Dara Ó Cinnéide agus Dónal Óg Cusack ina measc siúd a ndéanfaidh séasúr nua Laochra Gael ceiliúradh orthu

Tá an cúigiú séasúr déag de Laochra Gael á chraoladh an fómhar seo agus cuid de mhórimreoirí CLG na tíre á gceiliúradh

Dara Ó Cinnéide agus Dónal Óg Cusack ina measc siúd a ndéanfaidh séasúr nua Laochra Gael ceiliúradh orthu

Pictiúr: INPHO/Billy Stickland agus James Crombie

Tá séasúr eile de chuimhní cinn mhór-imreoirí peile agus iomána le craoladh ar TG4 i rith an fhómhair agus séasúr nua de Laochra Gael ar TG4.

Fógraíodh sceideal fómhair an stáisiúin inniu agus tabharfar ómós sna cláir is déanaí sa tsraith spóirt do chuid de na himreoirí is aitheanta sa pheil agus san iomáint le 40 bliain anuas. Is é seo an 15ú séasúr atá craolta ag TG4.

Ina measc siúd a ndéanfar ceiliúradh orthu, tá an craoltóir aitheanta agus colúnaí de chuid Tuairisc.ie, Dara Ó Cinnéide, a bhuaigh Craobh na hÉireann trí huaire agus é ag imirt le Ciarraí. Bhí sé ina chaptaen orthu nuair a thug siad leo Corn Mhic Uidhir in 2004.

Beidh cláir freisin ann faoi fhear eile a bhuaigh Craobh na hÉireann sa pheil faoi thrí, imreoir Thír Eoghain Owen Mulligan; iarchúl báire ar fhoireann pheil na mBan Bhaile Átha Cliath, Cliodhna O’Connor a d’imir i gcluiche ceannais na hÉireann cúig huaire, iar-imreoir Shligigh Éamon O’Hara agus muintir Lowry, Michael, Brendan agus Seán a bhí ar fhoireann Uíbh Fhailí a bhuaigh ar Chiarraí i gcluiche ceannais na hÉireann 1982.

I measc na n-iománaithe a mbeidh clár fúthu, tá duine de na himreoirí is suimiúla i gCLG, Dónal Óg Cusack. Chomh maith le Craobh na hÉireann a bhuachan faoi thrí agus é ag imirt sa chúl do Chorcaigh, ba é Cusack an chéad imreoir CLG a d’fhógair go raibh sé aerach agus bhí ról tábhachtach aige leis i gCumann Imreoirí Gael.

Is iad an ceathrar iománaithe eile a ndéanfar ceiliúradh orthu ná laoch Chill Chainnigh Tommy Walsh, iománaí na bliana 1995, Seanie McMahon ó Chontae an Chláir, Pat Fox a bhuaigh Corn Mhic Cárthaigh faoi dhó le Tiobraid Árann agus iománaí na Gaillimhe, Pete Finnerty.

Fág freagra ar 'Dara Ó Cinnéide agus Dónal Óg Cusack ina measc siúd a ndéanfaidh séasúr nua Laochra Gael ceiliúradh orthu'