DARA Ó CINNÉIDE: Bunaithe ar an bhfianaise, is fearr d’fhoireann iad Áth Cliath…

Go siúráilte duit, tá Ciarraí ciúin agus b’fhéidir gurb ionann san agus ciontach, ach is fearr d’fhoireann iad Áth Cliath bunaithe ar fhianaise na bliana go dtí seo

DARA Ó CINNÉIDE: Bunaithe ar an bhfianaise, is fearr d’fhoireann iad Áth Cliath…

Tá sé ráite riamh nach é an capall is fearr a bhuann an rás agus tá san tarraingthe chugainn féin againn mar shólás anseo i gCiarraí le laethanta beaga anuas.

Is cuma cén tslí a fhéachann tú air, tá sé léirithe arís is arís eile le trí bliana anuas ag foireann Átha Cliath go bhfuilid níos láidre, níos tapúla agus níos aclaí ná Ciarraí agus is í tuairim na coitiantachta go mbeidh rith an ráis leo amárach.

Tá an tseachtain ar fad caite i gCiarraí againn ag éisteacht le briathra móra faoi thraidisiún agus faoi oidhreacht chaide Chiarraí, faoin ngoin nach bhfuil cneasaithe le himeacht aimsire agus faoin bhfonn diamhair a bheidh ar ár gcuid imreoirí san a chúiteamh le hÁth Cliath amárach.

Ní mór an taithí atá i gCiarraí againn bheith ag feacadh glúine d’aon chontae nuair a thagann sé go dtí cúrsaí caide agus ní lú ná ní mór an taithí atá againn bheith ag éisteacht le dailtíní na cathrach ag teacht chugainn lena dteachtaireachtaí sobalacha.

Aithnímid go maith iad toisc gurb iad na teachtaireachtaí chéanna a bhí againn féin nuair a bhí ár mbróga agus ár gcosa féin ag luí ar a mboilg siúd. An té nach trua leis do chás, ná dein do ghearán leis.

Má tá aon fhuascailt i ndán do Chiarraí amárach, beidh mórán ag brath ar sheifteanna agus ar bheartais a bhfoireann bainistíochta fé stiúir Éamoinn Mhic Muiris. B’fhéidir go bhfuil an iomarca muiníne ag cuid againn as an bhfear céanna, ach tá a fhios ag Dia go bhfuil a chuid ealaíona tar éis craobh Uile Éireann amháin a shlánú cheana- dhá bhliain ó shin in aghaidh Dhún na nGall.

Dúradh an uair úd ná féadfadh Ciarraí teacht i dtír ar pheil aduain na gConallach – go dtógfadh sé níos mó ná an tréimhse trí seachtaine ullmhúcháin a bhí ag Ciarraí chun teacht ar mhúnla a chnagfadh stíl Dhún na nGall. In agallaimh a thug sé tar éis a mbua in 2014, thug Mac Muiris le fios go dtángthas ar sheift i gcaitheamh na trí uair a chloig a thóg an turas gluaisteáin air féin agus a roghnóirí filleadh go Ciarraí ó Pháirc an Chrócaigh tar éis do Dhún na nGall buachtaint ar Áth Cliath an uair úd.

B’é an cluiche sin an cluiche craoibhe deireanach a chaill Áth Cliath. Ag eascairt as ceachtanna an lae sin. Tá forbairt agus forás tagtha ó shin orthu agus níl aon amhras ach an oiread ná go bhfuil claochló tagtha ar fhoireann Chiarraí sa tréimhse chéanna.

Táid ann a déarfadh leat go bhfuil stánáil cheart i ndán do Chiarraí amárach agus tá fianaise ann ó chluiche ceannais na sraithe i mbliana agus ó chluiche ceannais na craoibhe aon mhí dhéag ó shin a thiocfadh leis an mbreith sin.

Ach táid siúd, leis ann, a thuigeann cúrsaí caide agus a aithníonn nach bhfuil aon ní chomh bagrach le tost agus ciúnas na gCiarraíoch i dtús an Fhómhair. Déarfar leat nach bhfuil an tobar sniogtha go fóill, go gcaithfidh go bhfuil braon éigin fágtha iontu agus gur dhána an mhaise d’aoinne bheith faillíoch i dtaobh an dríodair sin.

