DÁN: Pádraig Ó Fiannachta le Liam Prút

Foilsítear anseo dán a chum an file Liam Prút in ómós do Phádraig Ó Fiannachta in 2001. Cailleadh an Monsignor Ó Fiannachta an tseachtain seo caite…

Pádraig Ó Fiannachta
Pictiúir: portraidi.ie

Pádraig Ó Fiannachta

le Liam Prút

Pheann tú na milleoin focal –
nós an Chadhanaigh –
chun go mairfeadh an teanga:
Maireann sí i bpríosún
docht ár gcroí
agus nuair a shaorfar í
beidh sí tnáite bánghnéitheach
is in ísle brí
nó an mbeidh sí lán
de do rún díocais
díoltais
is amhail as buidéilín?

          (5a.m.)    09:07: 2001

Nóta: Foilsíodh in An Sagart, Samhradh, 2002 agus in Comhar, Feabhra, 2003 agus in Cnap-Uaisle, Coiscéim, 2008.

Fág freagra ar 'DÁN: Pádraig Ó Fiannachta le Liam Prút'