Daonáireamh 2016 agus an Ghaeilge: Cad a dúirt siad?

Bhí go leor le rá ag idir pholaiteoirí shochtheangeolaithe agus lucht ghluaiseacht na Gaeilge faoi thorthaí Dhaonáireamh 2016 a foilsíodh inné. Seo blaiseadh dá raibh le rá ag cuid acu...

Daonáireamh 2016 agus an Ghaeilge: Cad a dúirt siad?

Aire Stáit na Gaeltachta, Seán Kyne

Is léir i bhfianaise thorthaí Gaeilge an daonáirimh a foilsíodh inné  go leanann na dúshláin shíoraí atá roimh an nGaeilge mar theanga mhionlaigh ar bhonn domhanda. Is gá ár gcuid iarrachtaí a threisiú tuilleadh – mar fhorais stáit, mar eagraíochtaí Gaeilge agus mar phobal i gcoitinne chun na dúshláin sin a cheansú. Is ea is mó seans go mbeidh toradh bisiúil ar ár gcuid iarrachtaí ar fad má ghlacann gach páirtí leasmhar go fonnmhar leis an deis chun a gcion a dhéanamh ar son na Gaeilge mar chuid d’fheidhmiú na straitéise, a bhfuil an próiseas pleanála teanga agus an polasaí don oideachas Gaeltachta mar chuid lárnach de.

Catherine Connolly, Nemahspleách

Catherine Connolly, TD, Cathaoirleach Choiste Oireachtais na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán

Is údar mór imní dom na figiúirí daonáirimh maidir leis an nGaeilge, go háirithe na cainteoirí laethúla Gaeilge. Níl anailís iomlán déanta agam ar na torthaí ach beidh mé á scrúdú agus beidh siad á bplé ag an gCoiste Oireachtais. Is cinnte anois gur gá athbhreithniú a dhéanamh láithreach ar an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge ina hiomláine.

An Coimisinéir Teanga Rónán Ó Domhnaill

Chuir an titim ar líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge lasmuigh den chóras oideachais agus an titim ar líon na ndaoine sa Stát a thug le fios go raibh Gaeilge acu díomá orm, ach níor chuir sé aon iontas mór orm. Má tá an Ghaeilge, nó teanga ar bith eile, le bheith beo bisiúil mar ghnáth-theanga labhartha, ní mór feidhm agus úsáid na teanga a éascú san oiread réimsí de ghnáthshaol an duine agus is féidir agus gach deis a thabhairt do dhaoine an Ghaeilge a úsáid ina ngnóthaí laethúla, a ngnóthaí leis an Stát féin san áireamh.

Pictiúr: Laura Hutton/Photocall Ireland

Gerry Adams, Uachtarán Shinn Féin

Léiríonn na figiúirí gur teip iomlán atá i bpolasaí an Rialtais. Chlis ar an Rialtas Bille na dTeangacha Oifigiúla a fhoilsiú go tráthúil  in ainneoin an iliomad gealltanas ón Taoiseach go ndéanfaí amhlaidh. Anuas air sin, diúltaíonn sé dul i ngleic le Buanchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán. Foilsíodh An Straitéis Fiche Bliain don Ghaeilge in 2010, a d’fhéach le líon na gcainteoirí a mhéadú ó 1.66 milliún mar a bhí go 2 mhilliún agus líon na gcainteoirí Gaeilge laethúla ó 83,000 go 250,000. Le heaspa spriocanna, maoirseachta, breathnóireachta ar a dhul chun cinn agus feitheoireachta ar a chur i bhfeidhm, ní nach ionadh gur cliseadh amach is amach air. Ní cuidiú é gur baineadh go géar ó fhorais Ghaeilge – ó 2008 go 2014 tháinig laghdú 89% ar bhuiséad na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán agus baineadh níos mó de arís i mbliana. Is léir anois go gcaithfidh an Rialtas féin dul i mbun gnímh go tapa chun stad a chur le meath na Gaeilge.

