DARA Ó CINNÉIDE: Cúig cheacht caide lár an tsamhraidh

Ceisteanna agus scéalta thairis ag eascairt as imirt an deireadh seachtaine seo caite…

Pictiúr: INPHO/Lorraine O'Sullivan
Pictiúr: INPHO/Lorraine O’Sullivan

An é an cúl báire an t-imreoir is tábhachtaí ar aon fhoireann anois?

Roimis chluiche an tSathairn i gCaisleán an Bharraigh, ní raibh faic á chlos agam ó chuid de lucht leanúna na Gaillimhe atá ar m’aithne ach go raibh báideoir nua tugtha isteach ag Kevin Walsh ná raibh aon triail air agus ná féadfadh puinn ratha bheith ar fhoireann a raibh cúigear imreoirí nua ag tosnú inti. Ba léir, áfach, tar éis cúig nó deich nóiméad go raibh ag éirí go breá leis na himreoirí nua agus go raibh an báideoir nua seo, Bernard Power ó Chora Finne, ag bláthú go niamhrach. Seachas cic amach fánach anseo is ansiúd, bhí imirt an Phaoraigh gan cháim agus más idir bheirt lár páirce na Gaillimhe, Paul Conroy agus Tomás Flynn, a bhí an sracadh do laoch na himeartha, is dóigh liom go ngéillfidís beirt go raibh imirt thomhaiste fhear Chora Finne sa bháide ar cheann de na cúiseanna gur éirigh leo greim daingean a choimeád i gcaitheamh na huaire. Ina choinne sin, ní gá ach féachaint ar an gcic amach ó bháideoir Mhaigh Eo, Rob Hennelly, a ghéill seilbh na caide do Thomás Flynn dá chúl féin sa 55ú nóiméad, chun ról cinniúnach an bháideora a thuiscint sa chluiche seo.

Ar cheart aon ní a deir imreoirí agus bainisteoirí go poiblí a chreidiúint?

Is mó babhta cloiste againn ó imreoirí é. “Ó ní léimse na páipéir in aon chor ná ní thógaim aon cheann don méid a deirtear fúinn.” Tá an port céanna cloiste anois is arís ó bhainisteoirí chomh maith agam. Ach tar éis an méid a bhí le rá ag bainisteoir na Gaillimhe, Kevin Walsh, tráthnóna Dé Sathairn, is léir gur baineadh leas as an gcaitheamh anuas agus as an mbeag is fiú a bhí á dhéanamh dá fhoireann ar na meáin chumarsáide. Is léir chomh maith gur chuaigh cuid den gcaint sa bheo ann. Tá a fhios againn go léir go bhfuil imreoirí idirchontae an lae inniu an-ghoilliúnach agus ní théann sé i ngan fhios dóibh nuair a bhíonn sceanairt á déanamh sna meáin orthu. Ach canathaobh go bhfanann siad go dtí tar éis chluiche a bhuachan chun é sin a rá linn?

An féidir cluiche a bhuachan gan fear maith i mbun na gciceanna saora?

Tá Cillian O’ Connor ar dhuine de na himreoirí is fearr sa tír i mbun na gciceanna saora. Bhí a fhios againn ón gcéad lá ar tháinig sé chun cinn mar imreoir sinsir i gcluiche ceannais Chonnacht i bPáirc de hÍde cúig bliana ó shin nach gcuireann an bháisteach isteach rómhór air ach an oiread. D’aimsigh an Conchúrach ocht bpointe as na trí cinn déag a scóráil Maigh Eo i gcoinne Ros Comáin an lá úd agus bhí brú ar gach aon cheann acu. Ní dócha go gcífimid pointe chomh breá ó chic saor as seo go deireadh na bliana leis an gceann a d’aimsigh fear Bhaile an Tobair ó ghar don dtaobhlíne roimh leath ama Dé Sathairn. Ach beidh an-díomá go deo air leis an gcic saor neafaiseach a chuaigh amú air nuair ba mhó a bhí an choimhlint ina teas sa dara leath. Tarlaíonn sé do phlúr na n-imreoirí ach nuair a tharlaíonn sé tagann sé idir bhris is bua. Tá a ndeacrachtaí féin ag Tír Eoghain le ciceanna saora le tamall chomh maith. Tá tréimhsí caite ina mbun ag Seán Cavanagh, Peter Harte agus ag an mbáideoir, Niall Morgan. Bhí iarrachtaí amú ag Ronan O’Neill, Conor McAliskey agus Darren McCurry i gcoinne an Chabháin Dé Domhnaigh. Ní dóigh liom go mbíonn lucht leanúna Thír Eoghain istigh leo féin na laethanta seo nuair a bíonn duine dá n-imreoirí ag tiargáil chun cic saor a thógáil.

Ós ag caint ar chiceanna saora mé…

Tá sé ag dul dom ó thús na bliana a dhéanamh amach conas nach bhfuil réiteoirí níos déine orthu siúd atá ag cur isteach ar an té atá ag tógáil ciceanna saora. Tá Riail 4.19 san leagan is déanaí de Threoraí Oifigiúil CLG an-soiléir faoi seo. Má chuireann tú isteach ar an té atá i mbun cic saor a thógáil trí léim suas is anuas os a chomhair amach, lámha a luascadh nó aon ghníomh trasnála eile, is calaois theicniúil í sin a bhfuil de phionós ag gabháil léi go mbogtar an chaid trí mhéadar déag chun cinn ón áit ina raibh an cic saor le tógáil ar dtús. Ní féidir le himreoir atá ag cosaint cic saor ach seasamh os comhair an té atá ina bhun, a dhá láimh a chur san aer agus fanacht ina thost. Conas mar sin go raibh cead ag imreoirí ó Dhún na nGall agus Fear Manach an tseachtain seo caite, agus ag imreoirí ón gCabhán Dé Domhnaigh, rith i dtreo an chic, léim mhór a thógáil agus a lámha a luascadh ag an am céanna? Tá sé thar am stop a chur leis an ealaín seo ach is cosúil nach bhfuil fonn ar réiteoirí aird a tharrac orthu féin a thuilleadh.

Ós ag caint ar réiteoirí mé…

Ainneoin a fhaillí i réimse na gciceanna saora, bhí sárchluiche ag David Gough na Mí agus é i mbun na feadóige don choimhlint idir Tír Eoghain agus an Cabhán Dé Domhnaigh. Ná cuireadh sé aon iontas ort más é a bhíonn i mbun na feadóige i mí Mheán Fómhair. 

Fág freagra ar 'DARA Ó CINNÉIDE: Cúig cheacht caide lár an tsamhraidh'