Munster GAA Football Senior Championship Semi-Final, Semple Stadium, Thurles, Tipperary 14/6/2015 Tipperary vs Kerry Kerry's Colm Cooper Mandatory Credit ©INPHO/Donall Farmer

An bhfuil speach éigin fágtha iontu dá réir sin agus má tá, cén laige atá le h-aimsiú in imirt Átha Cliath a fhágfadh leochaileach amárach iad?

Tá mórán cainte déanta ó thús na bliana faoi Rory O’Carroll agus Jack McCaffrey, beirt de shárchosantóirí na linne, bheith ar lár. Níl aon fhianaise ann go dtí seo go mbraitheann a gcomhghleacaithe uatha an bheirt, ach cá bhfios nach é an lá amárach an lá go mbeidh an lúb ar lár ina pholl?

Níor bhain Dún na nGall aon earraíocht as pé laigí a taibhsíodh dúinn a bheith i líne lánchúil Átha Cliath toisc nach raibh a laoch, Michael Murphy istigh leis féin ó thús, toisc go raibh Patrick McBrearty ceansaithe, támáilte ag Jonny Cooper agus toisc nach raibh aon chaid le dealramh á cur ina threo pé seal a chaith sé ag iomrascáil istigh le cosantóirí Átha Cliath.

Ainneoin na bhfoirne atá ainmnithe, bheadh iontas orm muna mbeadh Kieran Donaghy, Paul Geaney agus seans, b’fhéidir, Colm Cooper ar a sheal istigh sa líne lánthosach ag Ciarraí amárach chun tástáil cheart a dhéanamh ar leochaileacht Átha Cliath sa réimse seo.

Chuirfeadh sé iontas agus díomá, leis, orm muna mbeadh seift éigin beartaithe ag Ciarraí chun Cian O’Sullivan, an cosantóir corraiceach par excellence, a chur ag obair i bhfad níos déine ná mar a bhí go dtí seo. Níl aon ghá ag Brian Fenton, máistir na bhfear lár páirce anuraidh is i mbliana, luí amach air féin níos mó ná mar atá á dhéanamh aige ach, mar sin féin, bheadh iontas agus díomá arís ar mhuintir Chiarraí dá n-éireodh leis an bhFiannachtach buachtaint trí huaire as a chéile ar David Moran.

Bheinn ag súil, toisc go bhfuil oiread aithne curtha ag an dá fhoireann ar a chéile le trí bliana anuas, go méadófar ar an dtarcaisne eatarthu chomh maith. Beidh drochmhianach ina mboilg ag cuid des na himreoirí seo agus seanbhlas dá réir acu ar a chéile. Beidh a dhóthain cúraim ar an réiteoir, David Gough, ag iarraidh smacht a choimeád ar an gcluiche ar uairibh sa chéad leath, go háirithe, ach cinnteoidh an fonn a bheidh ar an dá thaobh lá eile a bhaint as nach raghaidh aon imreoir thar tairseach leis an dteallaireacht.

I ndeireadh ná dála, agus an uile ghné den imirt fíolta fálta fuirsithe againn tá a fhios againn gur fearr d’fhoireann iad Áth Cliath bunaithe ar fhianaise na bliana go dtí seo. Go siúráilte duit, tá Ciarraí ciúin agus b’fhéidir gurb ionann san agus ciontach. Tá éirithe leo a slí a dhéanamh go deireadh mhí Lúnasa nach mór i ngan fhios. Deireann an stair agus an seanchas a bhaineann le cúrsaí caide linn go bhfuil rud éigin, iontas éigin chugainn.

Ach is deacair giorria a chur as an dtor nach mbíonn sé.

Tá a fhios againn go cinnte go bhfuil na giorraithe sna toir ag Áth Cliath agus b’fhéidir gurb é an luas sin a shuncálfaidh Ciarraí sa deireadh.

Fág freagra ar 'DARA Ó CINNÉIDE: Bunaithe ar an bhfianaise, is fearr d’fhoireann iad Áth Cliath…'

  • Seán

    Níl a fhios agam cé mhéid airgead atá Darragh Ó Sé ag íoc leis an Irish Times lena chuid altanna a fhoilsiú ach taréis ráiméis na seachtiane seo caite…’Mé féin, mé féin & mé féin..’ táim ag súil le iarracht na seachtiane seo.
    Seán