DARA Ó CINNÉIDE: An iontaoibh idir CLG agus a phobal á lúbadh agus á lúbadh nó go mbrisfear í

Ní mór do CLG bheith cúramach agus deimhin a dhéanamh de ná fuaraíonn a gcuid agus iad amuigh ag rince leis na comharsana coimhthíocha

DARA Ó CINNÉIDE: An iontaoibh idir CLG agus a phobal á lúbadh agus á lúbadh nó go mbrisfear í

Tá scríte cheana agam ar bheartas cearta craolta chluichí Chumann Lúthchleas Gael agus tá seans go bhfuiltear bréan bailithe de mo chuid tuairimí ina thaobh ag an bpointe seo. Ach ós rud é go bhfuil sé tráthúil agus ar eagla go gceapfaí go bhfanfainn i mo thost faoin gcúram, b’fhéidir gurbh fhiú labhairt an athuair ar an margadh is déanaí atá déanta le craoltóirí éagsúla ag rannóg tráchtála Pháirc an Chrócaigh.

Ní dócha gur chuir sé aon iontas ar aoinne nuair a fógraíodh Dé hAoine go raibh cearta craolta na gcluichí ar teilifís le fanacht, a bheag nó a mhór, mar a bhí sa bhabhta deireanach idirbheartaíochta. Beidh 31 cluiche le craoladh ar bhealaí RTÉ agus tá cearta faighte ag SKY chun 20 cluiche a chraoladh, ceithre cinn déag acu go heisiach, dhá chluiche ceathrú ceannais uile-Éireann ina measc.

B’fhéidir nár chur sé aon iontas orm go bhfuair SKY cearta craolta do na cluichí seo ach tá an díomá céanna orm is a bhí nuair a fógraíodh an chéad bhabhta cearta craolta ar Lá na nAmadán 2014. B’in é an chéad uair riamh, dar liom, a briseadh an iontaoibh idir mé féin, mar ghnáthbhall de Chumann Lúthchleas Gael, agus an mháthair-eagraíocht.

Bhí eagla orm trí bliana ó shin, don gcéad uair ó thosnaigh CLG ag fiagaíocht i ndomhan na tráchtála trí bliana fichead roimis sin, go raibh an tairseach sin idir sprid na tráchtála, sprid na fiontraíochta agus sainsprid CLG féin sáraithe agus nach bhféadfaí filleadh arís as an nua ar an éirim agus ar an sprid dheonach.

Tá creimeadh agus ídiú tarlaithe sa tréimhse chéanna ar mhórán gnéithe de shainsprid Chumann Lúthchleas Gael. Ainneoin iarrachtaí fónta dul i ngleic leis an ídiú sin, níl éirithe le CLG mar eagraíocht aon dul chun cinn a dhéanamh, mar shampla, i gceist achrannach na n-íocaíochtaí claonbheartacha atá á dtabhairt do scata bainisteoirí agus oiliúnóirí i bhfo-chumainn ar fud na tíre. Bíonn cumainn coitianta, an tráth seo bliana go háirithe, sa tóir ar dhuine a thógfadh seisiúin traenála dóibh. Éiríonn le cumainn áirithe an té sin a aimsiú laistigh de struchtúr an chumainn féin agus deintear an obair go deonach mar a dheintí riamh. Ní gá bheith id’ bhleachtaire, áfach, chun tabhairt fé ndeara go bhfuil scata eile ag tabhairt a gcúl leis an sprid dheonach sin agus ag íoc daoine chun an cúram a dhéanamh.

Níl ansan ach aon sampla fánach amháin den tslí ina bhfuil an iontaoibh sin idir cumainn agus a bpobal á lúbadh agus á lúbadh nó go mbrisfear í. Le seachtain anuas, táim tar éis bheith ag caint le triúr a d’fhreastail ar chruinnithe cinn bhliana a gcumann féin agus é le rá acu gurbh í an chnámh spairne ba mhó a bhí le réiteach ná cad as a thiocfadh an t-airgead chun luach saothair an té a bheidh i mbun oiliúint a bhfoirne sinsir a chlúdach. Bhí tamall ann ná cuimhneodh ballraíocht aon chumann go deo ar a leithéid de chomhrá ach ní hamhlaidh atá níos mó agus tá tuairim láidir agam go bhfuil baint ag an lasair thráchtála atá adhainte agus á hadhaint le blianta ag Cumann Lúthchleas Gael féin leis an gcruachás ina bhfuil cuid de chumainn na tíre seo anois.

