DARA Ó CINNÉIDE: An bhfuil speach eile i Maigh Eo dána?

Is iad Áth Cliath rogha láidir na coitiantachta do chluiche ceannais na hÉireann, agus cúis mhaith leis sin, ach cad atá romhainn le foireann seo Mhaigh Eo

DARA Ó CINNÉIDE: An bhfuil speach eile i Maigh Eo dána?

Níl aon ghiúmar le laethanta beaga anuas orm.

Leis an gcaint ar fad atá déanta le seachtain anuas fé phraghas agus fé ghanntanas na dticéad, fén dáileadh atá á dhéanamh i gcontaetha Chiarraí, Átha Cliath agus Mhaigh Eo ar na ticéid agus fén dinnéar corparáideach, pé rud é sin, atá le bheith an mhí seo chughainn ann do Cholm Cooper, b’fhéidir nach raibh oiread gá riamh agam le cluiche ceannais spleodrach.

Bhí €700 á ghearradh ag Bord CLG Chiarraí ar rannpháirtíocht i gcluiche gailf i gCill Airne inné le dhá thicéad don gcluiche mór ag dul leis. Bhí €2,500 á ghearradh arú inné ag Bord CLG Átha Cliath ar bhricfeast le hiarimreoirí ar nós Chiaráin Whelan, David Brady agus Paul Curran agus deich gcinn de thicéid don gcluiche ceannais mar chuid de sin. Agus an mhí seo chughainn beidh €5,000 á ghearradh ar bhord de dheichniúr le freastal ar dhinnéar corparáideach/carthanachta in ómós do Cholm Cooper. An cheist ansiúd – cui bono? N’fheadar éinne fós.

Agus tú ag léamh an ailt seo, tá óstáin agus tithe ósta i mBaile Átha Cliath ag cur thar maoil le daoine a bheidh ag freastal ar na cluichí amárach. Tá lomadh ceart á dhéanamh ag tionscal na turasóireachta orthu siúd, leis, le praghasanna náireacha á ngearradh ar an uile ní a cheannófar idir seo agus maidin Dé Luain.

Nuair a bhí sé ag tabhairt a bhreith ar chearta craolta na gcluichí níos luaithe sa tsamhradh, chuir fear na hanailíse ag RTÉ, Michael Duignan, an cheist, ‘cad chuige an t-airgead ar fad?’ N’fheadarsa, ach ní aithním a thuilleadh an áilleacht agus an rúndiamhair a bhaineadh tamall le deireadh seachtaine na gcluichí ceannais uile-Éireann.

Mar bharr ar gach donas, tháinig an scéala anall as Los Angeles inné chughainn go raibh Harry Dean Stanton, duine des na haisteoirí ab ansa riamh liom, caillte. Níor chabhraigh san leis an ngiúmar ach an an oiread!

Fé mar a dúirt, b’fhearr do chluichí an lae amárach a bheith go maith!

Pé rud fé na mionúir, tá gach aon chuma ar an scéal go mbeidh an cluiche ceannais sinsir idir Maigh Eo agus Áth Cliath ar cheann de na cluichí ná ligfidh síos sinn.

Dar ndóigh, is iad Áth Cliath rogha láidir na coitiantachta, agus cúis mhaith leis sin. Tar éis a dtaispeántais i gcoinne Thír Eoghain sa chluiche leathcheannais, ritheann sé bunoscionn le sruth na tuairimíochta agus glan in aghaidh na loighce bheith ag iarraidh cás a dhéanamh go bhféadfaí buachtaint ar shárfhoireann na linne. Tá an méid sin urraime tuillte ag Áth Cliath as bhfuil bainte amach ó 2011 acu: caithfidh an cás ina gcoinne a bheith thar a bheith láidir.

Seo linn mar sin.

Tosnaigh le taispeántas Thír Eoghain sa chluiche leathcheannais sin trí seachtaine ó shin.

