DARA Ó CINNÉIDE: Cuirtear an cárta dubh sa chúinne dána baintear triail as bosca na bpeacaí

Bheadh córas ‘bosca na bpeacaí’ níos cothroime, níos sothuigthe agus bhainfeadh sé cuid den ualach den réiteoir

Allianz Football League Division 1 Final, Croke Park, Dublin 24/4/2016 Dublin vs Kerry Kerry's Aidan OÕMahony is sent off by Referee Eddie Kinsella  Mandatory Credit ©INPHO/Ryan Byrne
©INPHO/Ryan Byrne

Ní rabhas ag súil agus mé ag scríobh anseo i dtús na seachtaine seo go mb’fhéidir go mba chóir féachaint an athuair ar bhosca na bpeacaí mar réiteach ar cheist achrannach na gcártaí dubha go mbeadh oiread tacaíochta á thabhairt don tuairim is a bhí le laethanta beaga anuas.

Ní ghéillim fós go bhfuil aon ghoile i measc lucht leanta na caide, lucht a himeartha agus lucht a riartha chun athruithe a chur i bhfeidhm ar rialacha an chluiche i láthair na huaire. Tar éis do chuid againn glacadh go fonnmhar le teacht an chárta dhuibh, nach bhfuil sé ábhairín guagach agus corrthónach anois againn bheith ag éileamh go gcaithfí i dtraipisí é?

Ainneoin na héagóra atá déanta ag an gcárta dubh ar scata imreoirí ó thús na craoibhe agus ainneoin an ghíoscáin mar gheall ar chaighdeán na caide i mbliana, nach bhfuil an meánráta scórála i gcraobh na bliana go dtí seo (34 pointe) ar an dara meánráta is airde i stair na gcluichí?

Caithfidh go bhfuil baint éigin ag an gcárta dubh leis an ráta scórála seo agus is cinnte go bhfuil a rian le feiscint sa laghdú atá tagtha ar líon agus ar nádúr na gcalaoisí ina stoptaí duine ó thacaíocht a thabhairt do phaistí comhimeartha amach as na cúil.

Go deimhin féin, bhí íoróin de shórt áirithe ag baint le scéal an té a d’aimsigh an scór cinniúnach do Thír Eoghain i gcluiche ceannais Uladh, Seán Cavanagh, sa mhéid is go ndéarfadh mórán gurb é an Cavanagh céanna a spreag an cárta dubh an chéad lá leis an ngreim a rug sé ar Conor McManus i gcluiche ceathrú ceannais na bliana 2013. Cuirimis mar seo é: n’fheadar mura mbeadh an cárta dubh i bhfeidhm, an mbeadh greim faighte ag Ryan McHugh, Anthony Thompson nó Paddy McGrath ar Cavanagh Dé Domhnaigh agus é tarraingthe go calaoiseach chun talún?

Sin ceist do lá éigin eile, is dócha ach an cheist is mó a bheadh ag dó na geirbe ag lucht riartha na gcluichí agus sinn ag teannadh leis an tréimhse is cinniúnaí sa bhliain ná an bhfuil an pionós a ghearrtar ar lucht calaoise i gcomhréir cuí leis an gcoir? I bhfocail eile, an fiú don bhfeallaire an gníomh fealltach a dhéanamh agus an bhfuil aon ní ann chun é a stopadh?

Ba dheas linn a shamhlú i gcónaí agus sinn i mbun spóirt go mbeirtear amuigh ar an té atá cam, ar an té nach bhfuil ag cloí le sprid na himeartha agus ar an té atá ag iarraidh tairbhe a bhaint as an éagóir. Is chun an claonbheart a ruaigeadh a cuireadh rialacha na gcártaí dubha i bhfeidhm ach mhothófá anois go bhfuil an cluanaire ag dul i dtaithí orthu, agus, níos measa fós, go bhfuil an fear díreach thíos leo nuair nach gcuirtear i bhfeidhm i gceart iad mar a tharla i gcás Mattie Donnelly agus Cathal McShane Dé Domhnaigh agus i gcás Anthony Thompson coicís roimhe sin.

Ba é an t-aon amhras a bhí orm féin nuair a tháinig na cártaí dubha isteach dhá bhliain ó shin ná go mbeadh an iomarca ualaigh á chur ar an réiteoir, é ag iarraidh cinneadh pras a dhéanamh agus ag am céanna, idirdhealú idir cártaí buí, dearga agus dubha. Deirtear gur fearr síorualach ná sárualach agus, bunaithe ar fhianaise an tsamhraidh go dtí seo, níl aon amhras go bhfuil an síorualach a bhíodh ar réiteoirí ina shárualach faoin tráth seo. Tá clais ar dhroim an réiteora le blianta ach nuair nach bhfuil cluichí á n-imirt sa sprid cheart suncálfar an réiteoir bocht sara fada.

Sin é an taobh go ndeirim go gcaithfear féachaint an athuair ar imreoirí a dhíbirt go ‘bosca na bpeacaí’. Bheadh sé níos cothroime, níos sothuigthe agus bhainfeadh sé cuid den ualach den réiteoir. Tá ag éirí go maith leis sa rugbaí agus i bpeil na mban. Níl aon chúis nach n-éireodh leis sa pheil Ghaelach.

D’áitigh Ard Stiúrthóir CLG, Páraic Duffy ina thuarascáil bhliantúil ceithre bliana ó shin go mba chóir dul i muinín bhosca na peacaí nó an cúinne dána arís i bhfianaise na gcóras cosanta agus an phlúchadh a bhí tagtha sa treis ag an am. Is beag atá athraithe ó shin, a shamhlóinn, chun a phort a athrú.

Dúirt iarUachtarán CLG, Seán Kelly, ag deireadh na bliana seo caite gur thrua leis le linn a thréimhse féin nár léirigh sé féin agus na húdaráis i bPáirc an Chrócaigh níos mó diongbháilteachta le triail bhosca na bpeacaí.

Chuaigh iarrachtaí a leithéid a sheoladh trí Chomhdháil Bhliantúil 2009 i ngiorrracht 2% de sprioc an dá thrian. N’fheadar an bhfuil an goile ann tabhairt faoin bhfeachtas arís nó an mbeadh faoi dheireadh an tsamhraidh?

Is léir nach leor an cárta dubh anois chun deireadh a chur leis an mí-iompar ach dá mbeadh foireann i dtaobh le ceithre fearaibh déag ar feadh deich nóimeataí, ní mór an fonn a bheadh ar imreoirí bheith i mbun cleasaíochta agus claidhreachta.

Ní ceist í seo atá chun leá léi. Is minic é feicthe againn le blianta beaga anuas gur sna seachtainí idir seo agus deireadh mhí Mheán Fhómhair – nuair a bhíonn na foirne agus na himreoirí mór le rá luite amach orthu féin – a deintear grinn-iniúchadh agus diantástáil ar chóras smachta CLG.

Má bhíonn oiread is lúb amháin ar lár, is gearr go mbeidh sé ina pholl.