Daonscoil na Mumhan ag tosú an deireadh seachtaine seo

Osclófar Daonscoil na Mumhan ag 7.15 tráthnóna Dé Domhnaigh agus leanfaidh sí go ceann cúig lá i gColáiste na Rinne i bPort Láirge

Daonscoil na Mumhan ag tosú an deireadh seachtaine seo

Cuirfear tús an deireadh seachtaine seo le Daonscoil na Mumhan i Rinn Ó gCuanach. “Seachtain de chainteanna, imeachtaí agus craic” atá geallta do lucht freastail na Daonscoile i nGaeltacht na nDéise ó Dhomhnach an 20 Lúnasa ar aghaidh.

Osclófar an Daonscoil go hoifigiúil tráthnóna Dé Domhnaigh agus beidh na himeachtaí ar siúl go ceann cúig lá i gColáiste na Rinne i bPort Láirge.

Ar na haoichainteoirí a bheidh i láthair ag na cainteanna éagsúla beidh Ruth Nic Aibhne, iriseoir agus eolaí a bhfuil spéis faoi leith aici sa Spás; Seán Mac an tSíthigh, iriseoir físe le Nuacht RTÉ/TG4 a thabharfaidh píosa cainte uaidh dar teideal ‘An Ghaeltacht: Idir dhá shaol’; Pól Ruiséal, teangeolaí, a labhróidh faoin nGaeilge i gcomhthéacs stair theangeolaíoch agus pholaitiúil na hÉireann; agus Annraoi de Paor a thabharfaidh léacht faoi bhéaloideas na Mumhan.

Beidh John Evans ag tabhairt ranganna Breatnaise trí mheán na Gaeilge ón Luan go dtí an Chéadaoin agus beidh léachtaí éagsúla ar siúl gach uile lá.

Sna hoícheanta beidh seisiúin amhránaíochta agus filíochta, seoltaí leabhar, rince agus ceolchoirmeacha ann. Beidh imeacht amuigh faoin aer ar siúl mar chuid den Daonscoil freisin, siúlóid sléibhe sna Comaraigh.

Bunaíodh an Daonscoil, a bhíonn ar siúl i Rinn Ó gCuanach gach bliain, chun deis a thabhairt do dhaoine teacht le chéile agus gnéithe éagsúla d’oidhreacht na tíre agus na teanga a phlé. 

Fág freagra ar 'Daonscoil na Mumhan ag tosú an deireadh seachtaine seo'

  • Aine Ni Fhiannusa

    Sé Daonscoil na Mumhan an Scoil Samhraidh is fearr amach is amach. Bí ann nó bí gann!
    Gaeilge le Gaeil agus Gaill, le blas Seapáinis, Rúisis, Poncán ‘s cainteoirí dúcháis –
    Spórt, spraoi, seanchas, ceol, cairdeas, craic – ní bhfaighfeá a leithéid in aon áit eile.

  • Bernadette

    Beidh mé ann gan teip agus ag tnúth go mór leis!
    ‘Mo bheannacht óm chroí dod thír is dod shléibhte,
    A Chomaraigh aoibhinn ó’………..