Dán faoi thábhacht logainmneacha Gaeilge cumtha ag Comhairleoir Contae chun tacú lena rún

Dúirt Pa Daly, comhairleoir contae de chuid Shinn Féin, dán dá chuid féin ag cruinniú de Chomhairle Contae Chiarraí in iarracht tacaíocht a chomhghleacaithe a fháil do logainmneacha Gaeilge an chontae

Dán faoi thábhacht logainmneacha Gaeilge cumtha ag Comhairleoir Contae chun tacú lena rún

Dúirt comhairleoir contae i gCiarraí dán dá chuid féin ag cruinniú de chuid na Comhairle Contae agus rún á chur faoi bhráid na Comhairle aige a thabharfadh tús áite do logainmneacha Gaeilge ar chomharthaíocht bhóthair sa chontae.

Scríobh Pa Daly, comhairleoir contae de chuid Shinn Féin, dán inar chuir sé síos ar an bpróiseas athainmnithe a bhí ar bun sa naoú céad déag in Éirinn agus léarscáileanna na tíre á dtarraingt ag Arm na Breataine, agus léigh sé amach do na comhairleoirí eile é.

Glacadh leis an rún a chuir Daly os comhair na Comhairle go dtabharfaí “tús áite don Ghaeilge” ar chomharthaíocht nua sa chontae. Is é sin le rá, sa chás go mbeadh an leagan Béarlaithe de logainm an-chosúil leis an mbunleagan Gaeilge, leithéidí Chathair Saidhbhín agus Chill Orglan, nach mbacfaí leagan Béarla den logainm a chur ar chomharthaíocht nua, agus i gcásanna eile go mbeadh an Ghaeilge níos mó agus níos feiceálaí ná an Béarla.

Seo thíos an dán a chum Daly agus a léigh sé ag an gcruinniú:

At a match in Gníomh go Leith
I asked a local to translate
But just the anglicised version was he
able to relate

A gníomh it is five acres
Go leith makes 7.5
But maintaining English spelling
Means that the Gaelic is not. . . alive

The spelling of gneeve
It pierced me like a thorn
But there was worse than that to come
When I passed through Gattabawn

Bhí ár teanga dhúchais cosúil le
drúcht ar fud na tíre
Ach le brat an Bhéarla orainn tá na caora
Scaipithe ón Aoire

Léigh mé faoi logainm
Agus go bhfuilid dofheicthe
Agus cén fáth atá an . . . new version
Clóite in airde

The anglicised version is like
An assault upon the ears
The placenames’ truth disguised
By the Royal Engineers

No the business interests say
It is marketing and it’s nice
But the colonisers’ grip
Is a stultifying device

So we’re stuck with names like Beaufort
Snave and Newtownsandes
And I’d be the first to say
That they do sound very grand

But I’m for Lios a’ Phúca
Snámh, Maigh Mheáin agus Cathair Saidhbhín
Cill Orglan, An Gleann Gearr
Gleann Beithe agus Bealach Oisín

But look around the country
To the towns that bucked the trend
Have visitors to Port Laoise
Driven down a dead end?
Have trucks for Dún Laoghaire
Failed to catch the ferry
Or misread the road signs
And for the road to . . . Londonderry?

I’m asking councillors and management
To do what’s surely right
And the coloniser’s legacy
At last we’ll surely spite
Withstand the business interests
Ignore the greasy purse
And rid us for all time
Of this coloniser’s curse

We can see there’s been an erosion of tradition
Brian Friel called it a sort of eviction
The seanchas in Kerry we like to hold so tight
But the title of our placenames was where we lost the fight
To the empire’s engineers who came from over the waves
Now we should take action our heritage to save

Cé gur glacadh leis an rún, is beag tionchar a bheidh aige dáiríre ar chomharthaíocht bhóthair i gCiarraí. Is é Údarás na mBóithre Náisiúnta a riarann comharthaíocht bhóthair an stáit agus tá rialacha daingne sa reachtaíocht faoi chur i láthair na logainmneacha.

Fágann an rún gur “polasaí teicniúil” de chuid na Comhairle a bheidh sa pholasaí seo feasta.