DAONÁIREAMH 2016: Laghdú suntasach daonra i gcuid de na ceantair Ghaeltachta is láidre

Is cosúil go bhfuil laghdú beag tagtha ar dhaonra na Gaeltachta oifigiúla ó 2011, ach laghdú suntasach atá i gceist i gcás chuid de na ceantair Ghaeltachta is láidre i gConamara agus i nDún na nGall

DAONÁIREAMH 2016: Laghdú suntasach daonra i gcuid de na ceantair Ghaeltachta is láidre

Census

Taispeánann na réamhthorthaí a eisíodh an tseachtain seo caite ó Dhaonáireamh 2016, a rinneadh i mí Aibreáin, go bhféadfadh go bhfuil laghdú beag tagtha ar dhaonra na Gaeltachta oifigiúla le cúig bliana anuas.  De réir Dhaonáireamh 2011, bhí 100,716 ina gcónaí i limistéar na Gaeltachta, méadú suntasach ó tuairiscíodh 95,503 duine a bheith ann in 2006.

Do réir mo chuid anailíse ar na réamhthorthaí a d’fhoilsigh an CSO tá an chuma ar an scéal go bhfuil daonra na Gaeltachta oifigiúla tite de bheagán agus go bhfuil 99,700 duine ina gcónaí i gceantair Ghaeltachta, agus an daonra tite faoi bhun an tairseach 100,000 a sáraíodh in 2011. Is ionann é sin agus titim de thart ar 1% i ndaonra na Gaeltachta oifigiúla le linn tréimhse inar tháinig méadú de 3.7% ar dhaonra an stáit.

Mar a bheifeá ag súil leis tháinig méadú sa cheantar a áirítear mar chuid den Ghaeltacht oifigiúil i gCathair na Gaillimhe:  ó 15,299 i nDaonáireamh 2011 go beagnach 16,200 i nDaonáireamh 2016. Tá 16% de dhaonra oifigiúil na Gaeltachta anois ina gcónaí i gcathair na Gaillimhe!

Mhéadaigh daonra an Achréidh chomh maith, ó 7,845 sa mbliain 2011 go dtí thart ar 8,000 in 2016. Tá Achréidh na Gaillimhe, an ceantar soir ó thuaidh de Chathair na Gaillimhe ina bhfuil an sráidbhaile Baile an Chláir ina lár, ar cheann de na ceantair Ghaeltachta is laige ó thaobh úsáid na Gaeilge.

Sna sráidbhailte taobh thiar den chathair tá méadú suntasach sa daonra: Bearna (+3%), Maigh Cuilinn (+6.7%) agus na Forbacha (+6.9%), Tá ardú chomh maith sa gceantar taobh thoir den Spidéal, an toghroinn ar a dtugtar Cill Aithnín (+4.4%). Tá an daonra sa chuid eile de Chois Fharraige seasta go maith, gan aon athrú ar fiú trácht air ó Indreabhán siar go Ros an Mhíl.

Tá titim bheag sa gCeathrú Rua (-1.4%) agus titim an-mhór i gceantar Chamais (-11.7%), i gCeantar na nOileán (-6.4) agus in Iorras Aithneach (-8.7%). Tá méadú beag i Ros Muc (+0.6%).

In iarthuaisceart Dhún na nGall, sa cheantar láidir Gaeltachta thart ar Ghaoth Dobhair, tá laghdú suntasach (-6.6%) tagtha ar an daonra le cúig bliana anuas, ó 6771 in 2011 go 6325 in 2016.

Tá méadú beag (+0.5%) in Iarthar Chorca Dhuibhne ach titim an-mhór (-10.7%) in Uíbh Ráthach. Ceantar  eile i gCúige Mumhain a bhfuil titim mhór (-8.6%) le tabhairt faoi deara ann ná an ceantar taobh thoir den Daingean, thart ar Lios Póil. Méadú (+2.6%) atá i gceist i gcás bhaile an Daingin féin agus an cheantair timpeall air.

Daonra na Fíorghaeltachta:

Sa tábla thíos léirítear an t-athrú daonra sna ceantair Ghaeltachta ina bhfuil an Ghaeilge láidir mar theanga phobail iontu, ceantair Ghaeltachta a mheastar stádas Catagóir A a bheith acu de réir chritéir an Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch (2007).  Léiríonn an tábla gur thit daonra na fíorghaeltachta ó 21,665 in 2011 go 20,847 in 2016. Is ionann sin agus laghdú de 3.8%. Fós féin tá daonra na gceantar Catagóir A fós beagáinín níos airde ná an daonra a tuairiscíodh 10 mbiana ó shin i nDaonáireamh 2006, mar a léirítear thíos i dTábla 1. 

Tábla 1: Athrú Daonra sna Ceantair Ghaeltachta i gCatagóir A

Ceantair eile Gaeltachta:

Tábla 2: Athrú Daonra sna Ceantair Ghaeltachta i gCatagóirí B/C

Conclúid:

Tá éis an méadú mór a tharla idir 2006 agus 2011 i ndaonra na Gaeltachta oifigiúla, tá an chuma ar an scéal go bhfuil laghdú beag (-1%) tarlaithe le blianta anuas.  Tá an daonra ag méadú, ní nach ionadh, sa chuid sin den Ghaeltacht oifigiúil atá sna heastáit tithíochta istigh i gcathair na Gaillimhe – thart ar Chnoc na Cathrach agus Tír Oileáin – agus tá méadú suntasach sna sráidbhailte ar imeall na cathrach: Maigh Cuilinn, Baile an Chláir, Bearna agus Na Forbacha.

Ar an taobh eile den chothromóid, tá laghdú suntasach tagtha ar dhaonra chuid de na ceantair Ghaeltachta i gCatagóir A,  na ceantair is láidre ó thaobh úsáid na Gaeilge sa tír – Iorras Aithneach (-8.7%), Ceantar na nOileán (-6.4%) agus Camas/Ros Muc (-4.9) i gConamara agus, i nDún na nGall, an ceantar láidir Gaeltachta thart ar Ghaoth Dobhair agus Gort an Choirce ar a dtugaim Iarthuaisceart Dhún na nGall (-6.6%).

Níl sna figiúirí seo ach meastachán, bunaithe ar na réamhthorthaí daonra a d’eisigh an CSO an tseachtain seo caite, do gach toghroinn (DED) sa tír. I gcás roinnt mhaith ceantar níl ach cuid den toghcheantar sa Ghaeltacht. Le meastachán a fháil bhain mé úsáid as Daonáireamh 2011 le fáil amach cén codán de dhaonra gach toghroinne ar cheart a áireamh sa Ghaeltacht. Mar shampla, ní raibh ach 68% de dhaonra an DED Baile an Sceilg (Ciarraí) sa Ghaeltacht, de réir figiúirí 2011. Le meastachán a fháil ar dhaonra na Gaeltachta i mBaile an Sceilg, thóg mé 68% den daonra a tuairiscíodh ó Dhaonáireamh 2016. Nuair a thagann an céad tuarascáil amach beidh figiúirí níos cruinne á gcur ar fáil do na ceantair sin, a bhfuil cuid díobh sa Ghaeltacht agus cuid díobh taobh amuigh di.

Fág freagra ar 'DAONÁIREAMH 2016: Laghdú suntasach daonra i gcuid de na ceantair Ghaeltachta is láidre'