Ainneoin a bhfuil ráite ó shin ag Seán Cavanagh nó Mickey Harte fé fheabhas na Dubs, caithfear scagadh a dhéanamh ar mheon aigne Thír Eoghain, ar leimhe an dúshláin uathu agus ar na tréithe go léir a bhí in easnamh ar an lá. Ná tógaimis aon ní in aon chor ó iarrachtaí Átha Cliath ach tuigimis, mar a thuig gach duine den mbreis is 80,000 duine a bhí i láthair, go raibh taispeántas Thír Eoghain breac le botúin, le heaspa spride, le mairbhití de shórt éigin a d’fhág curaidh Uladh gan chúis, gan anam ó thús deireadh. Tarlaíonn sé agus aithnímis é nuair a tharlaíonn. Ná géill don dtuairimíocht gurbh eo ceann des na laethanta ná féadfadh éinne buachtaint ar Áth Cliath.

Níorbh ea.

Bhíodar socair, tomhaiste, diongbháilte agus cumasach i ngach aon ghníomh mar is dual dóibh. Ach b’shin a raibh air. Ná bímis ag dul le filíocht ná le finscéalaíocht chun iad a mholadh. Bhí Tír Eoghain bocht, cé gur léir nach dtuigeann siad féin é sin go fóill.

Bhí cur chuige Thír Eoghain bunaithe ar mhúnla cosantach nach bhfuil aon áit i gcluiche an lae inniu dó agus ar mhúnla go bhfuil seantaithí ag imreoirí Átha Cliath ar smidiríní a dhéanamh de.

Dírímis anois ar mhúnla Mhaigh Eo.

Deacair é sin a dhéanamh nach bhfuil?

Cé gur léir go bhfuilid an-eagraithe agus an-thomhaiste ina gcur chuige, ní léir go bhfuil Maigh Eo i ngreim ag aon phlean ar leith aon lá. Nílid teanntaithe ag gnáis ná ag struchtúr agus tá iontaoibh iomlán acu as a gcumas féin mar pheileadóirí. An rud is annamh is iontach i gcluiche an lae inniu.

Fágann san gur dheacair do dhaoine anailís ghrinn cheart a dhéanamh orthu. Ní hionann aon lá foireann Mhaigh Eo a théann go tigh an rí agus an fhoireann a thagann as.

N’fheadar éinne, Jim Gavin ná a ghiollaí san áireamh, cad atá romhainn le foireann seo Mhaigh Eo.

Tá lúth na gcos acu a fhágann gur féidir leo, dul fear-le-fear le tosaithe Átha Cliath. Ní minic, mar shampla, a d’fhág cosantóirí Mhaigh Eo a bhfearaibh i gcluiche ceannais na bliana seo caite chun teacht i gcabhair ar chomhghleacaithe. Is gnách leo go dtagann an chabhair  agus an tacaíocht ó fhear lár páirce, nó ó thosaí éigin atá ag cúlú siar fén bpáirc. Fágann san nach mbíonn an t-am ag an té atá i seilbh na caide ag Áth Cliath é féin a shocrú, mar a dheineadar go minic in aghaidh Thír Eoghain trí seachtaine ó shin. Fágann sé, leis, nach mbíonn an chniotáil ná an chomhimirt chéanna idir tosaithe Átha Cliath is a bhíonn de ghnáth.

Ó thosnaigh Jason Sherlock agus fear na cispheile, Mark Ingle, ag obair le tosaithe Átha Cliath tá sé le tabhairt fé ndeara nach é an seanmhúnla- 1-2 – tabhairse dom agus imigh leat – atá i bhfeidhm. Is gnách go leanann an t-imreoir a thosnaigh an ghluaiseacht lena chuid reatha agus b’fhéidir go bhfaigheann sé an chaid trí nó cheithre phas láimhe ina dhiaidh sin arís sa ghluaiseacht. Sin é an taobh go raibh ag éirí le Bernard Brogan, mar shampla, a chuid pointí a scóráil chomh neafaiseach is a bhíodh.

D’aithin Ciarraí é sin i gcluiche ceannais na sraithe i mbliana ach tá Maigh Eo i bhfad níos aclaí ná Ciarraí agus tá a fhios acu níos fearr ná aon fhoireann go gcaitear dul fear-le-fear le hÁth Cliath agus fanacht ceangailte isteach leo ar chuma an bhairnigh.

