DÁN: I gCuimhne ar an nGinideach Iolra faoi Shéimhiú…

Tagann ‘crith chos is lámh’ ar an ‘Fíodóir Focal’ nuair a chuimhníonn sé ar ‘an teanga seo leath-lomtha gona séimhiú caite i dtine chnámh’

DÁN: I gCuimhne ar an nGinideach Iolra faoi Shéimhiú…

‘Ní shéimhítear an dara hainmfhocal más sa ghinideach iolra atá sé’
– An Caighdeán Oifigiúil, Iúil 2016

Tagann crith chos is lámh orm
is caoinim tuile dheor,
gan aithne shúl agam
ar an teanga seo leath-lomtha
gona séimhiú caite i dtine chnámh.

Tá mil bheach is céir bheach
bainte de na beacha beaga
i ngach coirceog bheach sa tír
is ní chloistear geoin bheach níos mó.

Níl leaba phrátaí á cur,
ná clais phrátaí in aon ghort;
níl glac phrátaí ná cloch phrátaí le fáil,
ná mias phrátaí ar aon bhord.

Druideadh gach scoil chailíní is scoil bhuachaillí,
gach scoil chártaí is scoil chearrbhach,
agus cuireadh deireadh leis an oíche chártaí,
chomh maith le cúrsáil chon is troid choileach,
rásaíocht chapall is iascaireacht bhradán.

Tá an ainriail i réim, agus an Stát fágtha
gan seirbhís chúirteanna, cinsireacht fhoilseachán,
cáin ghnóchan caipitiúil is cáin fháltas caipitiúil,
gan trácht ar cháin bhrabús corparáide.

Níl scoil mhaicréal ná ráth mhaicréal inár bhfarraigí,
agus tá iascaigh dhiúilicíní is iascaigh bhradán ligthe i léig,
cléibh fhaochóg is cléibh fhataí caite i leataobh,
poill chrúbóg is poill choiníní líonta,
agus cosáin ghiorraithe is cosáin choisithe druidte.

Tá pinsin bhaintreach is liúntais bhaintreach dulta i laghad,
ach costais bhord sláinte is caiteachais chomhairlí contae dulta i méid;
tá oifigigh chustam is údaráis bhóithre bailithe leo,
bunachair shonraí bánaithe is sealúcháis bhanc scaipthe,
is gan cuntais bhaincéirí ná leabhair chuntas ann níos mó.

Tá bolláin chloch is carnáin chloch le ceangal,
agus sean-ghalláin chloch na tíre leagtha,
gan iontu anois ach sliogáin bheaga chloch.

Ach éireoidh na focail féin amach,
cloisfear toirm chos is geoin ghadhar,
liodáin phaidreacha is rois mhallachtaí;
beidh glac thairní ag gach ginideach iolra a bhí séimh tráth,
cromfar ar throid bhataí is ar throid phící,
beidh an leabhragán is an leabharlann ina láthair chaismirtí
agus caithfear riail an díshéimhithe i dtine chipíní;
céasfaidh plá mhíoltóg is claimh mhíol cleas an Chaighdeáin
is cuirfear an séimhiú sinseartha i réim arís.

Fíodóir Focal,
Meán Fómhair 2016

Fág freagra ar 'DÁN: I gCuimhne ar an nGinideach Iolra faoi Shéimhiú…'

  • maire

    B’fhiú é a mharú ar son dán cumasach mar seo a ghiniúint. Dá gcuirfeadh séadaire nó coiste eile séideog bheatha ann anois arís, an spreagfadh sé bé na filíochta an athuair?

  • Buille faoi Thuairim

    Antain Mac Lochlainn? Vincent Morley? An Nua-Dhuinníneach?