Seán Ó Coinn, Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge

Léiríonn an titim ar líon na ndaoine atá in ann an Ghaeilge a labhairt na dúshláin agus na deiseanna atá roimh Fhoras na Gaeilge agus earnáil na Gaeilge sna blianta amach romhainn. Cé go léiríonn na figiúirí go bhfuil titim bheag ann, tá 1,761,420 cainteoir Gaeilge in Éirinn go fóill agus is ábhar dóchais an méid sin.  Is ábhar imní an laghdú 11.2% atá tar éis teacht ar líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge atá lonnaithe i gceantair Ghaeltachta, go háirithe i gcontaetha Mhaigh Eo, Dhún na nGall agus Chiarraí. Léiríonn na figiúirí sin dúinn a leochailí atá an Ghaeilge sa Ghaeltacht. É sin ráite, seasann daonra iomlán na Gaeltachta ag 96,090 agus tá Gaeilge ag 66.3% den daonra sin. Ní mór dúinn an deis a thapú tríd na próisis phleanála teanga le dul i bhfeidhm ar an 33.7% acu sin nach bhfuil ag labhairt Gaeilge. Bhí tús lag ag forbairt na Straitéise sna blianta tosaigh de bharr cúrsaí geilleagair ach tá sé cheanneagraíocht Ghaeilge ann ó 2014 a dhíríonn go sonrach ar réimsí oibre éagsúla a chuireann deiseanna úsáide don Ghaeilge ar fáil. Le bunstruchtúir An Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 curtha i bhfeidhm, tá próiseas pleanála teanga in áit lena n-áirítear Limistéir Pleanála Teanga, Bailte Seirbhíse Gaeltachta, Líonraí Gaeilge agus an Polasaí don Oideachas Gaeltachta. Struchtúir iad atá á bhforbairt le tógáil ar líon na gcainteoirí Gaeilge sa Ghaeltacht agus taobh amuigh den Ghaeltacht. Is ábhar dóchais é líon na ndaoine óga (69.9%) idir 10 agus 19 atá in ann an Ghaeilge a labhairt, rud a léiríonn go bhfuil ag éirí le múinteoirí i roinnt mhaith dá scoileanna dul i bhfeidhm ar dhaoine óga. Tá sé soiléir mar sin féin gur gá amharc ar an gcóras oideachais lena fháil amach cad é mar is féidir dul i ngleic leis an aon trian den aoisghrúpa sin (30.1%) a mheasann nach bhfuil labhairt na Gaeilge acu i ndiaidh teacht tríd an chóras oideachais.

Pictiúr: Sam Boal/Rollingnews.ie

An Teachta Dála agus iar-aire Gaeltachta, Éamon Ó Cuív

Is údar mór imní na figiúirí seo ó léiríonn siad meath na Gaeilge i ngach réimse — tá níos lú daoine ag maíomh go bhfuil an teanga acu agus go labhraíonn siad ar bhonn laethúil í. Is cúis bhuartha ar leith é an meath atá tagtha ar líon na gcainteoirí Gaeilge atá sa Ghaeltacht. Níl torthaí Dhaonáireamh 2016 chomh maith céanna leis na treochtaí dearfacha a tháinig chun cinn i nDaonáireamh 2011. Idir 2006 agus 2011, mhéadaigh líon na ndaoine a thug le fios go raibh Gaeilge acu faoi 7.1% go 1.77 milliún, ach bhí titim beagnach 1% ann le cúig bliana anuas. Bhí ardú 5,000 duine i nDaonáireamh 2011 ar líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge, ach tá titim 3,382 ar an bhfigiúr seo le cúig bliana anuas. Tá na treochtaí diúltacha céanna le feiceáil sa Ghaeltacht. Is mór an náire teip Fhine Gael an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge a chur i bhfeidhm, mar sin féin, is léiriú é ar an easpa spéise sa Ghaeilge a bhí ag rialtais Fhine Gael i gcaitheamh na mblianta.”

An Dr John Walsh, sochtheangeolaí

“Is údar imní iad na torthaí seo ó Dhaonáireamh 2016 toisc go léiríonn siad titim de shaghas éigin, agus titim shuntasach uaireanta, sna céatadáin thábhachtacha go léir: cainteoirí laethúla lasmuigh den chóras oideachais, cumas sa Ghaeilge sa Ghaeltacht agus minicíocht úsáide na Gaeilge sa Ghaeltacht. Tá an titim mhór san úsáid laethúil lasmuigh den chóras oideachais sa Ghaeltacht an-suntasach ar fad. Lasmuigh den Ghaeltacht níor tharla ach titim an-bheag – beagán níos mó ná 1% – i líon na gcainteoirí laethúla lasmuigh den chóras oideachais, rud a léiríonn go bhfuil breis seasmhachta faoi labhairt na Gaeilge sa tír trí chéile ná mar atá sa Ghaeltacht. Spreagann na staitisticí seo ceisteanna faoi pholasaí teanga an stáit, go háirithe faoi chur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain, a leag síos spriocanna míréadúla nach raibh aon bhunús teangeolaíoch leo. Chomh maith leis sin, ní léir go raibh tionchar dearfach go dtí seo ag an bpróiseas pleanála teanga sa Ghaeltacht ná sna háiteanna scaipthe eile inar bunaíodh Líonraí Gaeilge”.