Sin í an chúis, mar shampla, gur ghéill Maigh Eo an dara cúl sa chéad chluiche ceannais anuraidh. Bhí a gcúlaibh leis an imirt ag cosantóirí Mhaigh Eo nuair a lascáil Diarmuid Connolly an chaid i dtreo Dean Rock. Bhí na cosantóirí dírithe ar a bhfearaibh seachas ar an imirt (an cur chuige stuama i gcás Átha Cliath) agus bhí mí-ádh orthu gur theagmhaigh cois an chosantóra leis an gcaid. Glacann Maigh Eo leis, áfach, gur cur chuige an bhairnigh an cur chuige is fearr. Seans gurb iad an t-aon fhoireann sa tír gurb acmhainn dóibh a leithéid a dhéanamh.

Níl ach an áirithe sin babhtaí gur féidir labhairt nó scríobh ar chic amach Stephen Cluxton gan fonn cur amach nó fonn codlata a chur ar dhuine. Tá staitisticí léite, mapaí feicthe, claonadh tugtha fé ndeara agus fós géilleann foirne an cic amach don mháistir. Thar aon lá eile, ní féidir a leithéid a dhéanamh amárach. Ainneoin a fheabhais ón gcic amach fada, beidh Maigh Eo ag iarraidh go lascálafidh Cluxton an chaid fada amárach. Beidh beirt fhathach curtha acu sa dá réimse den bpáirc ina dtuirlingíonn na ciceanna fada uaidh agus seans go mbeidh dáréag imreoirí ag fiach ag Maigh Eo sa trian láir.

Arís, thug Ciarraí ceacht i gcluiche ceannais na sraithe dúinn ar conas dul i ngleic le cic amach Átha Cliath. Tuigeann Maigh Eo an cur cuige agus níos tábhachtaí, b’fhéidir, tá imreoirí níos fearr acu ná Ciarraí chun an plean a chur i gcrích.

Tugann san go dtí neart na n-ionadaithe ag teacht ón mbinse mé. Is anseo a mheasann na húdair go léir atá an buntáiste ag Áth Cliath, agus is deacair áiteamh leo. Nuair atá leithéidí Brogan, McAuley, Connolly, O’Gara agus scata nach iad le teacht isteach i dtreo dheireadh na himeartha agat, mar a dhein Cormac Costelloe anuraidh, is léir go bhfuil lámh an-láidir cártaí agat. Is cinnte ná coimeádfaidh Jim Gavin a chártaí ar gor ach d’fhéadfadh Stephen Rochford an buntáiste ollmhór atá ón dtaobhlíne ag Áth Cliath a mhaolú trí úsáid thomhaiste a bhaint as na dinceacha atá ina dhorn féin aige agus iad a chur ag obair san am ceart. Léim coiligh ar charn aoiligh a thugtaí ar an gcárta cuíosach a dhéanfaí go clóchaiseach fadó agus sin é díreach atá ag teastáil i gcás Mhaigh Eo.

B’fhéidir, nuair atá deireadh déanta agus ráite, áfach, go gcaitear géilleadh gur deacair giorria a chur as tor ná fuil sé ann agus gur ag Áth Cliath a bhí formhór na ngiorriacha sa dá chluiche idir na foirne seo anuraidh. I gcás na gcártaí, deirtear gur sa tríú cluiche a bhíonn an imirt agus b’fhéidir, b’fhéidir, b’fhéidir go bhfuil speach dheiridh i Maigh Eo dána.

Is gearr uainn fios.

 

Fág freagra ar 'DARA Ó CINNÉIDE: An bhfuil speach eile i Maigh Eo dána?'

  • Cormaco

    Bhí níos mó deilgní san alt sin ná ar dhris tuaithe ar bith! An-anailís!

    Muigh Eo abú…bfheidir, feicfidh muid!!

  • coc

    Ní aontóinn i dtaobh cúil Rock anuraidh. Bhí a fear caillte aige agus murach gur theip air bhreith ar chaid dochreidte Connolly gach seans go mbeadh sé báite san eangach ag Rock féin, cé go raibh an t-ádh cinnte leis go ndearna an cúlaí an beart ar a shon i ndiaidh a bhotúin.

    Níl aon córas cosanta i gcoinne a leithéid de dhraíocht Chonnolly.