal ar bhainis pósta do chéile é seo agus í ag pósadh athuair”.

Imreoir Liatroma, Gary Reynolds ag fáil cárta dubh. INPHO/James Crombie
Imreoir Liatroma, Gary Reynolds ag fáil cárta dubh. INPHO/James Crombie

Ní féidir an dubh a chur ina gheal ach seal

Maidir leis na cártaí dubha, is í fírinne an scéil anois nach bhfuil tuairim dá laghad ag éinne, lucht a molta ar a n-áirím mé féin, cad chuige a mbronntar cárta dubh na laethanta seo. Bhíodh an tslat tomhais an-shoiléir i gcás imreoir a tharraingíonn céile comhraic anuas. Bhí dhá cheist le cur ag an réiteoir air féin sara mbronnfaí cárta dubh. Ar deineadh an chalaois d’aon ghnó? Agus ar tarraingíodh an t-imreoir chun talún? Dhá chárta dhubha a chonac féin i gcaitheamh an deireadh seachtaine go mbeadh an-amhras orm fúthu.

Bronnadh ceann ar Anthony Thompson Dhún na nGall nuair a dhein sé calaois ar Drew Wylie a thuill cic éirice do Mhuineachán i bPáirc Bhreifne Dé Sathairn. Níl aon amhras ná gur thit Wylie chun talún. Níl aon amhras ná gur chalaois a bhí i gceist agus ní fhéadfadh aon amhras a bheith ar éinne  faoin gcic éirice.

Ach n’fheadar ó thalamh an domhain canathaobh gur bronnadh an cárta dubh ar Thompson. Ní d’aon ghnó a dhein sé an cúram. Iarracht dhlisteanach, más liobarnach féin í, an iarracht a dhein sé ar sheilbh na caide a bhaint de Wylie. B’amhlaidh an scéal i gcás Josh Keane Thiobraid Árann i gCill Airne inné. Níl aon amhras ná gur dhein sé calaois ar Bryan Sheehan Chiarraí. Níl aon amhras ná gur thit Sheehan chun talún. Ach, arís, ní dóigh liom gur d’aon ghnó a deineadh an cúram. Is dóigh liom go raibh Sheehan chun titim chun talún beag beann ar chalaois Keane toisc go raibh barrthuisle bainte aige as féin sa ghuairneán beag a dhein sé in iarracht éalú ó ghreim Keane. Tuigim go bhfuil cúram an réiteora guaisiúil ach má tá amhras in aon chor air faoin gcárta dubh, níor cheart aon amhras bheith faoin gcinneadh.  

Maoir ag faire ar chluiche. INPHO/Donall Farmer
Maoir ag faire ar chluiche. INPHO/Donall Farmer

I ndomhan na ndall is rí fear aon roisc

Na camáin an uair seo. Loch Garman agus Uíbh Fhailí i bPáirc Loch Garman Dé Sathairn. Bhí ceithre neomat is fiche caite ar an gclog agus bronnadh poc éirice ar Loch Garman. B’eo aníos lena gcúl báire, Mark Fanning, thug poc iontach don sliotar a bhuail an cuaille tacaíochta taobh thiar den líontán agus phreab an sliotar thar n-ais ar an bpáirc imeartha. Bhí a dhroim iompaithe ag Fanning leis an imirt faoin dtráth seo, é lánsásta go raibh scór cinniúnach aimsithe aige dá fhoireann. Níor tuigeadh dó gur leanadh ar aghaidh leis an imirt agus nár ceadaíodh an cúl go dtí gur shroich sé a bháide féin arís. Bhí 3,100 duine i láthair ag faire ar iarracht Fanning ach, níos tábhachtaí b’fhéidir, bhí réiteoir agus beirt mhaor cúil nach bhfaca aon ní bunoscionn. Murach go raibh rith an ráis le Loch Garman sa dara leath, bheadh conspóid eile ar lic a ndorais ag Cumann Lúthchleas Gael. Tarlaíonn a leithéid. Tá daonnacht i gceist. Ach nuair atá a bheannacht tugtha ag ceannasaí na réiteoirí, Sean Walsh, agus ag na réiteoirí féin don oifigeach teilifíse, an TMO, cén leisce atá ar CLG a leithéid a chur i bhfeidhm?

Slua Ard Mhacha i bPáirc an Chróciagh ag cluiche ceannais Uladh 2005. INPHO/Donall Farmer
Slua Ard Mhacha i bPáirc an Chróciagh ag cluiche ceannais Uladh 2005. INPHO/Donall Farmer

An bhfuil an Tíogar Ceilteach fillte ar Chúige Uladh?

Tá pobal na caide ó thuaidh tosnaithe ag cogarnaíl mar gheall ar a gcluiche ceannais bheith aistrithe go Páirc an Chrócaigh. An bhféadfaí a leithéid a dhéanamh mar a deineadh cheana? An mbeadh puinn de shlua i gceist? An mbeadh Páirc Naomh Tiarnach, Cluain Eois, róbheag chun an slua a thógaint? Seo chugainn an tíogar…