Pictiúr: RollingNews.ie

Peadar Tóibín, urlabhraí Gaeilge Shinn Féin sa Dáil

Níor tharla sé seo trí thimpiste. Tharla sé de bharr na neamhairde iomlán a dhéanann an rialtas den Ghaeilge. Tá cuid de na staitisticí an-duairc ar fad. Níl nach mór trian de dhaoine atá idir 17-18 bliain d’aois (40,626) in ann Gaeilge a labhairt. Tá 25% de thuismitheoirí ag éileamh oideachais dá bpáistí trí mheán na Gaeilge, ach níl ach 5% dár scoileanna ina nGaelscoileanna. Níl an dara rogha ag daoine ach Béarla a úsáid agus iad ag plé leis an státchóras. Baineadh an t-uafás airgid d’earnáil na Gaeilge. Tá Aire don Ghaeilge againn nach bhfuil sásta glacadh le ceisteanna anseo trí Ghaeilge. Trí mhí ó shin ní raibh a fhios ag an Aire Stáit le cúram na Gaeilge cé mhéad cainteoir Gaeilge a bhí ann sa stát, nó an raibh ag éirí le spriocanna na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge. Is léir dúinn anois go bhfuil líon na gcainteoirí Gaeilge ag laghdú in ionad a mhalairt – tá titim 4.4% ar líon na gcainteoirí Gaeilge a úsáideann go laethúil taobh amuigh den chóras oideachas í. Cúis imní eile ná an titim 11% ar chainteoirí laethúla na Gaeilge sna Gaeltachtaí. Cathain a rachaidh an Rialtas i ngleic leis an ngéarchéim seo? Is léir go bhfuil an rialtas ag teip ar lucht labhartha na Gaeilge, pobal na Gaeltachta, ár n-oidhreacht, agus ár dtodhchaí mar thír dhátheangach a chosaint faoi mar a bhí beartaithe sa Straitéis.

Niall Comer

An Dr Niall Comer, Uachtarán Chonradh na Gaeilge

Is léir nach bhfuil ag éirí le cur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge 2010-30, go mbaineann cuid mhaith den fhreagracht seo le heaspa infheistíochta sa Straitéis ag Rialtas na hÉireann ó 2010, agus go bhfuil cruachás cruthaithe sa Ghaeltacht dá bharr. Nuair a thugann Rialtas faoi straitéis nua in aon earnáil eile, ar nós na straitéise um fhorbairt tuaithe le déanaí, déantar measúnú ar an maoiniú atá ag teastáil leis an straitéis a chur i bhfeidhm agus cuirtear buiséad breise ar fáil.  Bhí an Straitéis 20 Bliain do Ghaeilge 2010-30 lochtach ón tús mar gheall nach ndearnadh sin. Ní amháin nach ndearnadh sin ach baineadh an-chuid maoinithe ón dá ghníomhaire stáit leis an bhfreagracht is mó leis an straitéis a fheidhmiú (laghdaíodh buiséad caipitil Údarás na Gaeltachta ó 18 milliún in 2010 go €7 milliún in 2016 agus laghdaíodh buiséad Fhoras na Gaeilge ó €18.2 milliún in 2010 go €14.5 milliún in 2016). 

Conchúr Ó Giollagáin

An tOllamh Conchúr Ó Giollagáin, sochtheangeolaí agus duine d’údair Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch na Gaeltachta

Ní mór dúinn fanacht go bhfaighidh muid an fhianaise ag leibhéal na dtoghrann go ndéanfaidh muid an anailís chatagóireach ar na cineálacha éagsúla Gaeltachtaí, ach is féidir dhá rud a rá ag an tráth seo. An chéad rud, go bhfuil fianaise ghinearálta sna torthaí ó Dhaonáireamh 2016 go bhfuil an creimeadh ar an nGaeltacht ag gluaiseacht go tréan i dtreo an dul i léig, de réir mar a bhí á thuar sa Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht in 2007 agus aríst sa Nuashonrú in 2015. An dara rud, go bhfuil baint ag laghdú an daonra i gcontaetha áirithe le creimeadh labhairt laethúil na Gaeilge sna contaetha céanna. Faightear léiriú eile in eisiúint na dtorthaí seo ar a neamhábhartha is atá Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge do chúinsí sonracha na Gaeltachta.

Fág freagra ar 'Daonáireamh 2016 agus an Ghaeilge: Cad a dúirt siad?'

  • Mánus

    Teastaíonn Straitéis dos na “cineálacha eagsúla Ghaeltachtaí” mar a ghlaonn Conchúr O Giollagáin urthu. Is deacair aon athbheochaint a láinseáil sna breacGhaeltachtaí atá fágtha (ie. ceantracha Catagóir B agus A”) nuair atá ceantracha iarGhaeltachta Catagóir C ar nós Béal an Mhuirthéid, Cnoc na Cathrach, Tír Oileáin, Máigh Chuilinn, Baile Chláir na Gaillimhe, Inis Ní, Glinsce/An Caiseal, Baile Chonaola srl sa n”Gaeltacht Oifigiúil”. Aisteach go bhfuil an teanga náisiúnta seasamhach sa nGalltacht, a húsáid ag fás go hidirnáisiúnta ach an meath ag méadú sa “Ghaeltacht” oifigiúil.