Maidir leis na cluichí ar SKY agus an díospóireacht a lean, tá an chuma ar an scéal anois go bhfuil a bport athraithe beagáinín ag piardaí Pháirc an Chrócaigh. Ag labhairt dó ar Raidió RTÉ i rith an deireadh seachtaine, bhí sé le rá ag Uachtarán CLG, Aogán Ó Fearghail, go bhfuil gné thráchtála nach féidir a sheachaint i gceist leis an gcúram go léir más áil le CLG maoiniú a dhéanamh ar chuid de na mórthograí tógála atá idir lámha acu in áiteanna ar nós Chorcaí, Bhéal Feirste, Londan agus Nua-Eabhrac. Ba bheag géilleadh a bhí ag an té a tháinig roimh Ó Fearghail, Liam Ó Néill, go raibh rian na tráchtála ar an mbeartas deireanach in 2014. Dúradh go poiblí ag an am gur ar mhaithe leo siúd a bhí ar deoraíocht ó thír ghlas na nGael a deineadh an margadh deireanach. Ar a laghad an uair seo, tá deireadh leis an gcur i gcéill. Tá táirge le díol ar an margadh agus tá praghas le baint amach dá réir.

Ní fhéadfainn leanúint orm leis an leagadh gan tagairt a dhéanamh don dea-scéala a bhí i bhfógra an deireadh seachtaine do lucht labhartha na Gaelainne agus do na daoine go léir a bhaineann leas as Raidió na Gaeltachta nó TG4 chun blaiseadh a fháil de na cluichí Gaelacha. Ainneoin imní bheith ann le roinnt seachtainí go leáfadh cuid des na cluichí uathu, beidh breis is ceithre fichid cluiche in aghaidh na bliana le feiscint ar TG4 as seo go ceann cúig bliana agus, dála na dtrí bliana go dtí seo, beidh an uile chluiche le clos beo ar Raidió na Gaeltachta más áil leo agus más acmhainn dóibh iad a chraoladh as seo go ceann cúig bliana.

Mura bhfuil aon chúis ghearáin ag pobal na Gaelainne, chaithfeadh an craoltóir raidió Newstalk bheith thar a bheith buartha faoin mbeartas is déanaí. B’fhéidir go raibh an ráiteas uathu ar an Aoine ábhar beag paróistiúil agus páistiúil ach, fós féin, thuigfeá dóibh. Bhí ionramháil úr, spleodrach á déanamh acu ar an earra fé bhun caighdeáin go minic. Ba gheal gach nua agus searbh gach gnáth agus Newstalk ag iarraidh síoda a chur ar ghabhar, ach ba mhinic gur éirigh leo ina n-iarrachtaí.

Measadh trí bliana ó shin go gcuathas ag plé le SKY chun cic sa tóin de shórt a thabhairt don gcraoltóir seirbhíse poiblí, RTÉ, agus chun iomaíocht fholláin a chruthú a chinnteodh go gcaithfeadh craoltóirí bheith i mbarr i maitheasa gach lá a chuadar chun páirce. Dála aon chéile comhraic, chinntigh Newstalk go raibh ar chraoltóirí eile snas a chur ar a dtuairiscí agus ar a dtráchtaireachtaí féin. Glacaim leis gur cúinsí airgid a d’fhág Newstalk ar an bhfán as seo go 2022 ach bí siúráilte go líonfaidh siad an folús le clúdach den scoth ar spóirt eile.

Sa tréimhse chéanna, beidh Cumann Lúthchleas Gael ag súil nach gcaillfidh siad féin seilbh na caide le himeacht ama. Ní mór dóibh bheith cúramach agus deimhin a dhéanamh de ná fuaraíonn a gcuid agus iad amuigh ag rince leis na comharsana coimhthíocha.         

Fág freagra ar 'DARA Ó CINNÉIDE: An iontaoibh idir CLG agus a phobal á lúbadh agus á lúbadh nó go mbrisfear í'