DARA Ó CINNÉIDE: Cuid den éabhlóid ar idéil CLG an chaint faoi dhíolúine chánach d’imreoirí

Tá creimeadh leanúnach ar bun ó thús ama ar idéil agus ar bhunluachanna CLG agus brí agus éirim an chaithimh aimsire á lúbadh i gcónaí

DARA Ó CINNÉIDE: Cuid den éabhlóid ar idéil CLG an chaint faoi dhíolúine chánach d’imreoirí

An tAire Stáit, Brendan Griffin. Pictiúr: RollingNews.ie

Bhioraigh mo chluasa nuair a chuala an tAire Stáit nua Spóirt is Turasóireachta, Brendan Griffin, ag tabhairt le fios an tseachtain seo go raibh sé meáite ar fhéachaint ar shlite ina bhféadfaí faoiseamh nó díolúine chánach de shaghas éigin a thabhairt d’imreoirí idirchontae CLG an lae inniu. N’fheadar an amhlaidh go raibh an Grifíneach ag iarraidh labhairt go díreach le pobal i gcontae Chiarraí atá scoite chun caide nó an amhlaidh go raibh sé lán go barra den dteaspach a thagann le post nua agus le hardú céime, ach ní dóigh liom go bhfuil puinn machnaimh déanta go fóill aige ar cheist chasta an airgid agus an imreora contae.

Is gearr go dtuigfidh an tAire Stáit Griffin dó féin go bhfuil sé geall le dodhéanta teacht ar réiteach sásúil maidir le híocaíochtaí d’aon sórt laistigh de réimsí Chumann Lúthchleas Gael. Ina shárleabhar ar chúrsaí airgid agus airgeadais i gCumann Lúithchleas Gael, GAAconomics, labhrann an t-údar Michael Moynihan le mórán daoine atá ag treabhadh iomairí éagsúla le blianta anuas i réimse CLG. Mar shampla, deineann iarbhainisteoir cumarsáide Chumann na nImreoirí, Seán Potts, cur síos do Moynihan ar na roghanna a dheineann imreoirí idirchontae an lae inniu agus iad ag dul i mbun gairme a bhaint amach dóibh féin lasmuigh de pháirc na himeartha. Tugann Potts le fios don údar nach bhfuil puinn gairmeacha oiriúnach don imreoir contae anois toisc nach féidir leis nó léi aon dúthracht cheart a thabhairt don ngairm ar feadh deich mbliana nó níos mó.

Tá a rian san ar chuid des na nótaí beathaisnéise a léannn tú ar chláracha an lae ag aon chluiche peile nó iomána inniu. Is múinteoirí, mic léinn nó eolaithe spóirt a bhformhór toisc go bhfuil na huaireanta a chloig oiriúnach nó toisc go bhfuil obair an lae i dtiúin leis an gcaitheamh aimsire.

Bhí an tuiscint sin maidir leis an gcothromaíocht idir obair is caitheamh aimsire riamh ann, dar liom. Thóg sé os cionn deich mbliana orm féin agus ar scata de mo chomhghleacaithe a bhuaigh craobh na hÉireann mar mhic léinn fiche bliain ó shin, teacht ar chothromaíocht cheart inár saol féin idir obair is caitheamh aimsire.

Is léir domsa, tar éis bheith ag plé leis an tsraith GAA Nua ar RTÉ le déanaí, nach bhfuil aon athrú mór tagtha ar an scéal agus más aon ní é, go bhfuil pé cothromaíocht a bhíodh tráth idir saothar is spraoi, bunoscionn ar fad anois.

B’fhéidir gur ins na focail ‘caitheamh aimsire’ atá an nod is fearr agus an éachtaint is glinne dúinn, áfach. Bunaíodh Cumann Lúthchleas Gael chun ardú meanman a thabhairt dúinne mar Ghaeil, chun cur le sprid na hathbheochana cultúrtha agus thar aon ní eile, chun caitheamh aimsire a bhí préamhaithe sa dúchas a thabhairt do phobal na tíre.

Breis is céad bliain ó shin i 1914, bhí iománaithe chontae an Chláir ag iarraidh brí agus éirim sin an chaithimh aimsire a lúbadh nuair a thugadar fé sheachtain traenála le chéile i Lios Dúin Bhearna. Timpeall an ama céanna, bhí imreoirí Laoise ag tuilleamh costaisí as a gcuid ama a chaitheamh i mbun traenála agus iad ar scor óna gcuid oibre dá bharr.

Ní scéal nua é seo, go mbeadh baill Chumann Lúthchleas Gael toilteanach prionsabal an amaitéarachais a lúbadh chun teacht i dtír ar nósmhaireacht chomhaimseartha. Glacadh leis i gcónaí nach mbeadh táille ná tuarastal á bhfáil ag imreoirí ach thairis sin, bhí go leor doiléire i gceist le prionsabal an amaitéarachais.

Nuair a bhí ceist na ndeontas ón gComhairle Spóirt d’imreoirí CLG á cíoradh deich mbliana ó shin bhí gol agus gíoscán fiacal ann toisc go mbraitheadh go raibh na deontais seo ag teacht salach ar Riail 11 a bhain le stádas amaitéarachas CLG.

Bhí daoine suaite, leis, toisc go dtuigeadh gurbh ionann Ard-Chomhairle CLG ag glacadh leis na deontais ag an am agus tús ré d’íocaíochtaí le haghaidh imeartha agus deireadh ré do CLG mar a aithníodh go nuige seo é. Is é fírinne an scéil, áfach, ná nach raibh ann ach an chéad chéim eile i gcreimeadh leanúnach agus in éabhlóid mhall a bhí ar bun ó thús ama ar idéil agus ar bhunluachanna CLG. Níl i ráitis an Aire Stáit Griffin ar an Irish Examiner an tseachtain seo, chomh maith, ach an cor is déanaí i ndíospóireacht atá breac le fimíneacht, le frithrá agus le cur i gcéill. Cé go bhfuil meas againn ar fad ar an ealaín a chleachtann ár n-imreoirí idirchontae agus cé gur mhaith leis an uile dhuine againn ar cás leo forbairt na gcluichí Gaelacha go mbeadh cothrom na Féinne agus comhionannas á bhaint amach ag ár gcuid imreoirí, is deacair domsa géilleadh don gcaint ar fhaoiseamh agus ar dhíolúine chánach.

Beag beann ar a dhúthracht, canathaobh go bhfaigheadh iománaí nó peileadóir díolúine chánach nuair ná faigheann snámhaí, rámhaí, reathaí, nó scata lúthchleasaithe amaitéaracha eile a leithéid as an oiread céanna ama a chaitheamh lena spóirt siúd?

Ná habair liom ach an oiread go bhfuil bunluach cultúrtha le cleachtas imreoirí CLG nuair nach féidir lena bhformhór an t-aitheantas is dual a thabhairt, mar shampla, d’Amhrán na bhFiann nuair a deirtear ag cluichí idirchontae é.

B’fhéidir nach mbeathóidh a ngníomhartha ar pháirc na himeartha na bráithre feasta ach, má tá aon ní le foghlaim ó chaint airí spóirt eile roimis, is cinnte nach mbeathóidh baothbhréithre an Ghrifínigh ach an oiread iad.