DAONÁIREAMH 2016: Staid na teanga sa Ghaeltacht – Corcaigh, Maigh Eo, Port Láirge agus an Mhí

Tá anailís déanta ag Tuairisc.ie ar na figiúirí daonáirimh a d’fhoilsigh an CSO le léargas a fháil ar staid na teanga lasmuigh de na trí chontae Gaeltachta is láidre

DAONÁIREAMH 2016: Staid na teanga sa Ghaeltacht – Corcaigh, Maigh Eo, Port Láirge agus an Mhí

Tá a bhfuil ag tarlú ó thaobh labhairt na Gaeilge i Rinn Ó gCuanach difriúil óna bhfuil ag tarlú i bhformhór mór na gceantar Gaeltachta eile agus ardú 16.3% tagtha idir 2011-2016 ar líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge lasmuigh den chóras oideachais i bpríomhcheantar Gaeltachta Phort Láirge.

D’fhéadfadh fiú gur ardú níos mó ná sin a bhí i gceist sa Rinn ó tharla cuid bheag de thoghlimistéar Rinn Ó gCuanach a bheith lasmuigh den Ghaeltacht.


FÉACH TÁBLAÍ TUAIRISC.IE THÍOS


Tháinig laghdú mór, áfach, ar líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge lasmuigh den chóras oideachais i gcuid de na ceantair is láidre ó thaobh na teanga lasmuigh de na trí chontae Gaeltachta is láidre.

De réir anailís Tuairisc.ie ar na figiúirí is déanaí ó Dhaonáireamh 2016, tháinig laghdú 20.6% idir 2011-2016 ar líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge lasmuigh den chóras oideachais sa cheantar Gaeltachta is láidre i gCorcaigh, Gort na Tiobratan (Cúil Aodha).

Tháinig laghdú 10.1% ar líon na gcainteoirí Gaeilge laethúla lasmuigh den chóras oideachais sa cheantar is láidre ó thaobh na teanga i Maigh Eo chomh maith, agus an Ghaeilge ag dul ar gcúl go mór i gcónaí i nGaeltacht Mhaigh Eo.

Bhí titim mhór ar líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge lasmuigh den chóras oideachais i gceist freisin sa dara agus sa tríú toghlimistéar is láidre ó thaobh na teanga i Maigh Eo – Abhainn Bhrain (-27.7%) agus An Geata Mór Theas (- 28.8%).

In ainneoin an mheatha sin, tá Cnoc an Daimh (Ceathrú Thaidhg) anois imithe chun tosaigh ar Ghort na Tiobratan (Cúil Aodha) mar an ceantar is láidre ó thaobh na teanga, seachas Gaillimh, Dún na nGall agus Corca Dhuibhne.

40.3% de mhuintir Chnoc an Daimh a thug le fios in Aibreán 2016 gur cainteoirí laethúla Gaeilge lasmuigh den chóras oideachais iad, i gcomparáid le 37.4% i gCúil Aodha.

A mhalairt de scéal a bhí ann in dhá thoghlimistéar bheag i gCorcaigh inar tháinig ardú suntasach ar líon na gcainteoirí Gaeilge iontu idir 2011-2016, Claonráth (+24%) agus Ceann Droma (+7.7%).

Bhí na figiúirí maidir le Ráth Chairn i nGaeltacht na Mí seasmhach go maith agus laghdú 2.1% ar líon na gcainteoirí laethúla lasmuigh den chóras oideachais ann.

Laghdú mór a bhí i gceist sa cheantar Gaeltachta is mó in Uíbh Ráthach, Baile na Sceilg, mar ar tháinig laghdú 27% ar líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge lasmuigh den chóras oideachais idir 2011-2016.

PORT LÁIRGE

Tábla le Tuairisc.ie bunaithe ar fhigiúirí Dhaonáireamh 2016 ón CSO. *Toghroinn ina bhfuil cuid di lasmuigh den Ghaeltacht

MAIGH EO

Tábla le Tuairisc.ie bunaithe ar fhigiúirí Dhaonáireamh 2016 ón CSO.

CORCAIGH

Tábla le Tuairisc.ie bunaithe ar fhigiúirí Dhaonáireamh 2016 ón CSO. *Toghroinn ina bhfuil cuid di lasmuigh den Ghaeltacht

AN MHÍ

Tábla le Tuairisc.ie bunaithe ar fhigiúirí Dhaonáireamh 2016 ón CSO. Is iad an chuid de na ceantair atá sa Ghaeltacht amháin atá i gceist. 

CIARRAÍ THEAS


NA LIMISTÉIR PLEANÁLA TEANGA


PORT LÁIRGE

MAIGH EO

CORCAIGH

AN MHÍ

CIARRAÍ THEAS

Táblaí le Tuairisc.ie bunaithe ar fhigiúirí Dhaonáireamh 2016 ón CSO

 

Fág freagra ar 'DAONÁIREAMH 2016: Staid na teanga sa Ghaeltacht – Corcaigh, Maigh Eo, Port Láirge agus an Mhí'

  • Mánus

    Tá sé mí-cheart go mbeadh tuismitheoirí ag íoc go daor as páistí a chur ar choláistí Ghaeilge ins na ceantracha laga nuair nach bhfuil an teanga le cloisteáil ar na bóithre nó sna siopaí áitiúla. Bhíodh measúnú ar staid na Gaeilge sna tithe a thógann scoláirí á dhéanamh ag Roinn na Gaeltachta ach anois tá an fhreagracht sin ar na coláistí!