DARA Ó CINNÉIDE: Anois cad a déarfá le caighdeán na peile i gcraobh na Mumhan?

Tá cúig cheist ag ár gcolúnaí agus leathshúil aige ar imirt an deireadh seachtaine seo caite agus cluichí an deireadh seachtaine seo chugainn

DARA Ó CINNÉIDE: Anois cad a déarfá le caighdeán na peile i gcraobh na Mumhan?

An bhfuil a thuilleadh le teacht ón gClár agus ó Thiobraid Árann?

Nuair a bhí an ceiliúradh agus an greann ina theas i mBóthar na Trá Dé Sathairn, dúirt bainisteoir an Chláir, Colm Collins, nár cheart go bhféachfaí ar bhua seo an Chláir mar iontas ná mar rud as an ngnáth. Dá mba dhul chun cinn ceart a bheadh i ndán do chúrsaí peile sa chontae, dúirt an Coileánach go gcaithfeadh an obair a bheith á déanamh síoraí seasta ó bhonn aníos. Ní fás aon oíche é bua an Chláir ná bua na dTiobradach ach caithfidh siad tógaint ar na bunchlocha atá á leagan le blianta beaga anuas. Caithfidh Port Láirge agus Luimneach a sampla a thógaint chomh maith. Níl ach dhá bhliain ó chríochnaigh Port Láirge agus an Clár ar chomhtharrac i gcluiche craoibhe agus aon scór amháin a bhí idir Luimneach agus an Clár ag tús na craoibhe i mbliana. Táim bréan de bheith ag éisteacht le lucht peile lasmuigh de chúige Mumhan ag caitheamh anuas ar chaighdeán na peile i gcraobh na Mumhan. Táim bréan, chomh maith, de bheith ag éisteacht le hiarimreoirí (a bhformhór ó Chiarraí) ag déanamh beag is fiú de na boinn craoibhe atá buaite i gCúige Mumhan acu. An t-aon locht a bhí agam féin ar chraobh na Mumhan i mbliana ná Corcaigh bheith as láthair don chluiche ceannais i gCill Airne. Tá a fhios againn ar fad go bhféadfadh speach éigin bheith iontu siúd go fóill, ach an bhfuil an Clár agus Tiobraid Árann chun speach dá gcuid féin a thabhairt an deireadh seachtaine seo chugainn?

INPHO/Cathal Noonan
INPHO/Cathal Noonan

Arbh fhearr cluichí ceathrú ceannais an deireadh seachtaine seo chugainn a imirt i bPáirc na nGael?

Tá a fhios agam go rímhaith nach dteastaíonn ó aon imreoir i gcontae an Chláir, i dTiobraid Árann, i gCiarraí ná i gcontae na Gaillimhe a bheith ag imirt in aon áit eile ach i bPáirc an Chrócaigh an deireadh seachtaine seo chugainn ach ní bheadh aon áit eile chomh hoiriúnach ó thaobh tíreolaíochta de ach Páirc an nGael. Más láthair neodrach le páirc iontach chun caide atá uait, níl aon áit níos fearr ná Luimneach. Ní dóigh liom go mbeidh fonn taistil ar mhórán i gCiarraí agus níl ach pobal beag caide i gcontae an Chláir agus i dTiobraid Árann. Agus an Ghaillimh ag iarraidh a gcéad chluiche craoibhe a bhuachan i bPáirc an Chrócaigh ó bhliain ghlórmhar  2001, b’fhéidir go mbéarfaidh siadsan slua mór leo. Ach ná bí ag brath air.

INPHO/Donall Farmer
INPHO/Donall Farmer

Ar cheart gradam All Star a thabhairt do Gary Brennan anois díreach?

