Daoine ag maireachtáil in aice le chéile faoi shíocháin – sin é a bhí á thuar 20 bliain ó shin…

Tá sé thar am deireadh a chur le tiarnas na bparaimíleatach aontachtach, mar a léirigh na bagairtí ar Chaitlicigh i gclós Cantrell in oirdheisceart Bhéal Feirste

Daoine ag maireachtáil in aice le chéile faoi shíocháin – sin é a bhí á thuar 20 bliain ó shin…

Ré úrnua.

Sin é a bhí á thuar scór blianta ó shin. Ré nua an dóchais agus an athmhuintearais. Daoine ag maireachtáil in aice le chéile faoi shíocháin. Agus comhar na gcomharsan.

An deireadh seachtaine seo áfach tá teip na haislinge sin follasach i gceantar i mBéal Feirste. Ceithre theaghlach imithe as a dtithe cónaithe in eastát imeasctha de bharr imeaglaithe ar bhonn creidimh. Tá na bagairtí ar Chaitlicigh i gclós Cantrell in oirdheisceart Bhéal Feirste cáinte go forleathan ach faraor ní cor neamhchoitianta é.

D’fhógair an Fheidhmeannacht Tithíochta i lár na seachtaine gur chuir roinnt teaghlach in iúl dóibh go raibh siad gan dídean de bharr imeaglú seicteach.

Tháinig sé chun solais gur thug póilíní cuairt ar cheithre theach lena chur in iúl do dhaoine go raibh siad i gcontúirt. Ní raibh an PSNI toilteanach mionsonraí a nochtadh ná a dhearbhú gur mhol siad do na teaghlaigh Chaitliceacha an ceantar a fhágáil. Ach d’imigh na teaghlaigh mar gur chreid said nach mbeidís sábháilte. Níor dhúirt an PSNI cé a bhí freagrach as an mbagairt ach cuireadh an milleán ar pharaimíleataigh an UVF.

Mar bharr ar an donas tharla an t-imeaglú gránna seo in eastát ‘speisialta’. Tógadh Clós Cantrell mar eastát imeasctha mar chuid d’infheistíocht Stormont i sochaí chomhroinnte. Bhí sé in ainm agus a bheith saor ó shuaitheantais, bratacha agus comharthaí bagracha de gach cineál. An samhradh seo thart áfach cuireadh bratacha an UVF in airde ann. Ba léir go raibh na Caitlicigh agus cuid mhaith de na Protastúnaigh san eastát míshuaimhneach faoi na bratacha. Mhaígh an feisire Parlaiminte ón DUP, Emma Little Pengelly nár theastaigh “fuss” ó na háitritheoirí faoin scéal; níor baineadh anuas aon bhratach. Níor tugadh aird ar mhaíomh nach mbeadh sé sábháilte gearán a dhéanamh go hoscailte faoi chrochadh na mbratach.

Dúirt fear ó theaghlach amháin a d’fhág an baile go bhfuil siad ag cur fúthu le cairde agus súil acu le teach buan san athbhliain nuair a bheidh an dara páiste acu. Teaghlaigh óga is ea na daoine eile freisin, is cosúil.

Tá imeaglú ar strainséirí coitianta, inimircigh go speisialta.

San ré gheal ghlórmhar síochánta seo tá barbarthacht na dtrioblóidí thart den chuid is mó, ach tá brúidiúlacht fós forleathan. De réir an staidrimh is deireanaí fágadh 1,300 líon tí gan dídean sna trí bliana idir 2012 –2015 de bharr bagairtí ó pharaimíleataigh agus b’amhlaidh do bhreis is 150 teaghlach eile de bharr imeaglú seicteach.

Níl seans ar bith go dtógfar sochaí bhisiúil fad is a chuirfear suas le hiompar den sórt seo, cuma cé atá freagrach. Tá i bhfad an iomarca foighde léirithe le paraimíleataigh dhílseacha atá in ainm is a bheith ‘ag athrú’. Ta ‘an t-athrú’ seo ar siúl le breis is scór blianta agus daoine fós sáite i gcoiriúlacht. Dhá lá sular tháinig an t-imeaglú i gClós Cantrell chun solais thug na póilíní agus an Áisíneacht Náisiúnta in Aghaidh Coiriúlachta eolas faoi fheachtas an tascfhórsa in aghaidh na bparaimíleatach. Tá luach ceathrú milliún punt, beagnach, de dhrugaí (£230,000) gafa acu le dhá bhliain chomh maith le gunnaí agus luach leathmhilliún punt de shócmhainní. Is maith sin mar thús ach is beag is fiú é más féidir le daoine gan ainm, faoi choim na hoíche páistí, mná agus fir a ruaigeadh as ceantar mar chruthúnas ar cé atá i gceannas.

Tá sé thar am deireadh a chur lena dtiarnas. Ní dhéanfaidh póilíneacht aisti féin an gnó cé go bhfuil gá le feachtas na bpóilíní a neartú. Tá gá le hathrú ar mheon an phobail agus na bpolaiteoirí. Caithfear tearmann agus leithscéalta a cheilt ar na dreamanna go léir a imríonn ansmacht ar chomharsanachtaí agus ar cheantair feasta.