Daoine óga in Éirinn níos míshásta leis an saol ná mar atá daoine óga i bhformhór tíortha eile – suirbhé idirnáisiúnta

Daoine in Éirinn atá 15 bliana d’aois níos míshásta leis an saol ná mar atá daoine san aoisghrúpa céanna i 29 den 42 tír agus réigiún a ghlac páirt i suirbhé nua de chuid an WHO

people-1132524_1920

Tá daoine óga in Éirinn níos míshásta leis an saol ná mar atá daoine óga i bhformhór tíortha agus réigiúin eile.

Léiríonn suirbhé nua de chuid WHO, an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte, go bhfuil daoine in Éirinn atá 15 bliana d’aois níos míshásta leis an saol ná mar atá daoine san aoisghrúpa céanna i 29 den 42 tír agus réigiún a ghlac páirt sa suirbhé, International Health Behaviour in School-aged Children.

Lucht taighde in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, a rinne cuid na hÉireann den mhórsuirbhé idirnáisiúnta.

Léiríonn an tuarascáil nua go bhfuil Éire i measc na gceithre thír a bhí ag bun an liosta maidir le líon na ndaoine óga a mheas go raibh tacaíocht mhaith á fáil acu óna muintir.

Tugann an suirbhé le fios chomh maith go bhfuil Éire i measc na 14 thír a bhí ag bun an liosta maidir le líon na ndaoine óga a mheas go raibh tacaíocht mhaith ar fáil acu óna lucht aitheantais atá ar comhaois leo.

Bhí Éire i measc na ndeich dtír a bhí ag barr an liosta maidir le líon na ndaoine óga a bhíonn i mbun cumarsáide ar bhonn laethúil lena gcairde ar na meáin shóisialta.

De réir an tsuirbhé, bhí Éire i measc na ndeich dtír ag bun an liosta maidir le líon na ndaoine óga a thug le fios go ndéanann siad bulaíocht ar dhaoine óga eile ar scoil.

Tugtar le fios sa tuarascáil go ndéantar cibearbhulaíocht ar Éireannaigh óga ar a laghad dhá nó trí huaire in aghaidh na míosa agus deirtear go bhfuil fadhb na cibearbhulaíochta níos measa i measc an aoisghrúpa is sine.

Bhí Éire i measc an 12 thír is airde ar an liosta ó thaobh líon na ndaoine óga a mhaígh go n-itheann siad torthaí gach lá agus bhí na hÉireannaigh óga i measc na ndaoine óga is lú a fhéachann ar an teilifís.

I gcomparáid le tíortha eile, tá bearna mhór in Éirinn idir líon na mbuachaillí agus líon na gcailíní a thug le fios go mbíonn siad i mbun aclaíochta, agus mhaígh i bhfad níos mó buachaillí ná cailíní go mbíonn siad i mbun aclaíochta gach lá.

De réir an tsuirbhé bíonn níos lú Éireannaigh óga ag ól alcóil agus ag caitheamh tobac ná mar a bhíodh.

Fág freagra ar 'Daoine óga in Éirinn níos míshásta leis an saol ná mar atá daoine óga i bhformhór tíortha eile – suirbhé idirnáisiúnta'

  • padraig

    ‘….bhí na hÉireannaigh óga i measc na ndaoine óga is lú a fhéachann ar an teilifís’, is deacair dom e sin a chreidiuint! On aithne ata agamsa ar roinnt daoine oga is anduiligh teilifise iad agus sobalchlair is ansa ar fad leo. B’fheidir go bhfuil a thuilleadh acu ann na feachann ar lochrann an amadain ach ta an dream seo ‘gainne an-togtha go deo leis, is ro-eagal liom.