Sea, tá an feachtas tosnaithe agus níl imreoir níos dílse agus níos diongbháilte ar m’aithne ag imirt chaide sa lá atá inniu ann. Fear uasal, ceannaire cruthanta agus imreoir a iompraíonn é féin le dínit agus le huirísle ar an bpáirc agus lasmuigh di é an Braonánach. Ach ní i lár an tsamhraidh a bhronntar na gradaim. Cé go raibh sé buailte i gcaitheamh na seachtaine le víreas, thug Brennan a raibh ann ar son na cúise i gcoinne Ros Comáin agus bhí a chomhghleacaithe ann go tréan i dtreo dheireadh na himeartha nuair a scaoil sé leis na maidí. Ba mhór an feall gan aitheantas pearsanta a thabhairt do chaptaen an Chláir ach cad mar gheall ar phlúr na n-imreoirí lár páirce eile ar fud na tíre – ar a n-áirím Brian Fenton, Paul Conroy agus Colm Cavanagh. Tá caibidil eile le scríobh go fóill.

INPHO/Donall Farmer
INPHO/Donall Farmer

Cad is fiú stádas sraithe?

Bhuaigh Tiobraid Árann, a thug an t-earrach ag caitheamh a dtóna i Roinn 3 na sraithe, ar Dhoire a bhí ag imirt i Roinn 2. Bhuaigh an Clár, a tháinig aníos as Roinn 3, ar Ros Comáin a shroich babhtaí leathcheannais Roinn 1. Níl tóin ná ceann leis mar scéal. B’fhéidir, áfach, go bhfuil rud éigin i líon na gcluichí a chríochnaigh ar chomhscór sa tsraith i mbliana. Chríochnaigh Luimneach, an Iarmhí agus Sligeach ar chomhtharrac le Tiobraid Árann i Roinn 3 san earrach agus bhí an dála céanna i gceist le feachtas na Gaillimhe i Roinn 2, iad ag críochnú ar chomhtharrac leis an Mhí, Ard Mhacha agus Fear Manach. Tá cruachtaint agus cothú spride ag baint lena leithéid. Bhí san le feiscint sna deich nóimeataí deiridh a bhí ag na Tiobradaigh in aghaidh Dhoire. Ba cheart go ndéanfadh sé ardchluiche idir iad féin agus Gaillimh sa dara babhta ceathrú ceannais Dé Domhnaigh!

INPHO/Lorraine O'Sullivan
INPHO/Lorraine O’Sullivan

An féidir é bheith ina ghruth agus ina mheadhg agat?

Ní túisce buaite ag contae an Chláir agus ag Tiobraid Árann nó go raibh an chnáimhseáil agus an t-olagón tosnaithe faoi leagan amach na craoibhe. Bhain formhór na ngearán le Ciarraí agus an chonair a bhí le tógaint acu go dtí cluiche leathcheannais na hÉireann le hÁth Cliath – más sin é atá i ndán dóibh araon. Ba gheall le huafás ag scata é go bhféadfadh Ciarraí buachtaint ar chontae an Chláir sa Mheitheamh, ar Thiobraid Árann i mí Iúil agus ar chontae an Chláir arís an deireadh seachtaine seo chugainn sara dtabharfaidís aghaidh ar Áth Cliath sa chluiche leathcheannais ag deireadh mhí Lúnasa. ‘Níl sna contaetha seo ach dhá chontae a bhí ag imirt i Roinn 3 [cuimhnigh air!] i mbliana,’ a dúradh. ‘Tugann leagan amach na craoibhe buntáiste éagothrom do Chiarraí,’ a dúirt a thuilleadh acu. Dhá cheist a ritheann liom. Cad tá imeartha go dtí seo ag Áth Cliath a bhí chomh hiontach sin? Agus an féidir le Tadhganna an dá thaobh a rá linn cén meas atá acu ar Thiobraid Árann agus ar chontae an Chláir i ndáiríre? Is iad seo na daoine céanna atá ag búirigh ag éileamh All Star do Gary Brennan. Tugaidís a gceart do pheil na Mumhan. Léirídís urraim agus meas don ngaisce atá déanta ag na Tiobradaigh agus na Cláirínigh. Agus ná bídís ag baint leas as Ciarraí ná as aon chontae eile chun leagan amach na craoibhe a cháineadh.

Fág freagra ar 'DARA Ó CINNÉIDE: Anois cad a déarfá le caighdeán na peile i gcraobh na Mumhan?'