Daonnacht, greann agus nádúrthacht ‘Brooklyn’

LÉIRMHEAS: Is scannán gleoite é ‘Brooklyn’ agus taispeántas den scoth ann ón gceann feadhna

Screen Shot 2015-11-05 at 18.20.59

Brooklyn

Stiúrthóir: John Crowley

Cliar: Saoirse Ronan, Emory Cohen, Domhnall Gleeson, Julie Walters, Jim Broadbent, Eileen O’Higgins, Eve Mackin, Emily Bett Rickards, Nora-Jane Noone, Eva Birthistle, Fiona Glascott, Bríd Brennan.

Cé gur scannán maoithneach, rómansúil é seo a luíonn le gnáis ar mhórán slite, is saothar cliste, dea-scríofa, corraitheach é ag an am céanna, le carachtair chaithiseacha agus aisteoireacht chumasach. Ní haon iontas go bhfuiltear á mholadh go hard na spéire agus é á lua le duaiseanna Oscar cheana féin.

Bhí súil in airde againn sara bhfacamar an saothar mar gur beirt cheardaithe a sholáthraigh an t-amhábhar; Nick Hornby ag soláthrú na scríbhinne, bunaithe ar leabhar den teideal céanna le Colm Tóibín.

Tá an leabhar/scannán bunaithe ar shaol mna óige a thugann an bád bán uirthi féin i dtosach na gcaogaidí. Sa chéad radharc, címid Eilis ar a fód dúchais i Loch Garman agus cuirtear abhaile orainn nach bhfuil an dara suí sa bhuaile aici ach a seolta a ardú.

Ach oiread leis na míllte eile, bhí sí idir dhá thine ag an gcinneadh fanacht nó imeacht. I radharc iontach, ach ábhairín áiféiseach, sa siopa, léiríonn dearcadh an úinéara, mar aon lena caint bhinbeach, an chúngaigeantacht agus easpa deiseanna a bhí in Éirinn ag an am.

I ndiaidh cúpla radharc fánach ar bhord loinge, sroicheann sí Nua-Eabhrac agus buirg an teidil. Faigheann sí post, buaileann sí le fear agus bíonn sí ite ag an gcumha baile.

Níl go maith agus níl go holc. Níl aon rud úrnua nó suaithinseach faoin scéal. An rud faoi ná go dtugtar faoi na nithe simplí seo le daonnacht, greann agus nádúrthacht.

Bíonn bá agat le gach carachtar: eisimirceach le Ronan, bean tí Walters, na cailíní a bhíonn in aontíos leo, sagart le Broadbent agus suirígh atá á léiriú ag Gleeson agus Cohen. Cé go n-éiríonn an scéal agus carachtair ró-mhéaldrámata agus seanchaite ar uairibh, éiríonn le caithis an scéil/na gcarachtar tú a mhealladh i gcónaí.

Sampla maith de seo ná teaghlach Iodálach le Tony, teaghlach atá i ngiorracht choiscéim coiligh de bheith ina steiréitíopa eitneach ach a bhfuil an rógaire de mhac óg oiriúnach ar an svae a thabhairt leis i ngach radharc a bhfuil sé ann.

Baintear súp as Éire agus Nua-Eabhrac na gcaogaidí a chur os ár gcomhair le cultacha agus cairteacha sainiúla, cuidsúlach na tréimhse. Briseadh ar an réalachas seo ar uairibh le radharcanna d’fhoirgnimh nua-aimseartha agus muna bhfuil ana-dhearmad orm, bhí radharc soiléir ar mhéadar uisce.

Tugann Saoirse taispeántas thar bearta uaithi. Is uirthi, agus ar a cumas aistoireachta, atá cuid mhaith den scannán ag brath. I radharc rince in Éirinn ag tús an scannáin, tá seat teann di a mhaireann ar feadh scaithimh fhada. Ní labhrann sí ach tugann a dreach léargas ar an gcoimhlint agus cumha atá inti, mar aon leis an tslí go bhfuil glactha aici lena cinniúint.

Nuair a thugann tubaiste teaghlaigh abhaile í agus nuair a thosaíonn an saol ag éirí go maith léi, tá uirthi cinneadh cruaidh a dhéanamh fanacht ar an bhfód dúchais nó an bád bán a thabhairt uirthi féin. Tá Ronan ar fheabhas ar fad i mbun an chúraim seo.

Níl an saothar gan locht, áfach. Ba thréimhse ghruama, chinniúnach, dhuairc iad na caogaidí nuair ab éigeann do mhórán an bád bán a thabhairt orthu féin, agus ar uairibh rith sé liom go raibh beagan á dhéanamh de dhuairceas na tréimhse agus eispéireas na n-eisimirceach. Tugtar le fios go bhfuil mil ar chuiseogach acu i ngach áit. Ina dhiaidh sin féin, is scannán gleoite é seo agus taispeántas den scoth ann ón gceann feadhna.

 

Féach an mhír phoiblíochta anseo 

Fág freagra ar 'Daonnacht, greann agus nádúrthacht ‘Brooklyn’'