Danny Chóil Dan Ó Flatharta 1974-2017 – ealaíontóir uasal lena stíl dhrámatúil féin

Ealaíontóir neamhspleách, ildánach a bhí i Danny ó Flatharta a raibh a chuid tuairimí féin aige faoin saol

Danny lena fhéinphortráid ag taispeántas i 2005.           Pic: Seán Ó Mainnín

Ar maidin Dé Sathairn, an 29 Iúil 2017 baineadh geit as pobal Chonamara agus na Gaeltachta ar fad, nuair a bhris an scéal faoi bhás an ealaíontóra cháiliúil, Danny Chóil Dan Ó Flatharta as Cuileán, An Cheathrú Rua, Co. na Gaillimhe.

Rugadh Dan sa bhliain 1974. Fuair sé a chuid oideachais ar an gCeathrú Rua agus ina dhiaidh sin in Institiúid Teicneolaíochta na Gaillimhe agus Mhaigh Eo. Chaith sé seal sa gcoláiste freisin i dTrá Lí agus i Luimneach.

Ina óige d’imir Dan peil faoi aois don Cheathrú Rua agus ba chúl báire iontach a bhí ann. Ba san ealaín a bhí a dhúil i gcónaí, áfach.

D’éirigh go hiontach leis sa cheard sin agus taispeánadh a shaothar ag seónna aonair agus grúpa in áiteacha go leor ar fud na tíre agus thar lear, ina measc, an Ghearmáin agus an Bhreatain Bheag. I mbliana bhí a shaothar ar taispeáint ag ‘Testing’ sa Catalyst Arts i mBéal Feirste. Anuraidh bhí a shaothar le feiceáil ag ‘Earth is our Chrysalis’ i nGaillimh agus ag Mark ll, Artlink i nDún na nGall.

Fear neamhspleách, ildánach a bhí i Dan a raibh a chuid tuairimí féin aige faoin saol. Bhain a chuid ealaíne leis an nádúr, leis an timpeallacht agus leis an duine féin: cé muid féin, cad as a tháinig muid agus cá bhfuil muid ag dul? Níor leasc leis freagraí a lorg in áiteanna dorcha agus na freagraí a d’aimsigh sé a roinnt ar chanbhás ina stíl dhrámatúil féin. Ba é an pictiúr a rinne sé de féin agus é thíos i gcónra, an ceann ba dhrámatúla ar fad acu, pictiúr inar léirigh sé gur ionann sin agus an ceo, ‘Aon lá amháin den duine is sine’ mar a deir an file.

File den scoth a bhí i Dan freisin. Thaitin an ceol thar cionn leis, chuile chineál ceoil, ó Kila go Nick Cave agus Billie Holiday, agus, ar ndóigh ceol na hÉireann agus leithéidí Luke Kelly.

Is é an rud is measa ar fad ná nach raibh an fear ach trí bliana agus dhá scór. Ní raibh sé ach ina thús agus bhí sé ag éirí níos fearr an t-am ar fad. Meastú céard iad na pictiúir mhóra a bheadh déanta aige sna blianta amach romhainn? Anois ní bheidh a fhios againn go deo, agus is mór an peaca é sin.

Maireann a dheartháir Pádraic (Jessie) agus a pháirtí Siobhán, a dheirfiúr Bernie agus a fear céile Brian, a ghaolta agus a chuid cairde dílse. Slán leat a Dan agus a ndéana Dia grásta ar d’anam cruthaitheach uasal.

Fág freagra ar 'Danny Chóil Dan Ó Flatharta 1974-2017 – ealaíontóir uasal lena stíl dhrámatúil féin'